Altú agus buíochas – dán agus dinnéar

Beidh an t-aisíoc le déanamh ina dhiaidh, agus ní i bhfocail, ach i bhfiacha


Is mór an mhaith buíochas a ghabháil. Agus is iomaí slí atá ann chuige, cuid acu ar mhórán costas, cuid acu ar bheagán.

Lá mór saoire a bheidh ann Déardaoin seo chugainn sna Stáit Aontaithe. Ba é an tUachtarán Lincoln a rinne lá náisiúnta as in 1863, agus shocraigh sé ar an gceathrú Déardaoin de mhí na Samhna chuige sin.

Traidisiún reiligiúnda a bhí san Altú nó Thanksgiving ó thosach nuair a chuir na Pilgrims nó na hOilithrigh tús leis in 1621, chun buíochas a ghabháil le Dia as an bhfómhar a bheith tagtha slán agus i dtaisce.

Is féidir a rá gur mór an t-athrú atá tagtha ar an Altú ón gcéad lá, ina measc, an claonadh atá anois ann tús a chur le séasúr siopadóireachta na Nollag an lá céanna, seachas fanacht go dtí an lá ina dhiaidh, Black Friday, nó Cyber Monday ina dhiaidh sin, dóibhsean ar fearr leo ceannach ar-líne.

READ MORE

Fágann sin, dar le mórán, go bhfuil an baol ann go dtógfaidh sé seo ó bhrí stairiúil an lae, is é sin, tamall ar leith a chur ar leataoibh chun buíochas a ghabháil agus sos a thógáil ón bhfuadar.

Tá taithí againn sa tír seo ar phaidir bhuíochais a rá roimh bhia. Ach sa saol go ginearálta, caithimid an lá ag gabháil buíochas le chéile.

An chuid is mó den am, samhlaímid an buíochas mar shlí chun aitheantas a thabhairt do dhea-ghníomh nó dea-thoil an duine eile.

Is gnáth dúinn é a chur in iúl i bhfoim guí – ‘go raibh maith agat’ (GRMA) nó leagan éigin gaolmhar. Is féidir ar ndóigh an guí a láidriú trí líon na maitheas a mhéadú – céad maith, nó míle nó míle míle maith.

Ar ndóigh, ní hé an duine a ghuíonn a íocann, agus níl aon chostas breise ag baint leis.

‘Táim buíoch díot,’ a deirtear ar ócáidí eile, focal a chiallaigh ‘sásamh’ anallód agus a raibh an bhrí ‘dúisithe ’ag baint leis roimhe sin arís (sa tSanscrait). Táimid ‘dúisithe’ mar is mór linn an dea-ghníomh atá déanta agat.

Agus sa Bhéarla, is é is brí liteartha le thanks, atá gaolta leis an bhfocal thinks, ná go mbeidh cuimhne againn ar an rud a rinne an duine eile dúinn.

Tá sé chomh seanbhunaithe mar nós sa bhéasaíocht, ar ndóigh, go ndeirtear é gan smaoineamh, nó go meicniúil uaireanta, rud atá contrártha le brí bhunúsach an fhocail.

Obrigado

Ach tá baint ag buíochas le cúrsaí trádála chomh maith, agus tá an malartú ar ‘íoc agus aisíoc’ seanbhunaithe i bhfoclóir an bhuíochais.

Sa Phortaingéilis mar shampla, cuirtear buíochas in iúl le obrigado, a chiallaíonn go bhfuilim faoi chomaoin nó i bhfiacha agat, ar aon dul le indebted an Bhéarla.

Is iomaí samplaí atá le fáil sa litríocht ar ndóigh den cheangal céanna idir buíochas agus íocaíocht. Tagann dán chun cuimhne ina leith seo, dán a chum Brian Ó Corcráin, file gairmiúil a bhí i bhfochair na nIarlaí nuair a d’fhág siad Éire in 1607.

Sa dán áirithe seo, gabhann an file buíochas le pátrún éigin (Brian eile) as bronntanas de spéaclaí a fuair sé.

Gabhann sé buíochas as mórchroí an taoisigh sa chéad líne, “Mo chion dot bhronnadh, a Bhriain”.

Is de bharr na spéaclaí a bheith aige go bhfuil sé ábalta litir a léamh, agus guíonn sé ar Dhia féin an t-aisíoc cuí a dhéanamh ar an bpátrún dá bharr seo ag an deireadh: “Go n-íoca Dia red dhreich ndil /bronnadh lé léighim litir.”

Ábhar spéise dúinn is ea an focal ‘íoc’ – sampla den tslí ina bhfuil aisíoc intuigthe le buíochas.

Ar ndóigh, ba chomhartha buíochais é an dán chomh maith sa mhéid is gur tabhartas nó bronntanas an bhrí liteartha a bhí le ‘dán’.

Ach bhí sé de dhualgas ar an bhfile chomh maith dánta a chumadh, mar chuid den chonradh a bhíodh aige leis an dtaoiseach.

Thar n-ais dúinn sa 21ú haois, is iomaí slí atá ann chun aisíoc a dhéanamh, agus bíonn ceannach ag teastáil do mhórán acu. ‘Abair é le rósanna,’ mar a deir an fógra, agus cuirtear brú ar dhaoine dul thar fóir leis an gcaiteachas.

Is buí le bocht an beagán, mar a deirtí, ach faraoir, bíonn súil le níos mó ná níos lú. Meabhrú atá ann, agus séasúr na dea-thola ag druidim linn (is fearr gan an focal a lua fós), gan dul thar fóir leis an íoc.

Mar beidh an t-aisíoc le déanamh ina dhiaidh, agus ní i bhfocail, ach i bhfiacha a bheidh sé le déanamh – ar an gcárta creidmheasa.

B’fhéidir gur fearrde an buíochas, ar an ábhar sin, srian a chur leis an iomarcaíocht.