An pholaitíocht nua

Ní léir dúinn cad tá ar siúl inár dtimpeall, agus é os comhair ár dhá súil


Is minic go mbíodh an t-aos eolach abhus ag magadh faoin gcineál polaitíochta a bhí againn ó dheas.

Is é sin le rá go raibh seanfhaiseanta, as dáta, gan a bheith de réir na nósmhaireachtaí idirnáisiúnta.

B’é an gnás go roinnfí an pobal idir clé agus deas, agus mura raibh tú clé ná deas ná i lár an bhóthair mar a leagtar daoine, ní raibh tú ar an aonach in aon chor.

Bhí polaitíocht an Stáit ag leanúint chlaonta an chogaidh chathardha, nó ‘cogadh na gcarad’ atá chomh haoibhinn mí-oiriúnach mar lipéad leis na ‘trioblóidí’, nó ‘éigeandáil’ an chogaidh mhóir bharbartha.

READ MORE

Is fíor go raibh leathpháirtithe eile ann ó am go chéile, agus siogairlíní ag sileadh, agus fóda a ghluais ón bportach mór, ach b’é an cogadh cathardha an buachaill mór.

Áitíodh orainn gur cheart dúinn teacht chugainn féin, ‘fás suas’ fiú amháin, a bheith chomh maitiúir le gach duine eile amuigh ansin.

Níor tugadh faoi deara gurb ionann ‘gach duine eile amuigh ansin’ agus an Bhreatain, nó an Fhrainc, nó roinnt eile de thíortha leithinis bheag chaol na hEorpa.

Níor tugadh faoi deara gurb í gnáthpholaitíocht na dtíortha a bhí faoi lasc an choilíneachais ná gur fhás páirtithe as an gcaidreamh nó an neamhchaidreamh a bhí acu leis an tseanchumhacht impiriúlach.

B’é a dhála sin againne é.

Ba chosúla ár n-éirim pholaitíochta agus a raibh ar siúl, mar shampla, in Hindustan (mo leithscéal, An India anois), nó ar fud na hAfraice agus na codanna sin den Áise ar leagadh cosa troma orthu.

D’fhás dhá pháirtí mhóra abhus, ceann acu, mar dhea, a bhí níos compordaí le siombail agus le seanmheirgeacha an tseanréimis, agus ceann eile a bhí níos amhrastúla i dtaobh a raibh de bhagáiste na seanaigne á iompar, déarfá, againn. Má tá sin mós simplí, bíodh, ach sin iad na tuiscintí a bhí thuas.

Mura bhfuil aon mhórdifear anois idir an dá pháirtí sin ach an oiread is atá idir Gogaille agus Gú tá scáil a gcuid préamhacha ag dathú beagán éigin den reitric bhog a scaoileann siad amach.

Ní den chéad uair, áfach, a fheicimid go bhfuil smut éigin den cheart againn maidir le leagan amach polaitíochta de. Ní deas agus clé an dá fhoirceann atá ag stiúradh dioscúrsa poiblí an domhain níos mó, má bhí riamh.

Is gá é a rá go lom is go hard arís, agus arís: ‘It’s not the economy, stupid.’

Níorbh é saibhir agus daibhir a thug ar an mBanríocht Aontaithe bogadh amach ón Aontas Eorpach. B’iad na hinimircigh iad, a amadáin!

Ná níorbh iad lucht airgid in aghaidh lucht na n-easpa maoine a thug ar na Stáit Aontaithe guthanna a chaitheamh leis an dTrumpadóir.

Ba líonmhaire iad na daoine gan speilp a vótáil ar son an bhilliúnaí mhóir seachas iad siúd a thacaigh leis an bhilliúnaí beag.

B’iad na himircigh iad arís, a amadáin!

Is é sin le rá, tá polaitíocht na féiniúlachta – pé brí agus pé cumraíocht a chuirimid air sin – tagtha ar ais i gceartlár an ghoirt ar fud na hEorpa, mar a bhí riamh ar fud an domhain.

Sin mar atá san Ollainn, sa bhFrainc, san Ungáir, sa Pholainn, agus go híre bheag éigin i ngach áit eile.

Agus ceangailte leis sin ar fad, tá ceisteanna eile iomaí a leanann atá i leataoibh ón tseandeighilt sin, ‘deas’ versus ‘clé’.

Tá samhlú na n-éliteanna ann atá os cionn na coitiantachta, mionlaigh ag clascairt a chéile, céimithe ollscoile nach dtuigeann daoine gan phribhléid, iad siúd a bhfuil tithe acu mar mhalairt ar lucht cíosa a íoc.

Uaireanta ní léir dúinn cad tá ar siúl inár dtimpeall, agus é os comhair ár dhá súil.