An leithscéal déanach

Nuair a aiséireofar sinn, buailfidh na leithscéalta orainn caol díreach sa phus


Nuair a ghabh Dáithí Camshrónach (nó David Cameron duitse) leithscéal ar son Domhnach na Fola i nDoire, déanadh iontas ní hea amháin gur tharla sé 40 bliain ródhéanach, ach gur tharla sé in aon chor.

Is fíor go raibh mungailt áirithe timpeall ar chuid den fhriotal nuair a mhaígh sé gur dócha “on balance” gurbh iad saighdiúirí na Breataine a thionscain an lámhach, ach chun a cheart a thabhairt dó, dúirt sé ‘Tá brón orm’ lom amach.

Thóg sé 150 bliain ar an mBlár Cogaidh (an cuimhin leat é?) a rá go raibh lámh ag na Sasanaigh sa ghorta mhór, óir ‘na daoine a bhí ag rialú i Londain san am, theip orthu ina ndualgas.’

Tá sé ráite sa mhuileann ráflaí gur thairg sé cúpla mála prátaí mar chúiteamh, ach séantar é sin go hoifigiúil.

READ MORE

Ní raibh aon cheann de na leithscéalta seo chomh hoscailte croíbhrúite le Willy Brandt na hIarGhearmáine ag dul ar a dhá ghlúin ar leacracha Gheiteo Vársá sa bhliain 1970, agus na deora lena shúile faoinar dhein arm a thíre le linn an chogaidh mhóir bharbartha.

B’é Shinzo Abe na Seapáine a mheabhraigh seo dom nuair a thug sé turas ar Chuan an Phéarla (nó Wai Momi mar a thugadh na daoine a mbíodh cónaí orthu ann air) go díreach roimh dheireadh na bliana seo d’imigh tharainn.

Gan amhras, níor ghabh sé leithscéal. Dhein sé comhbhrón mar gheall ar na daoine a maraíodh nuair a d’ionsaigh Impireacht na Seapáine cabhlach na Stát Aontaithe ann ar mhaidin mhí-ámharach úd 1941.

Dúirt sé go raibh súil aige go dtabharfadh seo sólás d’anamnacha na ndaoine a thit san ár, agus is cinnte go raibh hósannanaí ag teacht aníos ó ghrinneall na farraige nuair a chualathas an bhláirnis bhreá sin.

Fairis sin, dúirt sé, i bhfocail cibé giolla a bhreac an óráid dó: “We must never repeat the horrors of war again.”

Is ea, ar mh’anam, agus ar na hanamnacha sin a cuireadh go tóin phoill, agus dar cnísc, agus dar leabhar éigin, agus am briathar móide, nach álainn an ráiteas é?

Ach ar chreid sé focal de? Nó ar chreid an Beairic Ó Buama aon siolla den mhilseog a leag sé siúd ar an gclár nuair nár ghabh sé leithscéal ar son Hiroshima mí na Bealtaine seo caite ach an oiread?

Is fíor go bhfuil National Sorry Day acu san Astráil ar son a gcuid cionta sa tslí ar caitheadh le bundúchasaigh na críche – go háirithe na páistí sin a goideadh óna muintir d’fhonn iad a ghealú – cé go mbeadh amhras ar dhuine maidir leis an sorry atá orthu.

B’fhéidir nach smaoineamh iontach é dul amach le cearca ascaille pórtair agus beorach is a bheith pulctha le hól ag an mbarbaiciú is ag gabháil dhá thaobh na sráide ar na stártha go ceolmhar abhaile d’fhonn leorghnímh a dhéanamh san uafás a himríodh ar na Kalkadungaigh, Bairindjigh, Undainbigh, Gungu-Yimidirigh, Aidjiniúraigh, Djiúlagúraigh, Bugalmaraigh agus eile agus eile agus eile. Bíodh cóisir againn, gabhtar leithscéal, agus tá sin ceart go leor anois, nach bhfuil?

Smaoineamh i bhfad níos simplí atá agamsa. Nílim ag iarraidh go mbeadh uachtarán nó tsár nó sabhdán nó príomhaire nó ardchathaoirleach nó rí nó banríon féin ag gabháil leithscéil i gcionn 100 nó 200 bliain eile ar son uafáis dhomhaite éigin atá sna pleananna ag uachtarán nó ag tsár nó ag sabhdán (lean ort…) anois.

Níl sna leithscéalta iarstairiúla seo ach cneasú thar ghoimh na haimsire seo. Dá scaoiltí seol na staire siar is ródhócha gurbh é a leithéid chéanna a tharlódh.

Nuair a aiséireofar sinn as na fuaradáin reoite, buailfidh na leithscéalta orainn caol díreach sa phus.