An béal bocht saibhir sprionlaithe

Is cuimhin liom na teifigh bhochta anoir ina gcéadta


Is cuimhin liom iad. Na teifigh bhochta anoir ina gcéadta. As tír aineoil. Bhí grianghraif shmúidshmeartha ar an Evening Echo i gCorcaigh agus mé ag dul chun cluiche sráide a imirt an ascaill síos im bhríste gairid.

Tancanna borba na Rúise págánaí ag réabadh isteach fan Bhod na Péiste ag cloí na nUngáireach a bhí ag lorg saoirse ón daoirse.

An cuirtín iarainn. Cén fáth nach mbeifí ar son duine ar bith a bheadh ar a theicheadh ó leatrom barbartha? Ní raibh cúis ar bith, gan amhras.

Tá intinn ait achrannach ag cuid againn, áfach, b'fhéidir intinn a thosnaigh le grianghraf sin an Evening Echo sa bhliain 1956.

READ MORE

Intinn í a lorgaíonn níos mó ná an tuiscint chaol thablóideach, machnamh ar sia é ná cinnlínte an lae inné. Is í is brí leis sin ná rud simplí.

Má bhí sé ceart go leor Apaches a mharú (abair), cén fáth an raibh sé mícheart ár a dhéanamh ar na Pieds-noirs san Ailgéir (na samplaí seo roghnaithe go randamach as leabhar dubh na staire agam, ar eagla na heagla)?

Má tá sé ócé pianpháis a dhéanamh ar phríosúnaigh Arabacha, cad a bhí bunoscionn le heiricigh a chur faoi na scriúnna sa Spáinn (agus is d’aon ghnó a roghnaigh mé iad seo, agus ní ar eagla na heagla)?

Is é sin le rá, an bhfuil prionsabail ar bith agat maidir leis an rud atá agat ar siúl, nó an amhlaidh nach bhfuil ann ach gach duine ar a shon féin agus Maol Muire ar a sháfaigh?

Más mar sin atá, bhí an ceart ag Genghis Khan agus ag Caligula agus ag Cromail.

Má tá tusa sásta Murcha a mharú, níl aon chúis agatsa le cur in aghaidh Mánais dod mharú féin. Cearc dom, cearc duit, agus gach duine ar gor.

Thógamarna teifigh isteach ón Ungáir sa bhliain 1956. Tá súil agam gur thogamar isteach iad toisc gur teifigh iad, seachas gur teifigh ón Rúis phágánach Chumannach iad. Súil agam gur ar son na daonnachta a dheineamar é, fág go bhfuil fianaise áirithe ann gur bhaineamar taitneamh as gur bheart fhrith-Chumannach a bhí ann.Ba chróga agus ba mhisniúil an troid a chuir na hUngáraigh suas in aghaidh lucht a gcloíte. B’é an chéad éirí amach ceart é in aghaidh fhorlámhas na Rúise, forlámhas a bhí bunaithe ar cheart claímh agus concais in aghaidh Impireacht na Gearmáine roinnt bhlianta gearra roimhe sin.

Áirítear gur maraíodh 2,500 laistigh de choicíos agus theich breis agus 200,000 trasna na teorann i dtreo an Iarthair.

Teifigh ba ea iad sin, daoine a theich. Ach, gan amhras, bhí ‘imircigh eacnamaíochta’ ina measc chomh maith céanna.

Is é sin, daoine a raibh post deas seascair acu, cuid acu sa Rialtas féin, ach gurbh fhearr leo dathanna spiagacha an taobh seo den domhan mar mhalairt ar léithe leadránach an domhain toir. Ní cuimhin liom gur cuireadh na caoirigh mhaithe teifeach in aon chró amháin, agus na gabhair ghránna dhána nach raibh uathu ach slí bheatha níos fearr i leataoibh na slí.

Is cinnte nár díbríodh oiread is duine amháin díobh ar ais d’fhonn a chaitheamh i gcarcair cheangailte chrua.

Is ait an bastard é an saol. Má bhí cuirtín iarainn tar éis tuirlingt trí lár na sean-Eorpa, tá cuirtín de shreing dheilgneach á thógáil ag rialtas na hUngáire faoi láthair.

Is é an difear is mó nach cuirtín meafarach an ceann seo, dá dhéine é tráth, ach cuirtín fisiciúil daingean géar gunnadhídin conachosanta atá ag iarraidh páistí agus mná agus fir agus seandaoine atá ag tabhairt na mbonnaí leo a choinneáil amach, go díreach is mar a bhí Rialtas 1956 agus tancanna na Rúise ag iarraidh iad a choimeád isteach.

Tá sorry orm, mar adeir siad in áiteanna áirithe i Muiceanach idir Dhá Sháile.

Tá intinn lom shimplí éaganta agam. Má bhí sé ceart agus cóir agus cuí do na Magyaraigh imeacht leo ar son a n-anama sa bhliain 1956 agus iad ag súil go dtabharfaí tearmann agus tuí dóibh lasmuigh ansin, cad ina thaobh nach bhfuil sé ceart agus cóir agus cuí go gcúiteodh na Magyaraigh chéanna an scéal le daoine is measa as go mór ná iad féin anois?

Mo mhíle mallacht ar na seanphrionsabail seo a éilíonn rud éigin thairis an leithleasacht!

Cé in ainm an diabhail a thug drochintinn dúinn a loirgeodh rud éigin ar nós – de réir is mar a chaitheann tú le daoine eile is ceart a chaitheamh leatsa?

Cén drochmheabhair a smaoinigh go raibh dualgas ar mhuintir na hÉireann glacadh le teifigh/himircigh mar gur ghlac an saol linne? Mo náire tú rud chomh simplí le loighic is le seanphrionsabail a leagadh ar an mbord!

Mór ár náir! Sinn a rug an Ungáir mheata; beag ár gclár, sinn a dhiúltaigh don daonnacht chaite!