Ar eití an aeir

Cad tá sa cheol a ghabhann láithreach i bhfeidhm ort?

Tá amhrán iontach ag Chuck Berry ina bhfuil na focail “Roll over Beethoven/and tell Tchaikovksy the news”.

Amhráin iontacha ar fad is a bhí riamh ag Chuck Berry, ach samhlaíonn tú go bhfuil dúshlán á thabhairt aige sa cheann áirithe seo.

Cé go raibh sé i bhfíorthús rocanróil tá sé fós ag seinneamh go rialta agus rinne turas idirnáisiúnta suim bheag blianta ó shin.

Tá seo nach mór dochreidte nuair a chuimhnímid ar na réaltaí go léir a tháinig is a d’imigh idir an dá linn.

READ MORE

Is beag ógánach ar chúl sceiche nó ar chúinne sráide nár labhair ceol a linne leis, ar shlí nár labhair ceol pé glúine a tháinig roimhe.

Nuair a thosnaigh rocanról bhí caille leamh Frank Sinatra agus Bing Crosby á stracadh agus á réabadh aige. Cé gur burlachán ramhar ba ea Bill Haley agus gur mhinic é ina shuí le linn coirme ceoil, agus gur geall glib a chuid gruaige le heireaball na muice, fós féin nuair a bhioraigh “Shake, Rattle and Roll” do chluasa, níorbh fholáir dod chosa cromadh ar luascadh is ar phreabadh is ar do sprid ar phrinceam agus ar phramsáil.

Is é a bhí á áiteamh acu, ní hea amháin go raibh deireadh le siúcra Pat Boone agus le crónán Johnny Mathis ach go raibh deireadh le ceol mar earra a bhain leis an meánaicme nó leis an uasaicme amháin. Ní fhéadfaí é a rá níos soiléire ná “Roll over Beethoven/and tell Tchaikovsky the news”.

Gaol casta atá agam féin leis an gceol clasaiceach céanna. Níor chuireas riamh culaith moncaí orm chun éisteachta leis, cé go ndeirtear liom go bhfuil níos fearr dá réir.

Ná níor éist mé riamh le hiomlán Der Ring des Nibelungen, gach cúig uaire an chloig déag de thar cheithre oíche.

Níorbh iad na gardaí cultúir lasmuigh den teach ceoil in Bayreuth ba mhó ab eagal liom, ach na fir leis na cótaí bána.

Is maith liom gnéithe den opera, go háirithe na háirianna cáiliúla sin idir na sleachta fada ina bhfuil olagán mall á dhéanamh agus daoine a sáitear le scian ag briseadh amach ina rachta amhránaíochta.

Is dócha go bhfuilimse ar nós na gcéadta de mhílte eile a dtaitneann na sleachta gearra pop-insealbhaithe leo, leithéidí an reamhcheoil le William Tell Rossini agus an Óid don Aoibhneas Beethoven agus Eine Kleine Nachtmusik Mhozart , ach nach leomhfadh suí go socair fad gach n'fhad de Siansa uimhir a 3 le Mahler.

Go deimhin féin, is beag duine a éisteann le Messiah Handel gach Nollaig ina ghiotaí gearra a bhfuil a fhios acu gur saothar é a mhaireann dhá uair an an chloig, agus dá mhéid is a sheolann an tAililiú mé go cranna na spéire is a ghluaiseann ar eití an aeir sinn, braithim i gcónaí go bhfuilim ar nós an té a phiocann na risíní as an gcíste milis nó an mharcaigh a léimeann ar dhroim an chapaill nuair atá an duais in aice láimhe.

N’fheadar an bhfuil aon bhóthar ard simplí chun measa an cheoil mhóir, ach an oiread is nach bhfuil aon chóngar chun na céimseatan, mar adúirt an fear eile.

Ní móide go bhfuil aon Readers Digest, (nó 'Listeners Digest' sa chás seo ann) chun breith ar an draíocht go hiomlán.

Tharla, leis, mé san Fhionlainn le déanaí, mar a bhím, agus thug mé turas ar an teach inar rugadh agus inar tógadh Sibelius. Beidh codanna de Shibelius cloiste ag cách, agus tá gach seans ann gur baineadh earraíocht astu i bhfógraí earraí ar an teilifís.

Bhí bean óg ag seinneamh léi go fada bog binn ar an bpianó sa seomra suite, agus bíodh nár aithin mé pioc de, bhí suaimhneach nuair a d’oir, bríomhar ann is as, soghluaiste ar ball, ag triopallacht ar feadh tamaill, mall mánla ina dhiaidh sin, agus go deimhin ag clangaireacht go clingideach nuair ba dhóigh leat gur cheart duit an ball a fhágaint.

Chuaigh i bhfeidhm orm ar feadh na huaine, agus ós ní é nach raibh tuairim dá laghad agam cad a bhí ann, conas mar a mhúsclódh an chuid eile dá shaothar mé, gach nóta de na seacht gcinn de shiansaí, breis agus 100 amhrán, gan trácht ar an iliomad píosa ócáidiúil a chum sé?

Cad tá sa cheol a ghabhann láithreach i bhfeidhm ort, beag beann, ba dhóigh leat ar an timpeallacht chultúir is ar na smaointe a ghluaiseann ar an ngaoith?

Is é, gur deacair trácht ar an gceol. Níl aon teanga lasmuigh de theanga an cheoil féin atá inchurtha, ineolga, inmheasta leis. Gabhann an ceol go díreach chun na sprice. Is féidir labhairt faoi, ach ní aon chabhair í an chabaireacht chéanna.

An fiú an tairbhe an trioblóid, nó an mbeidh mé i dtaobh le Chuck Berry go brách?