Éiríonn Ó Cuirreáin as a chúram mar choimisinéir

Bronntar litir buíochas ar an gCoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin tar éis dó éirigh as

Colm Mac Donncha, ar dheis, ag bronnadh litir buíochais thar ceann mhuintir na Gaeltachta ar an gCoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin tar éis dó éirí as a phost. Bhí os cionn 1,000 duine i láthair agus shiúil siad ó oifig an Choimisinéara i Sidheán, An Spidéal, go dtí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha le litir gearáin agus éilimh a thabhairt d’ionadaí na roinne ansin. Grianghraf: Seán Ó Mainnín

Wed, Feb 26, 2014, 10:45

D’éirigh Seán Ó Cuirreáin as a chúram mar Choimisinéir Teanga Dé Domhnaigh i ndiaidh deich mbliana a chaitheamh i mbun oibre.

Reachtáil lucht na Gaeilge mórshiúl i gConamara leis an lá a chomóradh agus le litir a thabhairt do Ó Cuirreáin, ag cur a mbuíochais in iúl dó as a chuid oibre.

‘Dearg le fearg’
Dúirt Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge gur léirigh “an méid daoine a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath an Satharn seo caite agus iad ‘dearg le fearg’ go raibh aird dírithe aige ar fhaillí an státchórais i leith na Gaeilge agus go raibh pobal na Gaeltachta is lucht na Gaeilge dúisithe anois agus nach mbeadh siad sásta a thuilleadh glacadh leis an muga maga is an cur i gcéill a bhíonn ar bun go rómhinic i dtaobh chearta lucht labhartha na Gaeilge”.

Lena chois sin, d’fhág lucht an léirsithe litir in oifigí Roinn na Gaeltachta don Aire Stáit, Dinny McGinley, ag cur a míshástachta in iúl dó agus “ag iarraidh air agus ar an Rialtas, deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú ar na bacanna atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht ina dteanga féin”.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.