Ábhar Gaeilge ar líne agus i gcló ag The Irish Times

Bíonn míreanna nuachta agus píosaí tuairimíochta le feiceáil ar líne nach mbíonn i gcló

Ná déantar dearmad nach i gcló amháin a bhíonn ábhar Gaeilge san Irish Times. Foilsíonn an nuachtán ábhar breise, i nGaeilge agus i mBéarla, ar líne ag www.irishtimes.com/culture/treibh.

Bíonn míreanna nuachta agus píosaí tuairimíochta le feiceáil ansin nach mbíonn i gcló.

Lena chois sin, tig leat tú féin a choinneáil ar an eolas faoi na nithe ar fad faoi chúrsaí Gaeilge san Irish Times ach clárú le hEagarthóir Gaeilge an nuachtáin, Pól Ó Muirí, ar Twitter – @POMuiri.

Cuirfidh Pól Ó Muirí tvuít amach a luaithe agus atá mír nua ar an suíomh idirlín.

READ MORE

Mar sin de, bí i dteagmháil linn le go mbeidh deis againn tú a chur ar an eolas faoi gach aon scéal, beag ná mór.