Poem

Sat, Dec 8, 2012, 00:00

   

Savita Halappanavar (In Memoriam)

In uiscí fuara Abhainn na Gaillimhe

tá eala ag coinneáil súile

ar a hál.

“Tír Chaitliceach í seo,”

a deir an dochtúir.

Tá buillí croí do ghine

ag éirí lag,

teocht ag teacht ort

is mearbhall . . .

Corraíonn lapaí beaga na n-éan eala

uiscí briste Abhainn na Gaillimhe –

an mháthair ag coinneáil súile

ar a hál.

Irish Times Culture