Ag ithe amhráin in Iarthar Phort Láirge

Bia ceolmhar

“Capall na hOibre: Bia in Amhráin na nDaoine” an teideal a bheidh ar chaint a tabharfaidh Ciarán Ó Gealbháin ar Thionól na nDéise i nDún Garbhán Dé Sathairn, 12ú Aibreán, mar chuid d’Fhéile Bia Iarthar Phort Láirge.

Beidh an léacht ar siúl ag 3.30pm i nGailearaí Ealaíon Bhainlann Chúil na nGabhar, Sráid Uí Chonaill, Dún Garbhán, agus beidh ceol agus amhránaíocht traidisiúnta le clos agus bia traidisiúnta le blaiseadh chomh maith.

De bhunadh an tSean-Phobail i nGaeltacht na nDéise é Ciarán, mar a bhfuil cónaí fós air. Léachtóir é i Roinn an Bhéaloidis, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus tá tráchtas dochtúireachta á scríobh aige ar ghnéithe de thraidisiún na hamhránaíochta sna Déise. Tá sé ina chomheagarthóir ar an iris bhéaloideasa agus eitneolaíochta, Béascna .