Agus a rian air

Ní i gcónaí a chastar spéirbhean ort agus tú ag taisteal sna spéartha

grianghraf: alan betson/the irish times

grianghraf: alan betson/the irish times

 

Chuaigh Michael O’Leary isteach sa bheár is d’ordaigh pionta. ‘Sin trí euro nócha,’ arsa fear an leanna. ‘Tá sin saor go maith,’ arsa Michael. ‘Is ar mhaith leat gloine leis sin?’ d’fhiafraigh fear an leanna de.

Tá a chuid scéalta Ryanair féin ag cách, agus níl aon fhonn mór ormsa cur leis an litríocht, ach ós rud é nach bhfuil siad chomh huafásach le taithí dhaoine eile, tá chomh maith iad a eachtraí, nó smut díobh.

Mhionnaigh is mhóidigh mé nach dtaobhóinn Ryanair a choíche ná go deo de dheasca a raibh cloiste agam ina dtaobh; agus toisc go raibh dílseacht na seanaigne agam i gcónaí dár n-aerlíne ghlasoileánda féin nár díoladh leis na gallaibh ag an am sin. Ach uaireanta nuair is crua don chailleach caitheann sí eitilt.

Bhí mé ar mo shlí go Glaschú na hAlban, nó chun a bheith iomlán cruinn ceart, go dtí Preastuig atá nach mór leathchéad ciliméadar laisteas den áit. Chuaigh mé isteach sa scuaine i moiche na maidne i dteannta na ngramhsachán eile a raibh an codladh ina súile.

Ina ainneoin sin, áfach, amhras ar bith ní raibh orainn cá raibh ár dtriall, mar bhí Prestwick scríofa go soiléir ar an gclár laistiar den ghiolla a bhí dár seiceáil.

Ní raibh ach triúr os mo chomhair sa scuaine nuair a d’athraigh an fógra. San áit a bhí Prestwick, bhí anois, chomh soiléir céanna, Warsaw. Leáigh a raibh chun tosaigh orm, ionas nach raibh ann ach mé féin agus an bhean seiceála.Thuigeas gan mhoill gur bhean í seo nach raibh oíche rómhaith aici aréir óir ní raibh peidhleacáin órga ag foluain os cionn a cloiginn. Bhí a smig chomh garbh le páipéir ghainimh agus a súile ar nós an leac oighre a dhearmadfaí i ngloine leathfholamh.

Nuair a leagas mo phas ar an deisc, oscailte ag an leathanach ceart andál, d’fhéach sí orm amhail is gur aghaidh na gealaí a bhí á caitheamh agam, ach ní chomh cineálta sin.

‘An bhfuil léamh agat?’ ar sise go borb. Cé go raibh fonn orm a rá go raibh cúpla leabhar léite agam ceart go leor, chúbas chugam féin ar mhaithe le béasa, go fóill.

‘Mar a tharlaíonn, tá,’ arsa mise go tláith.

‘Nach bhfeiceann tú sin?’ ar sise, méar mhór thudógach á síneadh aici i dtreo an tsanais laistiar di a d’fhógair Warsaw thar amhras anonn.

‘Ach bhí Prestwick ann neomat ó shin,’ arsa mise, dar liom go réasúnta.

‘An rud a bhí ann neomat ó shin, ní shin atá ann anois,’ ar sise, agus bhí uaillbhreas a raibh pléascán laistiar de in eireaball na cainte aici. ‘Caithfidh tú dul go dtí an scuaine eile sin,’ scuaine a bhí i bhfad níos faide agus ag caolú timpeall an aerfoirt siar go lúbach.

‘An bhfuil cead agam ceist amháin eile a chur ort?’ arsa mise as dóchas buile éigin.

‘Níl,’ ar sise, freagra a fuair sí ar chéad leathanach a lámhleabhair traeneála.

Chuireas an cheist, cibé, mar ba chuma liom um an am sin.

‘Abair liom,’ arsa mise, ‘an bhfuair tú oiliúint ón Stasi nó an bhfuil sé ionat ó dhúchas?’

Ós rud é nár thuig sí an tagairt, óir spéirbhean de chuid Ryanair a bhí inti, scaoil mé tharm é agus chúlaigh mé liom go dtí an scuaine eile le hionchas nach n-athródh an ceann scríbe agus mé i ngar arís do bharr an liosta.

Agus ina dhiaidh sin bhí an uair úd gur chaill siad mo mhála san Iodáil, an eitilt nár tháinig sa Bhulgáir, an raic áirithinte in Stansted…