Ábhar misnigh agus molta

‘Tá an athbheochan ar bun agus tá ag éirí léi, agus beidh sí ar bun go mbainfimid an sprioc amach’ – Uachtarán na hÉireann


Ba stairiúil an ócáid a thit amach i mBaile Átha Cliath ar 26ú Feabhra 2016 – agus ní ag trácht ar athrú ó bhonn den Dáil ná ar an olltoghchán ó dheas atáimse.

Sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Seachtain na Gaeilge 2016 agus ardfheis Chonradh na Gaeilge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an oíche úd agus thug sé ardú meanman agus ábhar misnigh do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ina chuid cainte ag an seoladh.

Mheabhraigh sé don slua a bhí i láthair gur ghlac sé na céadta bliain agus tubaiste an Ghorta Mhóir sular baineadh na cosa den teanga dhúchais in Éirinn.

Dá réir sin, dúirt sé nach raibh sa 150 bliain d’athbheochan na Gaeilge go dtí seo ach “faiteadh na súl” i saolré teanga.

READ MORE

Tá tús maith curtha againn leis an athbheochan agus is léir sin dúinne i gConradh na Gaeilge sna féilte agus sna feachtais atá idir lámha ag craobhacha agus ag baill s’againn féin, agus ag grúpaí pobail nach iad, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di chuile sheachtain bheo.

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil faoi láthair mar shampla, féile idirnáisiúnta a spreagann 750,000 duine chun leas a bhaint as an teanga timpeall na cruinne ó bhunaigh Conradh na Gaeilge í sa bhliain 1902.

Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge – idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon – agus tá lear mór imeachtaí spreagúla, éagsúla beartaithe ag dreamanna ón Astráil go hAontroim idir seo agus Lá Fhéile Pádraig.

Is gné ar leith de Sheachtain na Gaeilge i mbliana í Féile na Físe, agus is comóradh í ar thionchar agus ar thábhacht na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh ar an bhfís a bhí ag ceannairí Éirí Amach 1916.

Beidh sí á reáchtáil i scoileanna ar fud na tíre ar, nó thart ar, Lá an Fhorógra (15ú Marta 2016), áit a mbeidh idir chluichí Gaelacha, cheol, rince, amhránaíocht, bhéaloideas, agus go leor ar siúl ag daltaí scoile.

Léireoidh Gaelcholáiste an Phiarsaigh ó Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, An Filleadh ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach ar Luan Cásca mar cheann de bhuaicphointí Fhéile na Físe.

Is dráma é seo a scríobh Alan Titley go speisialta don fhéile, agus tá sé suntasach gurb é seo an t-aon dráma as Gaeilge atá beartaithe go dtí seo ag an amharclann stairiúil a léiriú i 2016.

Agus murab leor sin, tá Rith 2016 ag tabhairt faoin ollrith náisiúnta ar son na teanga a thabhairt go gach contae in Éirinn den chéad uair.

Is maith an rud é gur dream lán d’fhuinneamh iad na Gaeil!

Tá an Ghaeilge á spreagadh go hidirnáisiúnta le sraith de sheimineáir Plé 16 á reáchtáil in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe i mbliana agus beidh taispeántas uathúil an Chonartha dar teideal Athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca ag dul ar camchuairt sa Ghearmáin, i gCeanada, agus ar fud an oileáin seo sna míonna amach romhainn.

Níos suntasaí fós, más fíor don méid a dúirt sé ag an ardfheis, tá seans ann go mbeidh an tUachtarán féin i láthair ag an bhféile nuálaíoch Ravelóid chun leithéidí Seo Linn agus scoth na gceoltóirí eile ag casadh as Gaeilge ar an ardán i gCaisleán Ard Giolláin.

B’fhéidir nach aon ionadh é go mbeadh sé féin ina Ravelóidí agus é ag moladh fhéinmhuinín agus chruthaitheacht an aosa óig san athbheochan ina chuid cainte fosta.

B’iomaí uair le linn óráid an Uachtaráin go raibh air briseadh a ghlacadh toisc an bualadh bos croíléiseach a thug an lucht éisteachta dó go tráthrialta.

B’fhéidir nach mbíonn dream chomh croíúil, fuinniúil le teachtaí ardfheise Chonradh na Gaeilge i láthair an Uachtaráin go rómhinic – ach tógaimis air sin.

Bímis i gcónaí croíúil; bímis i gcónaí bródúil as ár ndaoine óga agus as ár nGaeltacht; bímis i gcónaí fáilteach roimh dhaoine nua i bpobal na teanga – iad siúd ar bheagán Gaeilge, le Gaeilge líofa, nó le dea-thoil don teanga.

Bímis saor inár n-inchinn de shíor, agus thar aon ní eile, bímis lán de dhóchas agus de spreagadh agus muid ag tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge.

Mar a dúirt an tUachtarán féin, tá sí ar bun agus tá ag éirí léi, agus beidh sí ar bun go mbainfidh muid an sprioc amach. Eolas: www.snag.ie, www.raveloid.ie, www.rith.ie agus www.cnag.ie

Is Feidhmeannach Cumarsáide le Conradh na Gaeilge í Síne Nic an Ailí