An Fionnlaoch ag comóradh shaighdiúirí na hÉireann

Comóradh ar an Chogadh Mór

Thug Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley TD, cuairt ar an Bheilg Dé Luain le comóradh a dhéanamh ar thús an Chogaidh Mhóir agus ar pháirt shaighdiúirí na hÉireann sa choibhlint sin.

Thug sé cuairt ar an taispeántas nua 14-18 i Músaem na Staire Míleata i bPáirc an Cinquantenaire sa Bhruiséil agus cuairt ar Mhúsaem Messines, Páirc Síochána Oileán na hÉireann ag Messines (grianghraf ar deis) agus ar an Músaem In Flanders Fields ag Ypres.

Agus é ann, chonaic sé Taifid Chuimhneacháin na hÉireann maidir leis an Chéad Chogadh Domhanda.

Rinne sé freastal fosta ar Shearmanas na Gairme Deiridh agus d’fhág sé fleasc ag Geata Menin, áit a chuimhnítear ar shaighdiúirí gan uaigh.

READ MORE

Ina dhiaidh sin, thug sé cuairt ar Leac Cuimhneacháin Thiepval, a bhfuil radharc uaithi ar láthair chatha an Somme, chun freastal ar shearmanas i gcuimhne 72,000 saighdiúir de chuid an chomhlathais a fuair bás i gCath an Somme.

Chuaigh sé go Túr Uladh ansin, túr a dhéanann comóradh ar shaighdiúirí as an 36ú Rannán (Ulaidh) a maraíodh 1ú Iúil 1916, an chéad lá de Chath an Somme agus rinne sé freastal ar chomóradh eile ag Guillemont don 16ú Rannán (Éire).

Dúirt sé gur mhór “an phribhléid dom ionadaíocht a dhéanamh ar Rialtas na hÉireann ag na Searmanais Chomórtha ina ndéantar comóradh 100 bliain ar bhriseadh amach an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Meastar gur thug níos mó ná 200,000 Éireannach seirbhís sa Chéad Chogadh Domhanda agus gur bhásaigh 50,000 díobh.

“Líon ollmhór daoine é sin agus bíonn sé deacair uaireanta an íobairt as cuimse a rinne siad a thuiscint. Is ceart dúinn iad a chomóradh agus tugann na searmanais seo deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an íobairt a rinne siad”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times