Réilthíní Óir Mhic Clúin

BEOCHEIST: NÓCHA BLIAIN díreach ó cuireadh i gcló iad, seasann dhá imleabhar amach óna mhacasamhail

BEOCHEIST:NÓCHA BLIAIN díreach ó cuireadh i gcló iad, seasann dhá imleabhar amach óna mhacasamhail. Gort na foclóireachta a mbunús, Seóirse Mac Clúin a scríobh, Réilthíní Óir, Cuid a 1 agus Cuid a 2 an t-ábhar.

De chéadnithe ní mór aidhm an bhailitheora a chriathrú chun go dtuigimid na rudaí ba mhó a bhí á ghríosadh chun gnímh: “Ní inniu ná inné a bhraitheas go raibh rud éigin den tsaghas seo in easnamh orainn – leabhar a thabharfadh mór-chuid de shaibhreas na teangan do lucht na foghlama, is a chuirfeadh ar a gcumas na smaointe a dhéanamh, is a chasa, is a mhíniú, ins an nGaoluinn.”

Bhí sé gearánach faoi mhórchuid den Ghaeilge a bhí sa tsiúl, go raibh sí “tráite, leicthe, báiteach”, rud a bhraithfeadh duine le leathuair an chloig a thabhairt sa Ghaeltacht. Saibhreas flúirseach fairsing a bhí sa Ghaeilge bheo.

Fairis sin níor bheag an t-ábhar tinnis gur tríd an Bhéarla ba mhó a bhí an Ghaeilge á foghlaim is á múineadh.

READ MORE

Mar sin, ghlac Mac Clúin chuige an mana “an Ghaoluinn tríd an nGaoluinn” an teanga inti féin is tríthi féin ón gcéad lá amach. Sprioc inmholta aige agus Réilthíní Óir mar leigheas nó cuid den leigheas air.

Leis an tuiscint laistiar den ghníomhaíocht soiléirithe, cén áit a thosódh sé? Ca fhad a chaithfeadh sé leis? Cé a thabharfadh cabhair dó?

I dtaobh na háite scríobh sé: “An chéad scoth thugas liom ó uachtar bínn na Gaoltachta ón Oileán Tiar i n-iar-Chiarraidhe a bhfurmhór, agus míniú sa teangain chéadna leó.”

A aghaidh dírithe ar an mBlascaod Mór, is léir.

Ba é toradh an tsaothair an dá imleabhar úd, 539 leathanach ar fad, lánlíon aibítir na Gaeilge le mór-raidhse samplaí.

Tógaimis an litir A, 192 focal difriúil agus sampla ar shampla den uile shaghas úsáide léirithe in abairtí den chuid is mó, agus míniú ag gabháil leo.

Cuirim i gcás, “ACHRANN – Tá an dá chórda, nó aon dá ní, in achrann ina chéile, – ceangailte, greamaithe. Tá na páipéir seo in achrann orm – measctha, trí na chéile.

“Sin é mar atá an t-achrann sa chaint – dua, deacracht, – cé acu déarfá, mór, mhór, móra, móir agus mar sin díobh.

“Tá an Ghaoluinn ag teacht san achrann orthu – tá ag teacht cruaidh orthu í d’fhoghlaim; tá sí ag teacht ina gcoinne, treasna orthu, i slí éigin. Chuaigh an cheist in achrann orm – chuaigh díom í réiteach.

“Tóg an bóthár is lú achrann – is buige. Tá mórán achrann ag baint leis an gcúrsa san – tá mórán castaíocha ann.”

Gnáthshampla é seo de chur chuige an bhailitheora.

Fearadh na múrtha fáilte roimh Réilthíní Óir, cuir i gcás, The Cork Examiner, go mba leabhar é ná leagfá as do láimh go dteipfeadh an solas ort.

Mhol Micheál Ó hAodha, Aire Oideachais do lucht an Mheán agus an Ard-Ghráid an leabhar a bheith acu. Thuigfeadh na múinteoirí go maith a thairbhí a bheadh sé dóibh féin san obair.

Ghabh Mac Clúin a bhuíochas le Seóirse Mac Niocail, cigire ar na Meán-Scoileanna a chéadspreag é chun na blátha cainte a thabhairt i gcló, agus d’Éamon de Bháldron a léigh an lámhscríbhinn. Ní raibh tagairt d’éinne eile sa réamhrá aige.

Rithfeadh sé le duine fiosrach faoina leithéid ceist a chur i dtaobh an dúthaigh a roghnaigh sé dá shaothar, an tOileán Tiar. Ní foláir dúinn, ámh, dul i muinín An tOileánach le soiléiriú a aimsiú.

Thug an tAthair Seoirse Mac Clúin trí seachtaine i dteannta Thomáis Uí Chriomhthain an chéad bhliain.

Tháinig sé thar n-ais, thug mí ina theannta, ag ceartú gach a raibh i Réilthíní Óir. Ocht n-uaire an chloig suite síos gach aon lá acu, dhá théarma sa ló, ceithre huaire ar maidin agus ceithre huaire tráthnóna.

I bhfriotal Thomáis: “Sé seo an mhí ba mhó a ghoill riamh orm ar muir ná ar talamh, agus, farais sin, is mó do chuir paiseon agus fearg orm. An uair do chonac an té gur thugas an aimsir chruaidh ina theannta nár luaigh sé go raibh mo leithéid riamh ina chabhair.” (An tOileánach in eagar ag Seán Ó Coileáin)

Ní haon ionadh mar sin go ndeachaigh an gníomh náireach suarach beagchroíoch seo i bhfeidhm ar an oileánach, gur bhraith is gur bhuail sé go smior is go smúsach é.

Scéal é a thugann comhthéacs breise don bhfocal “leithéid”, is é is dóichí ar fad ná tiocfadh sé chun solais choíche ach gur labhair Tomás amach go fírinneach neamhscáfar ina thaobh.

Ní foláir dúinn idirdhealú a dhéanamh idir scríobhaí agus údar, bailitheoir agus buntobar. I dtaca le saothar Thomáis Uí Chriomhthain atá aitheanta cheana féin againn, is follasach go bhfuil bronntanas luachmhar breise le cur leis feasta.