Ó Chonamara go Cannes le TG4

Tá TG4 le fadscannáin a léiriú, scannáin a bheidh le feiceáil sa phictiúrlann


Ní bheifeá i mbun áibhéile dá dtabharfá “uaillmhianach” ar scéim nua TG4, Cine4. D’fhógair stáisiún Chonamara an tseachtain seo caite go mbeadh scéim nua maoinithe acu le fadscannáin a léiriú – an chéad uair go raibh a leithéid de thionscnamh ar fáil.

Beidh muintir Bhaile na hAbhann ag dul i bpáirt le Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann le scannáin fhada a léiriú, scannáin a mbeidh “scéalaíocht láidir, samhlaíocht fhísiúil agus luachanna arda” iontu, deirtear.

Cuirfear ciste forbartha €25,000 ar fáil le cúig thogra nua a mhaoiniú agus roghnófar beirt acu sin le léiriú. Buiséad suas go €1.2m a bheidh ar fáil ag an dá thogra bhuacha. Ní amháin go mbeidh na scannáin seo le feiceáil ar TG4 ach beidh seal sa phictiúrlann acu fosta agus beidh siad le feiceáil ar fhéilte scannán fosta.

Seo chugainn Cannes!

READ MORE

Beidh an scéim nua ar siúl ar bhonn píolótach idir 2017-18 agus é mar chuspóir ag na maoinitheoirí é a reáchtáil go bliantúil ina dhiaidh sin agus dhá scannán fhada Ghaeilge a choimisiniú gach bliain go ceann ceithre bliana.

Thuigfeá, dá réir sin, an mórtas a bhain leis na ráitis a d’eisigh na rannpháirtithe. Dúirt ceannasaí TG4 Alan Esslemont go raibh “an drámaíocht Ghaeilge i gcroílár TG4 ó bunaíodh an tseirbhís” agus go gcuirfeadh “an togra nua seo ar ár gcumas bonn seasmhach a chur faoin gcéad chéim eile sa bhforbairt seo – an scannán fada Gaeilge. Is léir go bhfuil an tallann ar fáil chuige agus tá éileamh ar thogha na scannán ar fud an domhain, beag beann ar an teanga atá in úsáid iontu”.

Dúirt príomhfheidhmeannach Bhord Scannán na hÉireann James Hickey, go raibh sé “thar a bheith tábhachtach go ndéanfadh an earnáil chraolacháin phoiblí infheistíocht i dtallann cruthaitheach na scannán in Éirinn”.

Bhí Michael O’Keefe, príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, ag iarraidh “an t-ábhar Gaeilge atá ar fáil don lucht féachana a chothú agus a chur chun cinn. Is cruthúnas ar thábhacht na páirtíochta go bhfuilimid féin, BSÉ agus TG4 tagtha le chéile chun an scéim nuálach seo a bhunú”.

Uaillmhianach, mar sin, agus nuálach – na nithe sin ar fad a bhí luaite le TG4 an chéad lá a bunaíodh an stáisiún. Ní bheidh lá moille ar dhuine ar bith an t-airgead a iarraidh (agus a chaitheamh!) ach an fíor go bhfuil an tallann ar fáil le go mbeadh rath mar ba cheart ar an fhiontar?

An bhfuil go leor déanta ag TG4 go dtí seo le scríbhneoireacht na Gaeilge a chothú agus an mbeidh siad in ann teacht ar go leor scríbhneoirí cumasacha leis an oiread sin scripteanna maithe a chur ar fáil?

Sin, b’fhéidir, an t-ábhar imní is mó faoi Cine4. Moltar an misneach ach... Ní bréag a rá gurb earnáil iontach crua í earnáil na teilifíse Gaeilge agus go bhfuil an lámh in uachtar ag an éadóchas ar mórán daoine san earnáil faoin am seo. Is doiligh agus ródhoiligh slí bheatha a bhaint amach agus tá mórán de na comhlachtaí beaga léiriúcháin beo ar éigean.

Beidh le feiceáil fosta cad é an tionchar a bheas ag cur chuige nua coimisiúnaithe TG4 ar chomhlachtaí beaga Gaeltachta agus an stáisiún ag tairiscint conarthaí ilbhliana as seo amach, scéal a bhí le léamh ar tuairisc.ie Dé Céadaoin seo caite, an lá céanna agus a fógraíodh scéim na bhfadscannán.

Ba í an drámaíocht ab fhearr a bhí ar TG4 ná ábhar a scríobh daoine le Gaeilge. An donas a bhí ann nach raibh go leor di le feiceáil. Thug an preasráiteas a d’eisigh an stáisiún le fios go dtabharfaí “tosaíocht do chomhlachtaí léirithe a bhfuil polasaí soiléir acu an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga oibre léiriúcháin”.

Tá go maith – ach cad é faoi theanga na cumadóireachta fosta?

Agus ábhar? Bhuel, beidh sin chomh deacair céanna. Dá fheabhas an t-airgead, i dtéarmaí na Gaeilge de, ní mórán é i dtéarmaí comhaimseartha scannánaíochta. An mbeidh an scríbhneoir agus an comhlacht léiriúcháin in ann “scéalaíocht láidir, samhlaíocht fhísiúil” a thabhairt le chéile mar is ceart?

Ní bheidh duine ar bith ag súil le Gardaí an Réaltra i nGaeilge ach an mbeidh an cumas ann rud chomh greannmhar le Dog Soldiers, abair, a chur ar fáil? Scannán é sin ina bhfuil Sean Pertwee agus Liam Cunningham s'againne – an t-aisteoir sa tsraith, Cluiche na Corónach.

Baineann sé le buíon bheag saighdiúirí ar an uaigneas in Albain. Ionsaíonn con-riochtaí iad agus, bhuel, tig leat a shamhlú cad é a tharlaíonn ina dhiaidh sin. Ní scannán mór de chuid Hollywood é; níl cuid mhór aisteoirí ann agus níl na gimicí speisialta thar moladh beirt i gcónaí. Mar sin féin, tá scéal agus samhlaíocht ann.

An dtig le lucht na Gaeilge a leithéid a chruthú? Nó an mbeidh scannáin fhada ann a chuirfeadh gruaim ar an Lochlannach féin? Idir an dá linn, agus TG4 ag tabhairt faoi dhúshlán na scannán fada, cad é an cineál drámaíochta a bheidh le feiceáil ar an scáileán bheag s’acu féin?