Anthony agus Anthony eile

Is beag idir bua agus díomua


Sa bhosca tráchtaireachta i bPáirc an Chrócaigh a bhí Anthony Daly Dé Domhnaigh. Bí cinnte de go raibh an Anthony eile, Anthony Cunningham na Gaillimhe, ag coinneáil súil ghéar ar imeachtaí. Shamhlóinn go rabhadar ag santú na taobhlíne, an samhradh ciorraithe orthu beirt ag Tiobraid Árann.

Tá deireadh oifigiúil le téarma Cunningham ach tá sé ag iarraidh seal eile. 2012 ab fhearr a bhí aige. Craobh Chúige Laighean tugtha siar den chéad uair riamh agus dhá dheis ar chluiche ceannais na hÉireann.

Dá n-éireodh leis, an mbeadh aon chaint ar aon Anthony eile i nGaillimh? Ach, mar is iondúil don treibh, tar éis seal iontach thuas, tháinig seal mór thíos. Drochbhliain anuraidh agus arís i mbliana.

Sa chluiche ceathrú ceannais a chuir Tiobraid Árann Daly de dhroim seoil. An meallfar siar é? Ní maith le lucht iomána na Gaillimhe dul rófhada ó bhaile ag iarraidh bainisteora. Eisceachtaí a bhí i leithéidí Ger Loughnane agus John McIntyre. Tá siadsan agus tuilleadh imithe agus níl Liam tagtha fós.

READ MORE

An bhfuil an iomarca milleáin á chur ar bhainisteoirí na Gaillimhe? Ó 1988 tá naoi bhfoireann bainistíochta tar éis triail Gaillimh a thabhairt go barr an chnoic. Cén uair a thosófar ag cur freagrachta ar na himreoirí?

Cé go mbíonn sár-laethanta acu – smaoineamh ar an gcath iontach in aghaidh Chill Chainnigh an samhradh seo – shílfeá go minic go mbíonn siad plúchta. Contae Laoise an t-aon fhoireann a bhuail siad sa chraobhchomórtas i mbliana agus ní raibh oiread áiméan eatarthu ar chlár na scór.

Anuraidh, ar an lá a sciob Anthony Bhaile Átha Cliath Craobh Laighean ó Anthony na Gaillimhe bhíodar ar comhscór agus 15 nóiméad imeartha. Bhí Gaillimh ocht gcúilín taobh thiar ag leath ama. Easpa ceannasaíochta, freagrachta agus muiníne ar an bpáirc. An rud céanna a tharla sa dá chluiche ceannais in aghaidh Chill Chainnigh an bhliain roimh ré.

Táthar ann a déarfadh gur an iomarca athrú bainistíochta atá ag criogadh na Gaillimhe. Tá imreoirí nua cosúil le Jason Flynn agus na Burkes ag Cunningham agus is léir go bhfuil fís fhadtéarmach aige. Ach céard é fís in aghaidh gaiscíoch?

Rug Anthony Daly greim muiníl ar iomáint Bhaile Átha Cliath. Nuair a thosaigh sé i 2008, diabhal mórán spéise a bhí ag an bpobal sa sliotar. 1938 an uair dheireanach a ghnóthaigh Baile Átha Cliath craobh na hÉireann. Fear amháin as an ardchathair a d’imir ar an bhfoireann sin, Jim Byrne. Faoi ré Daly b’as Baile Átha Cliath mórchuid na n-imreoirí, cé is móite leithéidí Niall Corcoran agus Ryan O’Dwyer agus mheall sé peileadóirí. Tháinig craobh sraithe agus chuaigh siad go dtí cluiche leathcheannais na hÉireann sa deireadh i 2011.

Mar fhocal scoir, cuimhnigh go raibh Gaillimh sé chúilín chun cinn agus 50 nóiméad imeartha in aghaidh Thiobraid Árann ag tús mhí Iúil. Tá a fhios againn uilig cén deireadh a bhí ann agus is iad fir Eamon O’Shea a bheidh sa chluiche ceannais. Dá mba rud é gurbh é Tiobraid Árann a cuireadh as an gcraobhchomórtas i mí Iúil, agus ní Gaillimh, is dóigh gur ansin a bheadh Anthony Daly á sheoladh, agus ní siar go Gaillimh. Is aisteach an mac é an saol.

Man U abú? Ní fhéadfadh sé bheith níos measa. Sin a deir Louis Van Gaal tar éis gur buaileadh Manchester United 2-1. Sa bhaile. In aghaidh Swansea.

Ach bhí ábhar imní ann ón tús. Nuair a fógraíodh na himreoirí, chonaic muid Tyler Blackett agus Jesse Lingard ar an gclár. Ní rabhadar ann mar gurbh imreoirí óga iontacha iad, ullmhaithe don stáitse ba mhó ar domhan. Bhíodar ann de bharr an méid imreoirí gortaithe a bhí ag United agus ceal imreoirí nua. Tá Angel De Maria agus Aruto Vidal luaite ach ní dóthain iad a lua. Chaill Alex Ferguson a chéad chluiche le United chomh maith, fadó ó shin.

Mar sin, d’fhéadfaí a rá nach raibh aon dochar ann ach ní buille mór síceolaíoch a bhí sa mbualadh a fuair Ferguson. Níor chaill United an chéad chluiche den séasúr ag Old Trafford ó bhí 1972 ann! Ní hé nach raibh aon dea-scéala ann do Van Gaal.

Fuair an captaen nua Wayne Rooney cúl spleodrach a chuir beocht sa slua. Botúin sheafóideacha a scaoil isteach dara cúl Swansea agus murach gur bhuail cic saor Rooney an cuaille, d’fhéadfadh sé gur ag caint ar athbheochan United a bheadh muid an tseachtain seo, seachas á gceistiú.