Ag tabhairt CoS isteach

Oíche Luain sa phluais san International Bar ar Shráid Chill Mhantáin i mBaile Átha Cliath.

An seomra lán filí óga agus cumadóirí amhrán atá tagtha le páirt a ghlacadh sa Monday Echo, ceann de na seisiúin saorstáitse atá faoi bhláth sa chathair.

Thar oíche ar bith eile, is fóirsteanach an t-ainm international.

Siúd file as an Afraic agus a chuid gruaige ina trilseáin; bean i gculaith ildaite de chuid na Pacastáine agus í ag reacaireacht véarsaí; fear ag bualadh ceoil ar na tablaí, druma traidisiúnta de chuid na hÁise.

I ngach cúinne den seomra tá daoine sáite i gcomhrá lena chéile.

READ MORE

Seo an rud a bhí ar intinn Leonard Cohen nuair a mhol sé “the holy places where the races meet”.

Siúd é bun agus barr City of Sanctuary (CoS) chomh maith, eagraíocht nach bhfuil i bhfad i mbun oibre in Éirinn ach a bhfuil cúig bhrainse aici cheana féin.

Tá an coincheap an-simplí, de réir Stephen Ng’ang’a, Cathaoirleach Bhrainse Bhaile Átha Cliath: go ndéanfadh daoine agus grúpaí an fáilteachas a chothú ina saol agus ina gcuid imeachtaí chun go mbeidh an spás áirithe sin ina thearmann dóibh siúd atá ar an imeall.

Rinne an Monday Echo seisiún faoi leith a reáchtáil i gcomhar le CoS, ach ní gá a leithéid de shocrú foirmeálta a dhéanamh.

Is é a deir Tiffy Allen, Comhordaitheoir Náisiúnta CoS: “Más peileadóir thú, féachann tú le tearmann a dhéanamh de d’fhoireann nó de do chlub féin. Cuideoidh Sport Against Racism le lucht spóirt ach tá an prionsabal céanna ann do ghrúpa daoine a dtaitníonn cniotáil leo, nó drámaíocht nó eile.

“Cad é mar is féidir teagmháil a dhéanamh le daoine atá tagtha anseo ar lorg tearmainn, na bearnaí a chur ar ceal agus cos isteach a thabhairt dóibh? Tá na mílte bealach ann chun sin a dhéanamh.”

Ceann de bhuanna CoS ná neamhspleáchas agus seiftiúlacht na ngrúpaí a thugann tacaíocht dó.

B’iontach le Stephen Ng’ang’a mar a bhíonn crainn Nollag á gcur in airde i lár na Samhna sa tír seo, agus spreag sé smaoineamh ina intinn.

Beidh feachtas ag brainse Bhaile Átha Cliath chun bronntanais agus siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn thar thréimhse fhada na Nollag: “Go háirithe iad siúd atá á gcoinneáil sna hIonaid Soláthar Díreach. Níor cheart do pháiste ar bith dul tríd an chóras sin, ach, ó tharla ann iad, déanaimis ár ndícheall aoibh an gháire a chur ar ghnúis gach páiste acu.”