An dá thaobh

Bíonn dhá insint ar gach cath


Níl aon amhras ná go gcaithfear dhá aghaidh gach scéil amach a thabhairt. Is den chothromaíocht é. Níl sé cóir a rá go bhfuil an ceart ag taobh amháin seachas ag an taobh eile. Tá gach taobh i ngach aon choinbhleacht chomh ciontach le cách. Mar a chéile iad.

Cuimhním go háirithe ar an ár a tharla in Ruanda, tá 20 bliain anois ó shin ann. Muran cuimhin leatsa é, is amhlaidh gur éirigh na Hutu amach lena gcuid tua agus sleán, agus laistigh de dhornán seachtainí chuir siad suas is anuas le milliúnTutsi chun báis. Ba bheag deargár a bhí ina thánaiste do seo ó eachtraí Pretty Polly Pot sa Chambóid, nó cogadh cathardha na Síne féin.

Ach tá gar go leor dúinn le go mbeadh cuimhne ag daoine a léann nuachtáin níos liteartha ná an Star ná an Sun ná an Independent air.

Is é nach ndéantar, áfach, ná dul gach ndíreach agus iomláine an scéil sin a thabhairt. Nuair a bhí búistéireacht á déanamh ar na Tutsi i séipéil agus i hallaí baile agus i dtearmainn phoiblí, déantar dearmad go raibh siad á n-úsáid mar sciatha daonna ag na ceannairí acu féin.

READ MORE

Thug na Hutu rabhadh agus foláireamh dóibh go mion is go minic gan dul i bhfolach in áiteanna mar iad, ach gurbh fhearr dóibh fanacht ina dtithe féin nó seasamh lasmuigh dá ndoirse. Ní hionadh, mar sin, go bhfuil an milleán orthu féin gur maraíodh iad. Tá siad siad chomh hinmhilleáin is dá ngearrfadh siad a muineál féin.

Dá éamais sin, dearmadtar d’aon ghnó go bhfuair Hutu bás chomh maith céanna. Is fíor gur maraíodh 70 faoin gcéad de na Tutsi go léir, ach tá fianaise éigin againn in áit éigin go bhfuil seans ann gur caitheadh clocha leis na saighdiúirí/sibhialaigh a bhí ag teacht le fíoch chun na séipéal agus chun na dtearmann le lasracha chun teas a choimeád leo.

Deirtear gur dhóigh duine amháin acu é féin nuair a chuaigh an toirse ceangailte ina chuid éadaigh. Is furasta a dhearmad go raibh marú ar an taobh eile chomh maith.

Caithfear a bheith cothrom, caithfear an dá thaobh a thabhairt.

Ach os rud é go bhféadfadh na milliúin bás a fháil san Afraic (cén figiúr é sin ón gCongó le glúin anuas arís?) agus gur chuma le mic an duine ina dtaobh, tá chomh maith teacht níos gaire don bhaile.

Ar feadh nach mór ceithre bliana, dhein fórsaí daonlathacha na Seirbia ionsaí ar chathair Sairéavó ó na sléibhte lastuas den bhaile.

B’iad an t-aon tír dhaonlathach amháin iad sa cheantar a mhaígh siad, agus dá bhrí sin, cead gach raide acu. Chaith siad pléascáin agus roicéid agus urchair isteach ar na sráideanna go fiú is nuair a bhí daoine ag siopadóireacht.

Bhí na spriocanna cruinne cearta aimsithe acu, scoil anseo, aonach ansiúd, scuaine ocrais thall, dílleachtlann abhus, ospidéal dá mba ghá, áiteanna ina dtarlódh sceimhlitheoirí a bheith i bhfolach. Is cinnte gur scaoileadh urchair leo as cuid de na baill sin, nó murar scaoileadh, níl aon amhras ann ná go raibh seans gur mar sin a tharlódh.

Maraíodh na mílte in Sairéavó de dheasca an ionraidh chosanta sin de réir na dlí idirnáisiúnta. Is meallta mé nó dearmadtar go bhfuair Seirbigh bás chomh maith, daoine a maraíodh d’aon ghnó murab ionann agus an tairgéidiú amaschruinn a bhí á dhéanamh ar an gcathair laistíos.

Tá grianghraf scanrúil a thóg iriseoir ó Agence France-Presse de theaghlach Seirbeach sa Bhéalgrád agus iad ina suí ina seomra suite ag ithe dinnéir – agus gan ach dhá bhuidéal fíona ar an mbord – agus ar follas ar an sceimhle ina súile go dtiocfadh roicéid ina dtreo lá ar bith feasta, nó bliain ar bith feasta, ó íoslaigh Sairéavó.

Beidh mo chroí scólta go deo faoin bhféachaint sin ina súile, féachaint a bhí gach pioc chomh lán d’uafás le mná úd na málaí sular déanadh smidiríní díobh ar a slí chun siopa an bhúistéara ar shráid Ulica Zmaja od Bosne.

Ceann de na rudaí ba mheasa faoi ionradh sin Sairéavó, ná an tslí a mbaineadh taoisigh na cathrach úsáid as páistí beaga chun tolláin a thóch d’fhonn is go rachadh siad féin i bhfolach iontu.

Ba chuma nó sclábhaithe iad, agus gan a fhios acu, gan amhras, go raibh sé de rún ag na Boisniaigh gach Seirbeach ar chlár na cruinne a mharú.

Agus lena linn sin bhí Srebenica: ach, féach, nár déanadh ionsaí ar na leoraithe a bhí ag iompar an 8,000 úd chun na páirce....? Cad leis a mbeifí ag súil? Bhí cead ag na Seirbiaigh iad féin a chosaint.

Níl sa mhéid sin ach samplaí fánacha de phobail ar casadh roth na bolscoireachta ina gcoinne i gcomparáid le naimhde a dhéanfadh díothú orthu dá bhfaigheadh siad an chaoi chuige.