Ag ceiliúradh an daonlathais agus an chultúir ar Oileán Mhanann

Siombail tábhachtach fós í Lá Tinvaal d’fhéinriail Oileán Mhanann

Is é 5ú Iúil Lá Tinvaal, lá náisiúnta Oileán Mhanann, nuair a shuíonn Ardchúirt Tinvaal faoin spéir ar Chnoc Tinvaal ag Baile Chill Eoin chun dlíthe nua a fhógairt. Is ócáid í a théann siar os cionn 1,000 bliain: maíonn na Manannaigh gurb é Tinvaal an pharlaimint leanúnach is sine ar domhan.

Maítear gur bunaíodh Tinvaal sa bhliain 979. Ba iad na Lochlannaigh a chuir tús leis. Tháinig foghlaithe ó Chríoch Lochlann go Manainn timpeall na bliana 800, agus roimh i bhfad, bhí pobail Lochlannacha ag lonnú ar an oileán, áit ar mheascaigh siad leis na Gaeil a bhí ann cheana. Níorbh fhada gur éirigh ríocht nua Lochlannach/Ghaelach, bunaithe ar an cheangal mara. Manainn agus na hOileáin an t-ainm a bhí air, agus in ard a réime, chuimsigh sé Inse Gall, Manainn agus Cinn Tíre agus Còmhghall ar mhórthír na hAlban. Cé go mbíodh taoisigh áitiúla i gceannas sna ceantair éagsúla, is minic a roghnaigh na hardríthe baint fúthu ar Oileán Mhanann.

Thagadh na taoisigh le chéile i meán an tsamhraidh chun taoisigh, tánaistí agus ríthe nua a ainmniú, mionnaí umhlóide a mhalartú agus cásanna dlí a réiteach. Þingvöllr a thugtar ar na tionóil seo sa Lochlannais (þing = coiste rialaithe, völlr = páirc). Bhíodh áit chruinnithe dá leithéid i mBaile Átha Cliath in aice leis an chaisleán agus is ón fhocal þingvöllr a tháinig Tinvaal Mhanann agus logainmneacha dála Dingwall, Tingwall, Tinwald agus Thingwall, a fhaightear in Albain, Tuaisceart Shasana, Inse Orc agus Sealtainn.

Dhá thaoiseach is 30 a bhíodh páirteach i dtionól Tinvaal ar Oileán Mhanann: leath ó Mhanainn agus leath ó Inse Gall.

READ MORE

Gearradh líon na nAlbanach go hochtar nuair a scar Ìle agus Muile ón ríocht. Agus ceathrar is 20 atá ann go fóill sa lá atá inniu ann, bíodh is gur ionadaithe Manannacha iad uile anois!

In 1266, bhronn Conradh Pheairt Oileán Mhanann ar Alasdair III, rí na hAlban. Ó thart faoi 1330 i leith, bhí Manainn faoi cheannas sraith d’uaisle Sasanacha. Ansin, in 1765, agus iad ag iarraidh dul i ngleic le fadhb na smuigléireachta, cheannaigh Coróin Shasana an t-oileán ó Dhiúc Atholl ar £70,000.

Ba go déanach a tháinig daonlathas go Manainn: ritheadh Acht Toghchán an Cheathrair is Fiche in 1866 i ndiaidh feachtais a mhair os cionn 30 bliain agus a tharraing téarma príosúnachta ar eagarthóirí dhá pháipéar nuachta a bhí ar thús cadhnaíochta sa streachailt ar son athchóirithe. Tharla an chéad toghchán an bhliain dár gcionn. Mar sin féin, bhí an t-oileán ar an chéad tír ar domhan chun vóta a thabhairt do mhná (1881).

Cé go bhfuil cúpla páirtí polaitiúil ar an oileán (Liberal Vannin, Manx Labour Party agus Mec Vannin, na Náisiúnaithe), tá formhór mór na n-ionadaithe reatha ina neamhspleáigh.

Sa lá atá inniu ann, is gnách gurb é an Ceathrar is Fiche a chuireann tús le reachtaíocht nua, ansin cuidíonn an Chomhairle Reachtaíochta chun é a leasú. Tagann an dá chraobh le chéile thart fá uair sa mhí ach is é Lá Tinvaal an cruinniú is tábhachtaí díobh uile.

Mar spleáchríocht de chuid Choróin na Breataine, tá stádas Oileán Mhanann beagán casta. Tá parlaimint agus córas dlí dá chuid féin aige, ach is í banríon Shasana ceann an stáit agus caithfidh sí a faomhadh a thabhairt d’achtanna nua dlí. Is údar díomá do náisiúnaithe Manannacha an ról láidir a bhíonn ag Seanascal Mhanann (an Lieutenant-Governor) agus fórsaí armtha na Breataine sa tsearmanas ar Lá Tinvaal.

Mar sin féin, tá go leor gnéithe den ócáid atá sainiúil. Caithfidh na Deemsters (breithiúna sa chóras Manannach) dlíthe nua a fhógairt os ard i mBéarla agus i nGaeilge Mhanann sula gcuirtear i bhfeidhm iad. Agus tá sé de chead ag saoránaigh Mhanannacha achainíocha a chur faoi bhráid na hArdchúirte ar Lá Tinvaal más amhlaidh ceist éigin ag déanamh buartha dóibh.

I gcodarsnacht leis an sollúntas agus leis an phoimp a bhaineann le suí na parlaiminte, bíonn i bhfad níos mó scléipe i gceist le hAonach Tinvaal, ar ceiliúradh é de chultúr agus de cheol Mhanann.

Gach bliain, tagann daoine ó gach cearn den oileán agus níos faide i gcéin le chéile ar an pháirc idir Cnoc Tinvaal agus Eaglais Naomh Eoin chun an searmánas agus an t-aonach a bhlaiseadh.

In ainneoin na n-athruithe a tháinig ar an oileán agus ar an ócáid le 1,000 bliain anuas, is siombail tábhachtach fós í Lá Tinvaal d’fhéinriail Oileán Mhanann.