2016: fís, físeán agus dearmad na réabhlóide


Ní raibh mórán cuimhneacháin beartaithe sa Phoblacht i 1991, 75 bliain ó Éirí Amach 1916. Thug rialtas Chathail Uí Eochaidh faoi chomóradh beag míleata a eagrú den chéad uair ó na 1970í. In aiste sa chnuasach Revising the Rising, rinne an scríbhneoir Damien Kiberd tagairt d'eachtra i stair na Fraince: Eilifint Dhearmad na Réabhlóide.

Seo dealbh a thóg an tImpire Napóilean Bonaparte (ceannaire arm na Fraince ó 1799- 1815) le comóradh a dhéanamh ar bhuanna cogaí éagsúla – agus ar mhaithe le cuimhní Phoblacht na Fraince a chur ó dhoras. Tógadh an eilifint ar shuíomh sheanphríosún an Bastille. Bhí sé i gceist déanamh cré-umha a chur air, ach toisc é a bheith sáinnithe i bhfeachtas mírathúil sa Spáinn, bhí an stát gann ar airgead. Cuireadh déanamh plástair air: “eilifint bhán”.

Thit Impireacht Napóilean, agus de réir a chéile, chuaigh an dealbh i léig ó bháisteach agus easpa chúraim, d’fhás féar air, agus tharla inmhíolú francach. Bhaist roinnt saoránach “Eilifint Dhearmad na Réabhlóide” ar an struchtúr suarach.

I 2016, beimid, is cosúil, ag déanamh comórtha ar 100 bliain ón Éirí Amach. Tá an dearcadh ó dheas i leith na heachtra seo dulta trí athruithe suntasacha ó phléasc na Trioblóidí sa Tuaisceart sna 1970í. Ní raibh an Rialtas ag iarraidh spreagadh a thabhairt d’fheachtas an IRA agus stop siad den chomóradh ag Ard-Oifig an Phoist. Bhí próiseas “athbhreithnithe” staire ar bun, ceangailte le riachtanais pholaitiúla agus dea-chaidreamh Angla-Éireannach. Níor cuireadh an comóradh míleata ar bun arís (1991 as an áireamh) go dtí 2006, nuair a d’fhógair Bertie Ahern go ndéanfaimis craobhscaoileadh ar “ár bpoblachtachas”.

READ MORE

Bhí síocháin i réim sa Tuaisceart agus tháinig 120,000 amach ar na sráideanna.

Ó shin, thit an tóin as an Tíogar Ceilteach agus as na bainc. B’fhacthas don Rialtas gur ghá iad a tharrtháil le sealbhóirí bannaí a shásamh agus cuireadh polasaithe déine i bhfeidhm faoi mhaoirseacht Troika idirnáisiúnta, ar mhaithe le fiacha a íoc leis an IMF agus leis an Aontas Eorpach – ciorruithe caiteachais, cánacha breise agus flaitheas caillte.

Fís Fhorógra na Poblachta ligthe le sruth. Anois, tá an Troika bailithe leo arís, agus cé go bhfuil feabhas beag ar chúrsaí geilleagair, tá an t-ualach cána a d’ordaigh siad fós ag cur brú ar theaghlaigh.

Tá an sciar deireanach den phróiseas – táillí uisce – ag cur oilc ar dhaoine agus léirsithe á n-eagrú go forleathan. Pobal feargach tiontaithe in aghaidh pháirtithe an Chomhrialtais.

Is sa chomhthéacs seo a d’fhógair an Taoiseach, Enda Kenny, creatlach do chomóradh 2016 tamall gairid ó shin: “Ireland 2016”.

Bheadh cúig “théama” ag baint leis: Cuimhne ar stair “chomhroinnte”; Athmhuintearas; Samhlaíocht; An Aimsir i Láthair; agus Ceiliúradh. Blas láidir sa chreatlach de chlár “an Tóstal” a bhí ar siúl i 2013.

Beidh le feiceáil cén toradh a bheas ag an bpróiseas comhairliúcháin atá á thionscnamh.

Ach tarraingaíodh raic láithreach de bharr gné amháin a nochtadh ar an oíche: físeán spleodrach (tá fuaimrian Gaeilge den scoth ann ó Seo Linn).

I ndiaidh sraith d’íomhánna stairiúla dubh-agus-bán a bhí thart in achar gairid ama, cuireadh os ár gcomhair manglam mór fada bolscaireachta faoi iontais an chaidrimh reatha Angla-Éireannaigh/Thuaidh-Theas: banríon Shasana; David Cameron; “Bráithre an Gháire” Paisley agus McGuinness agus searmanais leagadh bhláthfhleasc poipíní. Íomhánna eile ann le blaiseadh d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe, an Tóstal agus scléip, daoine ag léim san uisce ó bharr aille.

Tagairt ná íomhá ní raibh ann den bPiarsach nó de dhaoine eile a bhí bainteach leis an Éirí Amach féin. Tá cáineadh déanta air go forleathan: ag ionadaithe ó ghaolta lucht 1916, ó pháirtithe polaitiúla agus ag daoine ar gréasáin shóisialta.

Ag an seoladh in Ard-Oifig an Phoist, rinne gaolta áirithe 1916 baghcat ar an ócáid de bharr míshástachta le moill phleananna comórtha an Rialtais agus cur chuige doiléir an Aire Heather Humphreys.

Níl na gaolta féin ar aon fhocal. Bhí cruinniú ag roinnt acu – i gcomhar le dream ón bhfeachtas um tharrtháil láthair chatha Shráid an Mhúraigh – in Óstán Wynn’s ar na mallaibh.

Cuireadh clár malartach faoina mbráid, le moltaí éagsúla imeachtaí acu – tarrtháil an láthair chatha ar an chloch is mó ar a bpaidrín.

Dúirt urlabhraí amháin go bhféadfadh turasóir cuairt a thabhairt ar an ardchathair agus gan tada a fheiceáil a thabharfadh le fios go raibh réabhlóid ann.

Ach bhí moladh suimiúil eile acu. I 2003, tógadh spíce i lár Shráid Uí Chonaill in aice láimhe Ard-Oifig an Phoist. Struchtúr ard lom le solas ag a barr agus dromchla frithchaiteach air.

Seasann sé, dar le roinnt daoine, don easpa físe sa Phoblacht reatha. Ba chóir, dar le lucht chruinniú an Domhnaigh, go n-athainmneofaí é i 2016 mar “An Claidheamh Soluis”.

Mura ndéanfaí seo, tá moladh agam a dhéanfadh comóradh ar Éirí Amach agus Aineolas araon.

Seans go mbeidh ionad siopadóireachta beartaithe don láthair chatha faoi 2016.

Mar sin, céard faoi “Spíce Dhearmad na Réabhlóide”?