Aonach na gCapall

Is minic a shílim gur duine den lucht siúil mé féin an chaoi a dtéim ó aonach capall go haonach capall


Is minic a shílim gur duine den lucht siúil mé féin an chaoi a dtéim ó aonach capall go haonach capall ar fud na hÉireann nó ar fud Leath Mhogha ar chaoi ar bith: Aonach Chnoc na hÚrchoille i gCo. an Chláir; Aonach an Phoic i gCill Orglan; Aonach Chathair Mhaí i gCo. Chorcaí; Aonach an Tí Dhóite i gConamara; Aonach na gCapaillíní ar an gClochán; Aonach Oileán Ciarraí; agus, ar ndóigh, an ceann is mó ar fad, Aonach Bhéal Átha na Sluaí.

Ní hé go gceannaím capaill ná aon tsúil mar sin agam ach gur maith liom an t-atmaisféar: an seó capall os mo chomhair, an gleo is an chuachaíl.

Agus, ar ndóigh an boladh. Fearacht gach n-aoin is breá liom a bheith ag coisíocht i measc na n-ainmhithe ag bualadh bosanna orthu; ag leagan mo láimhe ar a bprompaí is ar a gceathrúna nó síos fána sliasta; ag strac-oscailt a mbéil is ag dearcadh ar a gcáir fhiacla.

Sea, a mhaisce, ag ligean eolais orm agus ag cur eolais.

READ MORE

Is breá liom freisin a bheith ag dearcadh orthu seo a bhíonns i láthair, ag breathnú ar a gcuid goicí agus ag éisteacht lena gcuid canúintí is bladair.

Ní hé feisteas na mban a shantaím mar gur fir is mó a thaithíonn na láithreacha seo, gnáthmhuintir na tuaithe agus ní mar mhainicín a bhíonn duine ar bith acu gléasta.

Cé go gcuirim suim sa bhfeisteas: na cótaí is cultacha troma dorcha móide na buataisí crua a chaitear mar chosaint ar an gcac. Is mó fós an tsuim a chuirim sa cheannbheart: na caipíní, cáibíní is hataí clipideacha.

Ní hé an snó sláintiúil a bhíonn mar scim agam ach na héadain síonbhuailte; gaothbhuailte, grianbhuailte, fearthainnbhuailte. ‘Gus is scim liom na fásanna.

Is iad na fásanna ina ndoirne thar aon ní eile, na géagáin fhuinseoige nó coill, a nochtaíonn an cine.

Mar nach aon earra neafaiseach a fhás ag fear, é chomh cúramach leis le camán agus chomh ceanúil air is a bhíonn sé ar a chompánach mada.

Agus, an dóigh, is áin liom cluas a thabhairt don mhargaíocht. Cé go bhfeicthear dhom nach mbíonn sí sin chomh suntasach is a bhíodh; mar nach mar a chéile aontaí an lae /inniu le haontaí an lae inné, ar mhó de sheónna anois iad.

Cé go dtiomsaíonn dornán daoine ar an láthair a luaichte is a thosaíonn sáraíocht agus lasctar bosanna ar an tseanchaoi, ach gur cur i gcéill is cleasaíocht é seo amanta agus ní óltar béiléistí mar a dheantaí fadó.

Dáiríre píre na haontaí anois níl iontu ach iarsmaí de na haontaí fadó nuair a thionóltaí aonach ins chuile pharóiste, mórán, chuile mhí.

An t-am sin freisin ba ghnách nach mbíodh ar aonach ach aon chineál amháin ainmhí – capaill nó beithígh nó muca – cé go mba ghnás caoirigh chomh maith le beithígh a bheith ar aon aonach ach cuid ar leith den gharraí gamhain a bheith acu.

Ach an lá atá inniu ann is ócáidí sóisialta thar rud ar bith eile iad, traidisiúin, ócáidí cultúrtha, agus is iondúil go mbíonn chuile chineál ar spáint idir asail is ghabhair chomh maith le capaill; coileáin mhadraí, cearca, lachain is eile ar an imeall; úmacha is bréagáin as éadan a chéile; cábáin is seastáin.

Agus fear na dtrí chárta, ar ndóigh, is fear chleas na lúb; fear na méaracán is cailleacha feasa, ar bhaill dílse de chuid aonaigh iad sin fós, a gcuid oibre in ainm is a bheith in aghaidh an dlí agus go ndéanaid sifleáil leo ó láthair go láthair má fheictear garda sa chomharsanacht.

Ach, déanta na fírinne, is beag tóir a chuireann na húdaráis orthu an lá atá inniu ann.

Chuile cheann de na haontaí seo bíd ag fógairt gurb é féin an t-aonach is seanda ní hamháin in Éirinn ach san Eoraip.

Agus is cinnte go ngabhann siad ar fad siar píosa fada sa stair agus go bhfuilid barrlán le miotais is finscéalta.

Is é Aonach Bhéal Átha na Sluaí, ámh, an t-aonach is mó díofa sa mhéid is go maireann sé seachtain; cé nach mbíonn capaill ar an láthair ach i gcaitheamh trí lá díofa, an Domhnach, an Luan agus an Satharn.

Ach bíonn siamsaí eile ar siúl san idirlinn: comórtaisí ceoil, rincí, tarraingt téide, caitheamh cruifí is mar sin de.

Ón 3ú-10ú Deireadh Fómhair a bheas an t-aonach seo ar siúl i mbliana. Maidin Luain is Shathairn bí ann go luath le go bhfeicfidh tú an ghrian ag éirí, anáil na n-ainmhithe mar chuisne draíochta san aer.