Ag troid ar son an tSeanaid

Léiríonn stair na polaitíochta go bhfuil roghanna eile ann don Seanad

Wed, Jul 3, 2013, 01:00

Tá an reifreann ar thodhchaí an tSeanaid le bheith ann tar éis an tsamhraidh agus is iad Feargal Quinn agus Katherine Zappone is mó atá chun tosaigh sa Teach Uachtarach ag iarraidh an institiúid a choinneáil mar chuid dár gcóras polaitiúil.

An rogha ghlan a bheas os comhair an phobail ná Seanad Éireann a choimeád, nó deireadh a chur leis. Níl leasú nó athstruchtúrú an tSeanaid le bheith luaite ar an bpáipéar ballóide. Ach, má theipeann ar mholadh an Rialtais, beidh brú ann chun a leithéid a chur i gcrích.

Níl aon duine i measc lucht cosanta an tSeanaid ag rá (go poiblí ar aon nós) gur chóir leanúint leis an gcóras mar atá. Tá na Seanadóirí Quinn agus Zappone tar éis Bille a chur chun cinn a mholann go ndéanfaí atheagrú ar an dTeach Uachtarach, taobh istigh de chúinsí Bhunreacht na hÉireann mar atá.

Tá 60 ball de Sheanad Éireann ann: leagann an Bunreacht síos go n-ainmneoidh an Taoiseach 11 duine acu agus go mbeidh seisear eile tofa ag céimithe ollscoile. Fágann sin 43 Seanadóir a bhíonn tofa ag baill den Oireachtas agus na húdaráis áitiúla: 1,092 duine ar an iomlán sa toghchán deireanach i 2011.

Ach tarraingíonn Quinn agus Zappone aird ar an gcaoi nach bhfuil an modh toghcháin don 43 Seanadóir úd luaite sa Bhunreacht ar chor ar bith, fad is go mbíonn na hiarrthóirí liostáilte ar phainéal in aon cheann de chúig réimse: 1. An Ghaeilge agus an tSaíocht Náisiúnta; 2. Talmhaíocht agus Iascaireacht; 3. Oibreachas; 4. Tionscal is Tráchtáil; 5. Riarachán Poiblí.

Molann An Bille um an Seanad 2013 (Seanad Bill 2013) go mbeadh vóta ag gach saoránach os cionn 18 bliain d’aois agus go roghnódh sé nó sí painéal ar leith as an gcúigear mar cheantar vótála. Leagann an Bunreacht síos go gcaithfear toghcháin do Sheanad Éireann a reachtáil tríd an chóras poist.

D’fhéadfaí iarrthóir a ainmniú le 500 síniúchán ón rolla toghcháin, chomh maith le modhanna níos traidisiúnta .i. na heagraíochtaí
ainmniúcháin atá bainteach leis na painéil éagsúla agus na húdaráis áitiúla.

Ach níl a fhios ag mórán daoine go raibh olltoghchán ann cheana féin don Seanad, ar 17ú Meán Fómhair 1925. Ní tríd an chóras poist ach “ar an talamh” ar nós olltoghchán Dála a reachtáladh é. Bhí vóta ag gach saoránach os cionn 30 bliain d’aois. (Bhí an teorainn níos ísle i gcás thoghchán Dála, bliain is fiche.)

Nuair a bunaíodh an Seanad ag tús mhí na Nollag 1922, d’ainmnigh Liam T. Mac Coscair, Uachtarán na
hArdchomhairle (taoiseach i dtéarmaí an lae inniu) 30 ball, agus thogh Dáil Éireann an 30 duine eile.

Bhí sé mar chuid de
Bhunreacht an tSaorstáit go gcaithfeadh ceathrú de na baill den Seanad, is é sin 15 as 60, a bheith tofa ag an bpobal gach trí bliana.

Sa chás seo bheadh 19 duine le dul faoi thoghchán, ós rud é go raibh ceathrar ball den Teach Uachtarach éirithe as nó go bhfuair siad bás agus gurbh éigean do na hionadaithe orthu siúd dul os comhair na ndaoine.

D’ainmnigh an Dáil agus an Seanad reatha triúr iarrthóir le haghaidh gach suíochán, agus aird ar leith acu ar “important interests and institutions in the country”. Mar sin, d’ainmnigh an Dáil agus an Seanad 57 iarrthóir agus bhí 19
d’iarsheanadóirí sa rás – 76 iarrthóir ar an iomlán.

An plean a bhí ann ná go mbeadh an Seanad iomlán tofa ag an bpobal ag deireadh. Bheadh na Seanadóirí nua tofa do thréimhse 12 bliain. I gceann trí bliana eile, bheadh 15 duine eile le toghadh agus faoin bhliain 1934 bheadh na baill go léir tofa ag na daoine.

Mar a dúirt scríbhneoir anaithnid san Irish Times: “The Free State Senate will
represent the expression of the people’s will as exercised freely through the ballot box.”

Cé go raibh 48 Teachta as 153 den iomlán i nDáil Éireann ag Sinn Féin i nDeireadh Fómhair 1925 (seo an tréimhse roimh an scoilt agus bunú Fhianna Fáil i 1926) níor fhreastal siad ar an nDáil agus níor ghlac Sinn Féin páirt san olltoghchán don Seanad. Chuidigh sé sin go mór chun an leibhéal vótála a choinneáil íseal agus chaith 300,000 duine (nó 23.4 faoin gcéad den rolla toghcháin) vóta in olltoghchán an tSeanaid.

Tuairiscíodh sa Weekly Irish Times (26ú Bealtaine 1928) go raibh comhchoiste Oireachtais a chuir an Rialtas ar bun tar éis a mholadh go gcuirfí deireadh le holltoghcháin don Seanad agus go mbeadh Seanadóirí tofa ag na baill den dá theach pharlaiminte.

Thóg rialtas Chumann na nGaedhal cinneadh go mbeadh na baill den Seanad tofa as seo amach ag an Oireachtas. Dúirt Liam T. Mac Coscair go raibh
“neamhphraictiúlacht” ag baint leis an gcóras a bhí in úsáid i 1925 agus go raibh an vóta íseal mar léiriú air sin.

Bhí an córas an-chostasach freisin. Caitheadh thart ar £100,000 ar an toghchán – suim mhór ag an am. Mar sin, cuireadh deireadh le
holltoghcháin an tSeanaid.

Tháinig Fianna Fáil i gcumhacht sa bhliain 1932 agus chuir Dev deireadh le Seanad an tSaorstáit nuair a vótáil tromlach ann in aghaidh bille chun cosc a chur ar na Léinte Gorma.

Nuair a eisíodh Bunreacht na hÉireann sa bhliain 1937 bhí Seanad ann, ach ní raibh lámh, gníomh nó páirt ag an bpobal i gcoitinne in aon phróiseas chun na baill a roghnú.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.