Ag carnadh airgid

Tá banc de dhíth orainn nach mbeadh sé d’aidhm aige brabús a dhéanamh, ach seirbhís a thabhairt


Ceann de na botúin is mó (i measc go leor eile, cloisim á rá) a dhein an Eaglais Chaitliceach riamh ba ea peaca na húsaireachta a bhaint de liosta na bpeacaí ba mheasa.

Ní hé go rachadh an rud go dtugtaí peaca air fadó i bhfeidhm rómhór ar na baincéirí tiubhchraicneacha ramharmhuineálacha atá thuas inniu, ach ba chomhartha é gur shíl dream amháin ar a laghad go raibh smut éigin den mhímhoráltacht ag baint leis an aicme airgeadais.

Óir, in ainneoin go bhfuil mórán ribí gruaige stoite agus lámha glanta le gallúnach na halltachta le tamall, níl aon chuma ar an scéal go bhfuiltear chun aon phioc a dhéanamh mar gheall orthu.

Is fíor go mbeidh méireanta Phaschail tinn ó bheith á gcraitheadh leis na bainisteoirí, agus go bhfuil cloigne folmha ag déanamh fuaimeanna timpeall ar cén réiteach a d’fhéadfadh a bheith ar an scéal.

READ MORE

Tá bagairt dlí ann ansiúd áit éigin laistiar den ghealach, agus chonacthas muca ag eitilt an lá cheana. Moltar gur chóir a bheith níos déine orthu, labhairt níos boirbe, gan a bheith go deas, milseáin a bhaint díobh, fiosrú a chur ar bun, coiste a chur ina shuí, féachaint ‘ar an gcultúr’, agus gan bhréig ar domhan, ‘oifigeach eitice’ a fhostú i ngach aon bhanc díobh!

Cloisim cnámha na mbaincéirí ar crith le heagla cheana féin.

Bhí eagarfhocail uiscealacha ar na nuachtáin agus an méid sin thuas á rá acu, ach níos béasaí; agus d’airigh mé polaiteoir amháin ag rá nach bhféadfaí aon rud a dhéanamh go dtí go bhfaighfí amach cén fáth gur dhein siad ar dhein!

Scéal agam dó: ní gá fiosrú. Tá’s agamsa. Agus tá’s ag Seon Dic agus Máirín Chlúmhach agus Peadar na Péice. Tugtar saint air, nó craos, nó brabús, nó go díreach ‘airgead’ féin.

Rinne siad é mar theastaigh uathu níos mó airgid a fháil, go díreach mar a dhéanann cleasaí na dtrí cártaí.

Anois, níl sin ródheacair a thuiscint, a pholaiteoir, an bhfuil?

Jesse James

Tá amhrán iontach ag Ry Cooder

La Corrida de Jesse James

ina bhfuil na línte: “I’ve been branded as a bandit and bank robber

“But I never turned a family from their home.”

Is é a bhfuiltear gann air ná réiteach. Níorbh fhiú an colún seo a bhreacadh mura mbeadh réiteach agam ar na mílte cruacheisteanna. Seo é é é é.

Bheadh sásamh, is fíor, na súmairí agus na húsairí agus agus na muggairí morgáiste seo a chur sa charcair, ach níor réiteach ann féin é sin, óir tá a thuilleadh macbhaincéirí á síolrú ar nós dreancaidí in ascaill mhadra chlamhaigh.

Ná na bainc a náisiúnú mar atá, óir tá an iomad díobh ann agus níor mhaith leat go dtolgfadh an pobal galar uathu.

Is é atá a dhíth banc náisiúnta tráchtála nach mbeadh sé d’aidhm aige brabús a dhéanamh, ach seirbhís a thabhairt. Dhéanfadh gach is dual do bhanc ar bith seachas dul le cearrbhachas.

Bheadh smacht ag an bpobal air agus gach eolas ar fáil go hoscailte. Craobhacha i mbailte. Tuarastal réasúnta maith ag na bossanaí, agus go fiú daoine ag obair ann seachas meaisíní.

Ach sa chás is go dtitfeadh san abar, rud nach dócha, bheadh tacaíocht an Stáit laistiar dó, agus bheadh deimhne ann nach dteipfeadh air.

Dá réir sin d’fhéadfadh na bainc eile a rogha rud a dhéanamh – ach sa chás is go gclisfeadh orthu, chlisfeadh orthu. Cianóg phráis ní bhfaigheadh siad ón sparán poiblí!

Bheadh a fhios sin ag cách, agus gan leithscéal éagaoine ag duine dá n-imeodh a chuid ineistíochta le fán an tsaoil.

Simplí, siar amach.