An dea-scéala nach gcluintear minic go leor

Creid é nó ná créid, táimid – beagnach – ar an tír is fearr ar domhan

Féach! Fan nóiméad. Tá tú chun dea-scéala a chloisint. I lár na gráine agus na gruama, tá chomh maith fáilte an aingil a thabhairt isteach.

Nuair a bhíos i bhfad níos óige ná mar atáim anois, dhéanadh ár múinteoirí tathaint orainn gan ghrabhróg ar bith den droch-cheapaire bogfhliuch a fhágaint inár ndiaidh, óir bhí páistí ag fáil bháis den ocras sa tSín. Bhí, agus seans go bhfuil fós, agus daoine eile ag pléascadh le méithe.

Ach iarracht ba ea í riamh le cur ina luí orainn go rabhamar go maith as. Is é an drochscéal ná go raibh an ceart ag na bráithre agus ag na mná neamhrialta agus ag na múinteoirí as gach tóin den tír. Táimid ar cheann de na tíortha is saibhre ar domhan.

Tá’s go maith agam go dtagann fearg agus cuthach agus an ghoimh dhearg ar dhaoine nuair a chuireann tú fianaise ina láthair; níl rud is measa leis an intinn dhúnta ná fianaise. Is í an fhianaise an buachaill dána a loiteann an chóisir chaointe.

READ MORE

Dá smeadaráilfí an fhianaise suas síos agus siar aniar agus aduaidh aneas ar dhaoine cheapfadh siad go bhfuil an saol in Éirinn go hainnis. Tá an saol in Éirinn go hiontach!

Nuair adeirim go hontach, is é atá i gceist agam ná suas is anuas leis an gcuid eile den domhan. Arís, mo mhíle mairg ar son críocha lasmuigh dínn a lua. Is dóigh le daoine cúngaigeanta nach bhfuil ann ach sinn, agus an tAingleasféar, nuair a oireann. Is fairsinge go mór an domhan ná sin, mar a fheicfidh na glúine atá romhainn.

Duine mé a bhfuil amhras orm faoi shuirbhéanna éagsúla. Creidim, mar shampla, nach bhfuil bun ná barr leis na suirbhéanna a mheasann caighdeán léitheoireachta ó thír go tír.

Mar a chéile le tuairisc ar cé hiad is sona ar domhan. Bhímis go hard san liosta sin roinnt bhlianta ó shin, ach ó shlad na baincéirí ár bpócaí bríste, táimid titithe ar gcúl ábhar. An Íoslainn an dara tír is sona ar domhan, dar leis an OECD...lándáiríre laidhc?

Ina dhiaidh sin, is féidir nithe áirithe a thomhas. Airgead, sláinte, fad saoil, costas maireachtana. Litearthacht, mar shampla eile, cé go bhfuil amhras orm an bhfuil 100 faoin gcéad litearthachta i dtír ar bith.

An amhlaidh nach bhfuil oiread is duine amháin sa Ghraonlainn nach féidir leis rúin na rón a léamh? Tá 99 faoin gcéad luaite linne, arb ionann é agus gur féidir le daoine An Star is fearr a léamh.

Faoi stiúir na Náisiún Aontaithe (nach gamail ar fad iad) is é an tInnéacs Forbartha Daonna an suirbhé is iomláine agus is fairsinge a dhéantar sa chruinne ar fad, Mars agus Iúpatar san áireamh.

Cuimsíonn oideachas, fad saoil, ioncam, córas sláinte, agus an uile ní eile a mbíonn daoine go háirithe buartha fútha agus ag brath orthu.

Gabhann figiúir agus ailgéabar leis an suirbhé don té arb iad seo amháin a chuireann argóint abhaile.

Ach cad is fiú fianaise duitse ná domsa nuair atá aigne daoine dúnta agus samhlaíocht curtha i bhfolach?

De réir an Innéacsa seo táimid ar an seachtú tír is fearr as ar domhan! Sin as tuairim is 200 stát. Bhímis sa chúigiú háit dhá bhliain ó shin, ach shocraigh baincéirí agus saint go dtálfaí an t-airgead a rachadh chun leasa dúinn i sparán na ramhar.

Is mallacht go héag í aigne dhomhanda a bheith agat, mar is cuma le daoine cad tá ar siúl lasmuigh dá bparóiste féin. Níl mise mórálach as go bhfuil an ráta úinéireachta tí is fearr sa domhan againn – seans gurb é seo a rinne an scrios – ach ní beag é go bhfuil an seasamh daonnachta againn níos fearr go mór is go fada ná tíortha a meastar a bheith níos rathúla ná sinn:– táimid chun tosaigh ar an tSualainn (ó bobhabhabha!), Ceanada (Má Meall mórán), An Fhrainc (ach aimsir níos fearr acu, cinnte), An Fhionlainn (san 21ú háit, idéal Ruairí Quinn, agus daoine nach raibh riamh ann), An Bhanríocht Aontaithe uainn i bhfad...agus gach tír eile ag sleamhnú siar an liosta.

Na tíortha atá chun tosaigh orainn, an Iora Rua, mar shampla, ar mhaith leat bheith id chónaí ann i gcorpán fuar an Gheimhridh istigh le gruaim gan ghreann?

Agus, ar eagla nach bhfuil a fhios agat cé chomh maith as is atá tú, ar mhaith leat a bheith id chónaí san Araib Shádaisteach, sa Chróit, san Mholdóiv, san Íoslainn, sa Ghréig, i Meicsiceó, i dtír ar bith de chuid na hÁisia, gan trácht ar gach tír laisteas den Sahara?

Má tá gach suirbhé de gach saghas de gach cumraíocht de gach modheolaíocht de gach tomhas á rá go bhfuilimid ar cheann de na tíortha is fearr as sa domhan, cén fáth an cancar cancarach go léir?