Ár na sár

Doirtear fuil ar son na himpireachta ach imíonn sí ina ainneoin sin


Tá mórán buanna ag leabhar nua Simon Sebag Montefiore, The Romanovs – 1613-1918 (Orion Books).

Thiocfadh leat suntas a thabhairt don dóigh a gcuireann sé na céadta bliain de stair os comhair an léitheora gan stró ar bith; tiocfadh leat iontas a dhéanamh den stíl chumasach scríbhneoireachta atá aige ionas nach ndéanann tú dearmad de gur scéal daonna atá romhat agus thiocfadh dó go gcuirfeadh an rud ar fad mearbhall ort – an oiread sin daoine, an oiread sin cumhachta, an oiread sin corp – agus an oiread sin focal mór i mBéarla.

(Faoin léitheoir féin a fhágfaidh mé fáil amach cad is ciall le “parodomaniac”.)

Ach b’fhéidir gurb é an rud is mó a chuireann an tÉireannach le Gaeilge sonrú ann ná tús an leabhair – 1613.

READ MORE

Tá Cogadh na Naoi mBliana thart in Éirinn; tá na hiarlaí imithe agus tá an tír bheag seo ar aistear achrannach dá cuid féin – aistear nár tháing chun críche go fóill. Sea, is maith is eol dúinn ár gcás féin.

Is maith mar is féidir linn cur síos a dhéanamh ar na cathanna a d’fhág lorg agus cneá orainn.

Ach, dá olcas é, dá fhuiltí é, tharla an rud céanna thoir i dtír sin na Romanov.

Luaitear Cromail ar éigean: “When battle commences you and your men must go forward singing on God’s mission. Go into battle joyfully!” wrote Alexei to his general, Prince Nikita Trubetskoi, sounding like his contemporary Oliver Cromwell.”

Oiread chéanna le Cromail, ní raibh drogall ar thiarnaí cogaidh ár a imirt ar dhaoine: “Somewhere between 20,000 and 100,000 Jews were massacred in such gleefully ingenious atrocities – disembowelled, dismembered, decapitated; children were cutleted, roasted and eaten in front of raped mothers – that nothing like this would be seen in the bloodlands of eastern Europe until the Holocaust of the 20th century.”

Leantar den sléacht ar feadh na gcéadta bliain, i dtíortha i gcéin agus i gcóngar, agus muintir Romanov lárnach sa scéal ar fad.

Cuirtear pobail chun claímh agus cathracha chun tine. Fágtar na milliúin corp ina luí thar na céadta bliain. Céastar cimí agus cuirtear daoine chun báis ar dhóigh nach gcreidfeá.

Agus taobh thiar den fhuil ar fad, tógtar caisleáin – de réir na gcorp a thógtar na caisleáin – agus impireachtaí.

I ndiaidh do na sáir, do na ginearáil agus do na polaiteoirí an fhuil a ghlanadh dá lámha, cuireann siad síoda orthu féin, molann a chéile, buaileann craiceann le duine ar bith atá fonnmhar craiceann a bhuaileadh, cruinníonn airgead agus ór, feallmharaíonn a chéile agus tosaíonn an damhsa marfach arís agus arís eile.

Thug muintir Romanov anbhás ar dhaoine agus tugadh anbhás orthu féin sa deireadh.

Tá Napoleon sa scéal fosta. Bíonn tú go minic ag cur ceiste ort féin cad chuige nár chuir sé tuilleadh saighdiúirí chun na hÉireann?

Róghnóthach leis an sár a bhí sé; róghnóthach a bhí sé ag troid cathanna móra millteanacha thoir.

Cuireann an leabhar i gcuimhne duit go raibh cumhachtaí eile san Eoraip lá den saol.

Bhí impireacht ag na Sualannaigh agus throid siad in éadan na Rúiseach ar feadh na mblianta.

Leoga, bhí an lámh in uachtar acu in aghaidh na Rúiseach minic go leor ach níorbh fhéidir leo an béar a chloí ar fad.

Imeacht impireachta

Diaidh ar ndiaidh a d’alp na sáir tailte na Sualainne siar – mar a d’alp siad tailte na Polainne agus na dtíortha eile máguaird siar.

(Ní gan chúis a thug Montefiore “Court of the Red Tsar” mar fhotheideal ar a leabhar iontach ar Stalin.)

Níor tháinig mórán d’athrú ar an dóigh a gcaitheann tíortha móra le tíortha beaga – ná an dóigh a mbíonn tíortha beaga ag iarraidh comhghuaillíocht a bhunú in éadan tíortha móra.

San áit a mbíodh cur agus cúiteamh ann idir, abair, an Pholainn, an Phrúis, an Ostair agus an tSualainn in éadan na Rúise; tá cur agus cúiteamh anois ann idir an Pholainn agus NATO agus an tAontas Eorpach agus an Rúis.

Seans go mbíonn cruinnithe mullaigh an lae inniu rud beag níos sibhialta ná mar a bhí ach is acu atá an cuspóir céanna – cumhacht a roinnt: “On 13 September 1814, Alexander was greeted by Emperor Francis outside Vienna, where in perhaps the most self-indulgent international junket of all history, a congress of two emperors, five kings, 209 reigning princes, about 20,000 officials, from marshals and ministers to clerks and spies, and just about every gold-digger, mountebank and prostitute in Europe, maybe 100,000 in all, bargained, blackmailed and fornicated their way through banquets and balls, to reshape a continent after 20 years of war.”

Is iontach an scéal a insíonn Montefiore. Is iontach mar a thugann sé léargas don léitheoir ar imeachtaí móra agus beaga na linne agus an dóigh a mbíonn tionchar ag na himeachtaí sin ar mheon na Rúiseach agus, leoga, ar ár meon féin sa lá atá inniu ann.

Tá deireadh leis na sáir; tá deireadh leis an Phrúis agus le himpireachtaí na Breataine, na Fraince, na hOstaire, na Sualainne agus na nOtamánach.

Níorbh fhiú an braon fola.