An Réabhlóidí Faiseanta

Shiúil Yevtushenko, file, ar imeall na faille idir an stát Sóivéadach agus an tsaoirse cainte


Fuair Yevgeny Yevtushenko bás an tseachtain cheana. Ceart go leor, tusa amuigh ansin nach léann filíocht, ní mheánn sé brobh. Ach dúinne ar feadh tamaill, b’é an guth eile é, an guth ailtéarnach, an guth nach gcloistí abhus.

Míniú leis seo: file Rúiseach ba ea Yevtushenko a shiúil ar imeall na faille idir an stát Rúiseach Sóivéadach agus an tsaoirse cainte a cheapaimidne atá againn.

Rugadh é sa bhliain 1933, agus tháinig in aois fir i rith blianta deiridh Stailín, tháinig slán ina dhiaidh sin trí bhlianta leathleáite Kruschev, blianta liatha Bhreshneiv, agus blianta gan chuimhne Andropov agus mo dhuine eile cad ab ainm dó an fear ramhar, agus Gorbachov agus Yeltsin, agus a bhfuil de rialtas Tsárach sa Rúis faoi láthair.

Ní foláir nó tá cuimhne fós ar na paidreacha a deirtí ag deireadh an Aifrinn ar son iompáil chreideamh na Rúise ar ais nuair a bhí an cumannachas in airde láin, agus cé déarfadh nár éirigh leo?

READ MORE

Níor ghá gurb é an toradh faoi láthair an rud a rabhthas ag súil leis, áfach.

Is maith gur tháinig Yevtushenko slán, cé go raibh filí eile nach raibh buíoch dó.

Samhlaítear gur duine in aghaidh na bunaíochta is ea an file. Is róbhaol nach ea. Duine in aghaidh na bunaíochta a bhíodh san fhile tráth dá raibh, mar is eol don chat.

Cén file inniu a chuireann éamh suas in aghaidh an chiníochais ghránna, i gcoinne an tsoláthair shealadaigh do theifigh a mhaireann scór bliain ar arán tirim agus leite chaol, a phleancann maoithe bhog an airgid mhóir a stiúrann an stát?

Cibé aighnistí beaga deasa atá againn inniu, dar linn, ní tada iad le hais a raibh le fulaingt ag scríbhneoirí na Rúise.

Ní raibh de shuim ag an Iarthar, áfach, ach sna scríbhneoirí sin a bhí in aghaidh an rialtais. Bhí Pasternak go hiontach toisc gur bronnadh an duais Nobel air, ach gur cuireadh iachall air diúltú di.

Agus thit gach duine i ngrá le hOmar Sharif nó le Julie Christie sa scannán de Dr Zhivago, ag brath ar an gclaonadh a bhí aige.

Ina dhiaidh sin bhí Solzhenitsin ina bhuachaill bán mar thug leadradh don rialtas stalcaithe iarStailíneach, ach a bhí chomh cáinteach céanna ar amaidí is ar thomhaltóireacht gan chuibheas an Iarthair.

Ba ghairid gur déanadh dearmad air mar Sholzenitzin.

Bhí an chuma ar Yevtushenko go raibh an dá thrá á fhreastal aige, go raibh sé liom leat. Níor bhroic an intinn dhénáireach le hearra chomh casta leis sin.

Léigh mé úrscéal Julian Barnes The Noise of Time le déanaí. Baineann le crá croí agus le hiomrascáil Shostakovich i láthair an uafáis, i láthair na deachtóireachta a chuir as do dhaoine gan choinne gan leithscéal.

Bhí caolchúis agus tuiscint agus íogaireacht ann. Cuirtear Shostacovich agus Stravinsky in aghaidh a chéile mar bheirt a roghnaigh bóithre éagsúla, duine a d’fhan, agus duine a d’fhág.

Ach d’fhan formhór na mórchumadóirí Rúiseacha sa tír in ainneoin na cúinge. B’fhéidir nach raibh ann ach go raibh grá tíre acu, mar a bhíonn grá teanga ag scríbhneoirí nach dtréigeann an rud is dual dóibh ar son na bpotaí óir.

Bhí de phribhléid agam Yevtushenko a chloisint ag léamh a chuid filíochta uair amháin. Bhí paisean agus díocas agus comáint ann, mar a bhíonn san fhile is fearr.

Thóg mé anuas leabhar beag a chuir Penguin amach a bhí agam ó chionn fada sa tsraith sin ‘Modern European Poets’, agus léigh mé le fonn é arís.

In ainneoin an Bhéarla, chuala mé smut dá ghuth i lúib an aistriúcháin laistigh.

Tá na dánta sin fós beo, iad áititheach, scéaltach, liriciúil.