Fuinneog orainn féin

 

CROBHINGNE:NUAIR A bhí mé féin i rang na naíonán mbeaga tháinig veain isteach i gclós na scoile lá. Siúr de chuid Siúracha na Trócaire a bhí agam mar mhúinteoir, bean chineálta chaoin charthanúil chaomh.

Mar sin féin, nuair a d’amharc sí amach an fhuinneog, thapaigh sí an deis go beo. “Sin é an veain,” ar sise, agus údarás ina glór, “atá ag teacht chun na buachaillí dána a bhreith leis go dtí Greenmount.”

Bhí lua ar Ghreenmount cheana. Focal é a caitheadh amach agus a raibh an t-aer ar tinneall ina thimpeall. Bhí contúirt san fhocal, agus bagairt. Ní dúirt aon duine linn cad a bhí ann, ach níor lú sin mar bhagairt é.

Bhí a fhios agat dá gcuirfí go Greenmount tú nár chun do leasa é. Is tú a bhí go béasach ar son nach gcuirfí go Greenmount tú. Níor chuir tú do lámha id phóca ar nós Ronan O’Gara, go fiú agus tú i rang na naíonán mbeaga.

Bhí an t-ádh liomsa mar bhí mise ag féachaint amach an fhuinneog chomh maith céanna. I rang ar bith eile dá bhféachfainn amach an fhuinneog bhí seans ann go mbeadh créachta ar mo lámha. Tharla go bhfaca an veain. Bhí an focal ‘Laundry’ scríofa go soiléir ar aon taobh amháin den veain.

Toisc gur bhuachaill maith ba ea mé, agus roinnt litreacha rúnda ar eolas agam, tuigeadh láithreach dom gur stumpa bréige a bhí á insint ag an mbean rialta chneasta chaoin chaomh chineálta nár leag méar ná leathar ná sámh slabhrach orainn riamh.

Agus tuigeadh, leis, dom gur bhain Greenmount le buachaillí eile, seachas lem leithéidse a raibh léamh agus scríobh againn agus athair agus máthair a dhéanfadh cosaint orainn in aghaidh an tsaoil.

B’é Greenmount an scoil tionsclaíochta áitiúil im chuidse de chathair Chorcaí. Tá a chuntas le fáil san náire mhíshaolta de thuarascáil ar institiúidí pionóis ógánach na tíre. Ní foláir nó bhí a samhail d’institiúid gar go leor do chách.

Ní foláir nó thuig daoine – ar leibhéal éigin – cad a bhí ar siúl iontu. B’ann dóibh mar gurbh ann do na tithe móra, gurbh ann do thithe na ngealt i mbaill áirithe, do bheairic na ngardaí chomh maith céanna.

Tithe níocháin na Maighdileánach ag cailíní, nó monarchana cnaipí. Áiteanna iad a raibh draíocht na heagla ina fáinne timpeall orthu.

Áiteanna iad a chuir corc sa chomhrá, láithreach, ar ala na huaire. Áiteanna a siúlfá thart orthu go mear, agus leathshúil thairis do ghualainn agat. B’iad rialtas na hóige iad.

Bhí tamall de bhlianta ann ina dhiaidh sin ó chuala mar gheall ar Leitir Fraic. Ach nuair a luadh é bhí an creathán céanna timpeall ar mar fhocal. Seordán folaigh éigin a raibh nimh éigin ann. B’fhéidir gur bhain sé leis an ainm féin. Tá rud éigin scanrúil a bhaineann le ‘Fraic’ a chuireann sracadh is creachadh i meabhair duit.

Is ann a chuirtí na damantaigh, is ann a bhí peiríocha an tsaoil seo le cur de ag duine sula bhfáilteofaí isteach é i bpeiríocha an tsaoil eile. Bhí a fhios ag muintir na háite a gheibheadh greim ar na buachaillí a d’éalaíodh is a sheoladh ar ais iad. Scríobh daoine deoirchuimhní cinn péine mar gheall air. An méid díobh ar éirigh leo teacht slán agus a raibh léamh agus scríobh acu. Bhí Leitir Fraic sa bhéaloideas.

Agus Daingean. Nach clangarnach doirse agus tarraingt slabhraí agus deireadh dóchais a chomharthaigh siad?

Bhí Ard Aidhin sa bhéaloideas chomh maith céanna. Aon duine a bhí i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhíodh an banna ceoil ag bualadh leo, chuala sé an chabaireacht. Níorbh ionann loinnir a gcuid gléasanna ceoil agus loinnir a n-aghaidh.

B’ionadh saoil go raibh siad in ann siúl in aon líne dhíreach amháin. Ó sea, bhí a fhios ag daoine. Ná ligimis orainn nach raibh. Cuirimis an bhéalchráifeacht agus an t-iontas uainn. Fearg tar éis na foghla ar chách a chéile anois, ach ciúnas nuair a d’oir.

An t-ómós thar chuimse a tugadh don eaglais Chaitliceach in áit aon tuiscint do dhaoine mar phobal, mar shaoránaigh, mar chomhthalán, is amhlaidh go bhfuil an t-ómós sin géillte ag daoine fadó don státchóras agus d’aicme an airgid.

Sa chás is gur tharla sé gur tháinig leanaí óga chun na tíre seo, abraimis go mídhleathach, agus cuir i gcás gur imigh siad ó radharc gan troigh gan tuairisc, do thuairim an mbeimis ag cur ár mbundún amach ar a son, abair, laidhc?