Agóid san ardchathair faoi chúrsaí Gaelscolaíochta; forbairt oideachais i mBéal Feirste

Baile Átha Cliath Reáchtáil Gaelscoil Phádraig, Baile Breac, Baile Átha Cliath, agóid Dé Luain agus iad ag iarraidh foirgneamh buan don scoil.

Bíodh is go bhfuil an scoil bunaithe le 20 bliain, is i seomraí réamhdhéanta ar láithreán beag a dhéantar na páistí a theagasc.

Níl aon seomra mór go leor do thionól scoile ná ní féidir leo clós na scoile a úsáid i gcóir bronnadh duaiseanna, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile.

Is fada ó gealladh foirgneamh buan, a dúirt údaráis na scoile, agus bhí an t-am ag an Roinn Oideachais gníomhú.

Dúirt cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile, Hilda de Róiste, gur sa bhliain 2005 a “leag an Roinn Oideachais foirgneamh buan amach do Ghaelscoil Phádraig. Cuireadh in iúl dúinn ansin go mbeadh scoil eile ag bogadh isteach san fhoirgneamh sin go sealadach.”

READ MORE

Tá an socrú sin ag feidhmiú go fóill agus 11 bliain caite. Dúirt de Róiste go raibh “dearmad déanta” ar an Ghaelscoil le fada.

D’eisigh Roinn an Oideachais ráiteas, á rá: “It is intended that Gaelscoil Phádraig ... will re-locate to a building currently occupied by a special school pending the construction of a new school for the special school. The building project for the special school is currently at an advanced Stage of Architectural Planning.

“The Design Team working on the special school project is currently preparing the Detailed Design documentation for submission to the Department for review and approval.

“Assuming no issues arise in the review submission, the project will then be authorised to proceed to tender.”

Béal Feirste

Rinne Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, ceiliúradh ar na mallaibh ar an bhronnadh céime ar an chéad ghrúpa de mhúinteoirí Gaelscoile a chuir roghachlár na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta i gcrích ar Chlár MOid an choláiste.

Is é Coláiste Ollscoile Naomh Muire an chéad institiúid ardoideachais a sholáthair oideachas tosaigh múinteoirí sa Ghaelscolaiocht ag leibhéal fochéime agus iarchéime ó bhí Meán Fómhair 1996 ann.

Cuireadh tús leis an Roghachlár Gaelscolaíochta nua mar chuid den Chéim Mháistreachta san Oideachas, sa bhliain 2010.

Is “céim rathúil eile é don choláiste mar cheannródaí i soláthar oideachais mhúinteoirí trí Ghaeilge ar bhonn uile oileáin”, a dúirt lucht a theagaisc.

Maoiníodh roghachlár na Gaelscolaíochta sa MOid trí Scéim Sparánachtaí na Roinne Oideachais agus is í Comhairle na Gaelscolaíochta a riar an scéim.

Seachtar a bhain an cháilíocht amach: Caoimhe Ní Mháirtín (Bunscoil Naomh Cholmcille), Caoimhe Ní Mhearthaile (Bunscoil Mhic Reachtain), Orlaith Ní Mhanacháin (Bunscoil Mhic Reachtain), Caragh Ní Mháirtín (Gaelscoil an Lonnáin), Fíona Ní Sheoirse, (Gaelscoil na Móna), Claire Adams (Scoil an Droichid), Aileen Nic Íomhair (Bunscoil Naomh Eoin Báiste).

Gaillimh

Is é Páraic Ó hOibicín atá ceaptha ina Rinceoir Sean-Nóis Cónaitheach ar Ollscoile na hÉireann, Gaillimh. Is de bhunadh Leitir Mucú i gConamara é Ó hOibicín agus is ó Mháirtín Beag Ó Gríofa a fuair sé a chuid damhsa ar dtús. Tá sé dílis don seantraidisiún rince agus mórán duaiseanna bainte aige as a chumas i mbun coiscéim damhsa. Tá se ar dhuine de na damhsóirí “is tábhachtaí in athbheochaint an tsean-nóis,” a dúirt lucht na hollscoile. Beidh sé i mbun ceardlanna damhsa le linn a thréimhse ar an ollscoil agus fáilte roimh dhaoine páirt a ghlacadh iontu.