An Titlíoch i mbun filíochta

Mhaithfeá do scríbhneoirí próis na Gaeilge a bheith in éad uaireanta leis an údar bisiúil ildánach Alan Titley.

Ba é an dála chéanna é ag iriseoirí na Gaeilge nuair a thosaigh an Corcaíoch ag cur a cholúin Crobhingne ar fáil don nuachtán seo.

Ach anois, agus a chéad chnuasach filíochta, Rabhadh! Dánta (Coiscéim) foilsithe aige, is faoi na filí é súil fhormadach a chaitheamh ar shaothar an Titlígh.

Scríobh Titley tráth go raibh cumann na bhfilí ar nós na Moonies, go raibh sé furasta fáil isteach ann ach i bhfad níos deacra iad a fhágáil.

READ MORE

B'in é ba chúis leis an bhfanacht fhada ar a chéad chnuasach, nó munar eagla roimh Moonies na filíochta é cad ba chúis leis?

Líne chun Dé
"Ní fhéadfainn dul i gcomórtas leo, mar níl aon líne dhíreach chun Dé agam. Cheapas go raibh filíocht á scríobh an t-am ar fad agam, ach cheap daoine eile gur prós a bhí ann," a deir sé.

Cé go bhfuil dánta i Rabhadh! Dánta a scríobhadh chomh fada siar leis na 1970í, is le deich mbliana anuas a thosnaigh sé ag díriú i gceart ar an bhfilíocht a chumadh. Cad a d'imigh air?

“Tuigeadh dom go raibh sé i bhfad níos deacra liricí beaga gonta a scríobh ná úrscéalta móra fada 300 leathanach, agus bhí an dúshlán sin de dhíth orm,” a deir sé.

Deirtear go mbíonn an chuma uaireanta ar an scríbhneoireacht is fearr nár bhain an oiread sin bráca léi, ach gur a mhalairt ar fad atá fíor.

Beidh áthas orthu siúd a bhfuil éad iontu a chloisteáil nach amhlaidh an scéal i gcás Titley: “Tagann go saoráideach chugam, faraor, b’fhearr nach dtiocfadh. Laige de chuid na laigí iomadúla atá agam é. Tá sé fuiriste scríobh, ach i bhfad níos deacra rud éigin a rá.”

Bíonn cuid mhaith le rá ag Alan Titley i gcónaí.

Maidir le filíocht na Gaeilge, deir sé go bhfuil sí "níos sláintiúla ná mar a bhí ó thosnaigh rabharta INNTI agus a cuid garlach", ach gurb é is gátaraí do litríocht na Gaeilge faoi láthair "ná go mbeadh na filí ina scríbhneoirí, agus na scríbhneoirí ina bhfilí".

Baoth
Ní maith leis an tuairim "bhaoth amaideach" gur "neach i leataoibh ón gcine daonna is ea an file" agus nach féidir leis an scríbhneoir gach trá a fhreastal.

“Chuala file ag rá gur scríbhneoir próis go príomha é Liam Ó Muirthile toisc gur fhoilsigh sé úrscéal! Agus file eile fós ag rá gur ‘thréig’ Tomás Mac Síomóin an fhilíocht ar son an phróis!

“Uaireanta rithfeadh sé leat gur cheart do dhaoine áirithe fanúint sa bhaile agus cúpla leabhar a léamh. Níl aon bhearna idir an prós agus an fhilíocht ach bearna teicníce. Agus is féidir le gamal ar bith í sin a thrasnú.”

Nuair a thagann smaoineamh chuige féin, an mbíonn a fhios aige láithreach cé acu a dhéanfaidh sé dán, nó scéal, nó dráma nó colún? “Bíonn. Ach bím ag iarraidh gan ghéilleadh dó. Sin é an fáth gur filíocht is ea mo chuid úrscéalta agus gurb úrscéalta iad mo chuid filíochta agus gur drámaí iad na gearrscéalta agus gur colún gach rud faoin saol.”

Ach caithfidh go mbíonn mianta difriúla aige do dhán ná mar a bheadh aige do mhír phróis?

“Bím ag súil go bhfeicfeadh daoine an fhilíocht agus go gceannódh siad an prós,” a deir sé.

SEÁN TADHG Ó GAIRBHÍ