Úrscéal nach raibh riamh as cló

100 bliain ó shin a foilsíodh Of Human Bondage


Tá 100 bliain ann an mhí seo ó foilsíodh Of Human Bondage le William Somerset Maugham, ceann de na húrscéalta is cáiliúla agus is tarraingtí a scríobhadh sa teanga Bhéarla.

Ó thaobh liosta ar bith de na húrscéalta is fearr sa 20ú haois, is féidir bheith cinnte de go mbeadh Of Human Bondage san áireamh. Mar shampla, féach "The 100 best English-language novels of the 20th century" de chuid an Modern Library nó an liosta a roghnaigh Robert McCrum, príomhthuairisceoir liteartha an Guardian don nuachtán sin.

Scríobh Maugham an-chuid úrscéalta agus gearrscéalta, chomh maith lena lán drámaí, scripteanna scannán agus mar sin de. Mar sin féin, glactar leis gurb é Of Human Bondage an rud is fearr a tháinig óna pheann. Cheap sé féin gurbh é an t-úrscéal ab fhearr a scríobh sé ach ba é Cakes and Ale an ceann ba mhó a thaitin leis féin, rud a chuir sé in iúl i mbrollach a chum sé d'eagrán an úrscéil sin a d'fhoilsigh an Modern Library i 1950.

Is é Philip Carey príomhcharachtar Of Human Bondage. Tosaíonn an t-úrscéal le bás a mháthar nuair nach bhfuil sé ach naoi mbliana d'aois.

READ MORE

D’éag a athair cúpla mí roimhe sin agus téann an garsún chun cónaithe lena aintín agus a uncail, atá ina bhiocáire. Déanann a aintín a dícheall bheith ina máthair mhaith ag an ógánach ach is duine fuar é a uncail.

Cuirtear chun scoil chónaithe é. Tá cam reilige ann agus tá saol na scoile deacair dó. Ba mhaith lena uncail go ndéanfadh sé iarracht scoláireacht a fháil d’Ollscoil Oxford ach b’fhearr le Philip dul chun na Gearmáine agus déanann sé amhlaidh.

Taitníonn an turas leis ach cuireann a ghaolta ina luí air printíseacht a fháil.

Ní éiríonn rómhaith leis sin ach, lena linn, téann sé go Páras ar turas gnó agus, mar thoradh air sin, téann sé go ranganna sa Fhrainc chun staidéar a dhéanamh ar an ealaín.

Tuigeann sé nach mbeidh sé ina ealaíontóir gairmiúil agus filleann sé ar Shasana chun staidéar a dhéanamh ar leigheas, gairm a athar.

Agus é sa scoil leighis, buaileann sé le freastalaí – Mildred – agus titeann sé i ngrá léi.

Níl na mothúcháin chéanna aici dó agus nuair a insíonn sí dó go bhfuil sí chun pósadh, tá sé croíbhriste. Ach filleann Mildred tamall ina dhiaidh sin agus páiste á iompar aici – thréig an fear í.

Cé go bhfuil cailín eile ag Philip um an dtaca seo, fágann sé í agus cabhraíonn sé le Mildred. Ach titeann sí i ngrá le cara Philip agus as go brách léi. Buaileann sé léi tamall ina dhiaidh sin, í ina máthair gan phósadh, agus tógann sé isteach arís í.

Ach níl sé i ngrá léi a thuilleadh; mar sin, scriosann sí a lán rudaí sa teach agus imíonn sí léi. Buaileann sé uair amháin eile léi san úrscéal; tá sí ag obair mar striapach agus tá sifilis uirthi. Molann sé di éirí as ach ní éisteann sí leis.

Sa chuid eile den scéal, oibríonn Philip i bpostanna difriúla agus tarlaíonn rudaí maithe agus dona dó ach, nuair a fhaigheann a uncail bás, tá go leor airgid ag Philip chun a oideachas leighis a chríochnú.

Tosaíonn sé ag obair do dhochtúir in áit bheag faoin tuath. Diaidh ar ndiaidh, éiríonn sé an-chairdiúil le hiníon an dochtúra agus, cé go raibh sé ar intinn aige dul ar turas ar fud an domhain, beartaíonn sé an cailín seo a phósadh.

Tá a lán gnéithe de shaol Maugham féin san úrscéal seo. Ní raibh cam reilige ann ach bhí drochstad cainte air. Cailleadh a thuismitheoirí nuair a bhí sé óg agus chónaigh sé le huncail athartha, biocáire agus fear fuar.

Chuaigh sé go scoil chónaithe, a bhí deacair dó, agus chaith sé seal sa Ghearmáin. Rinne sé staidéar ar leigheas ach, toisc chomh maith agus a d'éirigh lena chéad úrscéal, Liza of Lambeth, chuaigh sé leis an scríbhneoireacht.

Bhí an-suim ag Maugham sna healaíona agus luaitear níos mó ná 30 ealaíontóir san úrscéal. Bhí sé ina homaighnéasach, ach le linn na tréimhse inar mhair sé, ba rud coiriúil é sin.

"Fact and fiction are so intermingled in my work that now, looking back on it, I can hardly distinguish one from the other," a scríobh sé i Summing Up (1938).

Is léir gur saghas saorghlanta a bhí ann do Maugham Of Human Bondage a scríobh: "I found myself free from the pains and unhappy recollections that had tormented me."

Ón uair a foilsíodh an t-úrscéal 100 bliain ó shin, ní raibh sé riamh as cló.