Ag ceansú an Leoin

Is aistear aisteach ealaíonta é an t-aistriúchán


Ach oiread le ceird ar bith, níl an t-aistriúchán gan a sheanchas féin a bheith aige.

Cuimhním, mar shampla, ar an chur síos leathmhagúil a rinne Niall Ó Dónaill d’Alan Titley mar gheall ar na modhanna oibre a bhíodh in úsáid le linn scéim mhór aistriúcháin an Ghúim.

Cad é mar a dhéantaí na leabhair a roghnú? “Do chrág a chur amach,” arsa Niall, “agus leabhar de na leabharthaí a bhí ar an tábla a thabhairt leat.”

Bíodh bréag ann nó ná bíodh, is iomaí seoid a cuireadh ar fáil faoin scéim chéanna.

READ MORE

Ach d’imigh sin is tháinig seo; tá an t-aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge díbeartha ó chomórtais liteartha an Oireachtais agus ó chláir mhaoinithe na n-eagraíochtaí a bhfuil saothrú na litríochta faoina gcúram.

An té a bheadh ag iarraidh Gaeilge a chur ar leabhar Béarla inniu, b’fhearr dó a bheith réidh lena chás a phléadáil.

Is doiligh domsa a rá go beacht cad chuige ar chuir mé romham The Lion, the Witch and the Wardrobe a aistriú.

Ní hé gur léigh mé é nuair a bhí mé beag óg agus gur mhian liom an t-athaoibhneas a bhlaiseadh (cé gur mór an pléisiúr dom an gar sin a dhéanamh do léitheoirí eile).

B’ait leat fosta mo leithéidse d’fhear gan chreideamh suim a chur i bhfáthscéal Críostaí gona íobairt agus athbheochan. Is é rud a chuir mé dúil sa scéal, rud nach ndéanfainn dá mbeadh blas borb na puilpide air.

Agus chuir mé suim sa duine, Clive Staples Lewis – scríbhneoir nach raibh d'eolas agam air ach an aithne iomrallach a fuair mé ó chuid aisteoireachta Anthony Hopkins sa scannán Shadowlands.

Tá difear lá agus oíche idir an Lewis sin – púca coláiste de na chuid na hEaglaise Bunaithe ina chulaith de bhréidín Shasanach – agus an Lewis a mhair is a scríobh.

Bhain sé le pobal atá i ndiaidh dul ar gcúl go mór agus, dar liom, is mór an chaill iad. Protastúnach de bhunadh Bhéal Feirste a bhí ann nach raibh coimhthíos dá laghad aige le Baile Átha Cliath, fear a raibh féiniúlacht réamh-Chríochdheighilte aige.

“The Irish are the only people,” a scríobh sé i litir chuig cara dá chuid, “With all their faults, I would not gladly live or die among another folk.”

Bás i Sasana a bhí i ndán dó, ar ndóigh, bás nár tógadh gáir mhór faoi san am nó d’éag sé ar an lá a scaoileadh an tUachtarán Kennedy.

Bhainfeadh Lewis greann as sin agus déanaim amach go mbeadh lúcháir air Gaeilge a bheith i mbéal an Leoin faoi dheireadh.

Bhí dáimh aige leis an teanga, cé nach dócha gur chuir sé de stró air féin í a fhoghlaim. (Nár inis mé duit gurbh fhíor-Éireannach é?)

Fágfaidh mé faoi na léitheoirí breithiúnas a thabhairt ar cé chomh seolta nó cé chomh sásúil is atá an leagan Gaeilge seo. Ní gan dua a rinneadh é.

Measann daoine go mbíonn ceangal na gcúig gcaol ar aistritheoirí agus iad ag plé le tuarascáil bhliantúil ach go mbíonn cead a gcinn is a bpinn acu nuair is téacs liteartha atá idir lámha acu. Míthuiscint ar fad é sin.

Más amhlaidh a chuir údar de dhua air féin friotal úrnua a chur ar smaoineamh, ba mhór an feall don aistritheoir sean-nath gan sú gan seamhar a chur ina áit, nó é a athscríobh nó – rud a tharlaíonn níos minice ná mar a shílfeá – é a fhágáil ar lár.

Rinne mé mo dhícheall a bheith dílis d’fhear mo chúige ach bhí deacrachtaí le sárú gan dul a dhath níos faide ná an teideal.

“Cailleach” an focal Gaeilge is coitianta ar “witch” ach ní “cailleach” í an t-asarlaí mná sa scéal seo. Smaoinigh ar Tilda Swinton, a raibh an ról seo aici i leagan Hollywood den scéal, agus ní bheidh tú i bhfad ón cheart: “a beautiful face... but proud and cold and stern.”

“An Bandraoi Bán” a thug mise uirthi, leagan a thugann slán an uaim san ainm “the White Witch”.

Sin mar a bhíonn san obair seo – caillteanas anseo, cúiteamh ansiúd. Is é guí an aistritheora, nuair a mheasfar toradh a chuid oibre, gur mó de ghnóthú ná de chaillteanas a bheidh ann. Beidh an t-aistriúchán idir Béarla agus Gaeilge á phlé ag Antain Mac Lochlainn agus Anna Heussaff ag 'Idir Theangacha', imeacht de chuid Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath, 2.30 Dé Sathairn 15ú Samhain, in Amharclann Scabhat Smock, Barra an Teampaill. Seolfaidh an tOllamh Michael Cronin An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh ar 3.45pm