Achebe – laoch liteartha an domhain ar lár

Scríobh Chinua Achebe i seirbhís an phobail agus an domhain

Chinua Achebe, údar Afracach agus domhanda.

Chinua Achebe, údar Afracach agus domhanda.

Wed, Apr 3, 2013, 06:24

Nuair a dhein athair Chinua Achebe a bhí iompaithe chun an chreidimh nua iarracht ar dheartháir leis a thabhairt anonn chun na Críostaíochta, d’fhéach a uncail ar a chuid suaitheantais dúchais, ar na gradaim le hoidhreacht a bhí aige, agus d’fhiafraigh le teann péine: “Ach cad a dhéanfaidh mé leo seo ar fad?”

Deir Achebe féin, a d’imigh uainn faoi bhun coicíos ó shin, go raibh sin ó dhabht aige ar cheann de cheisteanna móra na beatha dó féin, agus do ghlúine na hAfraice trí chéile ó dhorchaigh an lá geal orthu. Nuair a ghéilleann tú don sruth isteach, cad is fiú a bhfuil fágtha ar an trá fholamh?

Ceist í a shonann trí scríbhinní Achebe, idir úrscéalta clasaiceacha agus aistí agus cuimhní cinn. Chaith sé a shaol ag iarraidh guth a thabhairt don ghlór a bhí balbh i láthair an tsaoil, agus tá a chuid scríbhinní breac le géarbhreithiúnais ar amadáin bhánchraicneacha tiubha nach n-aithneodh gaois dá mbeadh sí ag amhastraigh laistigh dá mblaosc bheag féin: cheap Elspeth Huxley gur stop an intinn Afracach ag fás in aois na ndéaga di; agus cé gur admhaigh Albert Schweitzer gur deartháir dó an duine gorm, ba “dheartháir sóisearach” é!

Tá sé go sonrach binbeach i gcoinne Joseph Conrad nár thuig beag ná mór go mbeadh an dearcadh céanna ag Gearmánaigh agus ag Rúisigh i gcoinne na bPolannach agus a bhí aige féin in aghaidh mhuintir an Chongó; ná Joyce Cary ar cheap Fintan O’Toole gur scríbhneoir “Éireannach” é, nuair ba ghiolla de chuid Vaimpíreacht na Brattaine é ar chuaigh de puinn tuisceana a bheith aige ar dhaonnacht an ghiolla lasmuigh den doras. (An difear idir “scríbhneoir Éireannach”, agus scríbhneoir “Angla-Éireannach” tá beo agus barántúil i gcónaí in ainneoin O’Toole.)

Ní gá ceachtanna na hÉireann a bhaint as peann Achebe, bíodh is go bhfuil na cosúlachtaí soiléir. Ach is deacair gan a shamhlú nach raibh na teannais a ríomhtar in Things Fall Apart neamhchosúil lenar tharla in Éirinn nuair a tháinig Pádraig nó Palladius chugainn: dhá chreideamh ag clascairt lena chéile, gach fórsa nua-aimseartha laistiar de cheann amháin díobh, an aimsir chaite – “the retreating faith of my ancestors” – ag caoineadh sa cheann eile.

Is cosúla ina dhiaidh sin an t-oideachas a fuair sé, ar oiliúint í nach raibh “about Igbo things”, gur bhain le taithí beatha a bhí deoranta ar fad.

Is cumhachtach é glam na meán agus ceannas an oideachais. Eolas dá laghad ní raibh ag Chinua Achebe ar litríocht an Bhéarla go dtí gur fhoghlaim sé ar scoil í.

Bhí Jane Austen ina gin mhearbhaill do Chimamanda Ngogi Adichie, mar atá dá lán. Scríobh sí scéalta scoile ina raibh an lá ag cur sneachta bíodh nach bhfaca sí sneachta riamh.

Ba dhóigh le Ngugi Wa Thiongo gur laochra ba ea iad na cótaí dearga a rinne ár ar a mhuintir féin. An seanscéal céanna, dá ráiteachas Achebe féin gurbh é a ghoill air “the colonization of one people’s story by another”.

Tá saol na hÉireann, an té a thuigfeadh é, ríofa trí shaol na hAfraice, nó a mhalairt sin timpeall, más fearr leat. Táimid lánchompordach le saol na hilchríche sin, mar is dóigh linn nach mbaineann linn. Ach mar a mhaígh Achebe é féin agus é ag tarraingt as béaloideas a mhuintire – “Go dtí go mbeidh a gcuid staraithe féin ag an leon, beidh an insint ar fad faoin sealgaire.” Cé déarfadh nach é sin scéal na hÉireann go híre mhór?

Rinne mé féin úrscéalta Chinua Achebe a theagasc do mhic léinn sa Nigéir nuair nach raibh stádas clasaiceach fós bainte amach acu.

B’oscailt súl dóibh é. Samhlaigh Tír Chonaill gan Máire, Conamara gan an Cadhnach. Ba de shuimiúlacht, áfach, nach raibh gach duine tógtha leo. Bhain siad ródhlúth le náisiún Igbo Achebe féin.

Ba lánmhinic a d’fhiafraigh siad cá raibh na húrscéalta a bhain leis an Yoruba, leis an Tiv, leis an Efik, leis an Hausa, leis an Ogoni – óir níl a leithéid de rud agus Nigéireach, ná Afracach ann i leataoibh ón náisiún ar de é.

Oireann dúinn iad a thabhairt chun an aon chineáil amháin, ar nós gur thug siad “Eorpach” ormsa, rud a ghoin go beo mé. B’ionann “Eorpach” dóibh agus duine de lucht an choncais.

Bhí tráth ann nuair a bhíodh na Francaigh ag trácht ar scríbhneoirí engagé . Is é sin scríbhneoirí a chuaigh i ngleic leis an saol poiblí agus a ghlac seasamh i leith na mórcheisteanna poiblí agus polaitiúla.

Sa leabhar is déanaí uaidh a foilsíodh roimh Nollaig There Was a Country – a thuairisc féin ar mhúchadh Bhiafra – deir sé gurb é gnó an scríbneora “to take side with the powerless”. Dhein sé sin, murab ionann agus go leor eile.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.