An tost gan scagadh

Taifead is ea an ealaín ar mhothúcháin na ndaoine


Ní fiú a bheith leis. Is beag duine ansin amuigh nach bhfuil ar son na cinsireachta. Baintear anuas an screamh agus ardaítear an ghearb.

Níl aon duine ag iarraidh go mbeadh an t-ardán céanna ag a chuid tuairimí féin agus tuairimí buile an duine thall.

Tionscadal ann féin é tionscadal na leithscéalta. Ná bac le: ‘Ní aontaím in aon chor ná ar chor ar bith le do chuid tuairimí, ach cosnóidh mé go brách go mbeidh cead agat iad a chur os ard.’

Yea, raight, laidhc, sea. Tá tuairimí dainséaracha go breá fad is nach bhfuil siad dainséarach.

READ MORE

Bhí seal in Éirinn ina raibh cead agat amhrán ar bith a rá.

Is cuimhin liom aint liom ag canadh The Lonely Woods of Upton, agus ba dhóbair dom deora a shileadh. Ní hé nach raibh a guth go sárbhinn, mar bhí, ach bhí na focail agus an ceol chomh leamh sin nach mór ná go mbeifeá ar son na mBlackantans.

Agus bhí cinn eile ann a tharraing sreanga as íochtar na putóige agat, go háirithe ar chlár Waltons a raibh Maggie agus Johnny ag déanamh suas le chéile ar an ngeata in aice an sciobóil gar don chlaí taobh leis an mbuaile agus tú ag dúil go dtitfeadh siad sa chlábar síos ionas go bhféadfaí satailt orthu – le pléisiúr.

Ach ar na Waltons céanna sin bhí amhráin eile a chuaigh as, nó a múchadh, nó a balbhaíodh ar feadh na mblianta.

Ceann díobh ba ea The Bold Fenian Men a bhí dearmadta go héag agam gur chuala leagan de ó Mhuirinn Nic Amhlaoibh le déanaí.

Níor cheapas go bhféadfaí a athbheochan chomh greanta beoga sin.

Bhraitheas uirthi nár chuala sí féin é ach oiread leis na glúnta Gael ar ceileadh amhráin na hÉireann orthu ó thús na 1970í nuair a cromadh ar an doircheacht chinsireachta a chur i bhfeidhm. Thit ciúnas amhránaíochta anuas ar Éirinn le breis agus 40 bliain.

Ní móide go raibh aon dochar ná binbfhuath ag baint leis an té a chanadh Seán South of Garryowen in íochtar na hoíche tar éis crúibíní bhean an tí a chogan, ach an oiread leis an gcuid eile againn a cheoladh The Sash nuair a thagadh an fonn sin orainn.

Bhíomar iolrach inchlúisibh sular cuimhníodh ar an lipéad gránna sin gan bhrí.

Tógadh tua an chinsire amach, an tua sin a rabhthas chomh mór sin in earraid leis nuair is leabhair bheaga bhoga john mcgahern agus edna o’brien agus mary lavin agus seán o’faolain agus an marquis de sade agus fraud agus freud a bhíothas á cháiseamh.

An craiceann a bhí faoi their tráth den saol, an gunna ina dhiaidh sin, is pé focail friotail nach maith leat anois.

A liacht sin de bhlianta an tsaoil! A mhéid sin d’fhaisin mhachnaimh!

B’ait go léir linn cuid de na poirt a seinneadh nuair a bhí an tArm ag gluaiseacht trí Shráid Uí Chonaill Luan Cásca agus ár gcuid polaitieoirí ag féachaint orthu “nodding and smiling like mini-Stalins” mar a scríobh Wesley Boyd sa nuachtán seo.

Bhí Óró 'sé do bheatha 'bhaile á cheol le fórsa is le gealadhram, bíodh nár thuig go leor daoine cén saghas duine í Gráinne Mhaol le fírinne.

Gan aon amhras, áfach, is é The Foggy Dew amhrán mór na Cásca, idir bhualadh an cheoil agus buille na bhfocal. Ceaptar gurb é an Canónach Charles O'Neill a chum na focail agus iad ag dul ar aon ghuth le fonn nach bhfuil neamhchosúil le The Moorlough Shore, nó Ar Thráigh Múghorna nach bhfuil neamhchosúil le Down by the Sally Gardens a ghoid Yeats ón traidisiún, nach bhfuil neamhchosúil le….siar amach.

Níl a fhios agam ar chum an fear céanna aon amhrán eile, ach is leor ‘hit’ amháin do dhuine ar bith a ghabhann i bhfeidhm ar an slua.

Nach maith mar a cheap sé gurbh fhearr troid a dhéanamh faoi spéartha na hÉireann ná ‘ag Suvla nó Sud-El-Bar’?

Casadh is ea Britannia's Huns ar an dtuiscint a bhí ag na Briotanaigh ar a naimhde. "While the world did gaze in deep amaze, at those fearless men, but few": b'fhíor dó, mar las sé solas na saoirse ar fud an domhain, má thóg sé leathchéad bliain eile é sin a chur i gcrích.

Chuala leagan álainn Gaeilge de á chanadh ag Des Geraghty le déanaí, agus is trua nach bhfuil eolas níos fairsinge air.

Leathnaigh ciúnas náireach ar fud na hÉireann le 40 bliain anuas maidir lenár n-oidhreacht amhrán.

Nuair a d’fhiafraigh WB Yeats de féin fadó “Did that play of mine send out/Certain men the English shot?” B’é an freagra gonta: ‘No, Willie, níor dhein.’

Ach taifead is ea an ealaín ar mhothúcháin na ndaoine, agus níor cheart an siosúr a imirt orthu sin in ainneoin tionscadal na leithscéalta.