Tugann an teicneolaíocht dúshlán ghramadach na Gaeilge

LUAIGH “GRAMADACH na Gaeilge” le lucht na teanga agus titfidh mórán acu i laige

LUAIGH “GRAMADACH na Gaeilge” le lucht na teanga agus titfidh mórán acu i laige. Má tá ní ar bith ar domhan a chuireann mearbhall ar chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí, is é gradamach na Gaeilge é. Don chuid is mó, is ag brath ar leabhair atá lucht na Gaeilge le bun nó barr a dhéanamh as cúrsaí Gaeilge.

Ach tá deireadh anois le hútamáil na leathanach – tá Diarmaid Mac Mathúna i ndiaidh bogearraí nua, Ceart: Gramadóir Gaeilge, a chur ar fáil, bogearraí a cheartaíonn botúin ghramadaí. Bhunaigh Mac Mathúna an gnó Cruinneog sa bhliain 2003 chun áiseanna teicneolaíochta a chur ar fáil do lucht na Gaeilge. Ba í Cruinneog a d’fhoilsigh an litreoir Gaeilge, GaelSpell, litreoir do Microsoft Word.

(Tá GaelSpell ar ríomhaire baile an iriseora seo. Cheannaigh mé é agus tá sé thar barr. Agus muid ag dul i gcló, ní raibh deis agam Ceart a cheannach nó a thriail.)

Tacaíocht bhreise a thabhairt is cuspóir le Ceart, a dúirt Mac Mathúna. “Oibríonn GaelSpell agus Ceart ar shlite éagsúla,” a dúirt sé agus mhol sé iad a úsáid le chéile. Ceartaíonn GaelSpell litriú de réir mar a scríobhann tú. I gcás Ceart, ámh, ba chóir an cháipéis ar fad a scríobh, Ceart a oscailt agus an téacs a chur faoi bhráid an bhogearraí.

READ MORE

Pacáiste “saorsheasaimh” atá i gceist le Ceart agus é dírithe ar aistritheoirí, mhic léinn, fhoghlaimeoirí agus dhaoine gairmiúla. Aithníonn Ceart sleachta amhrasacha gramadaí agus cuireann sraith fuinneog eolais ar fáil don úsáideoir, a dúirt sé.

Aimsíonn Ceart frásaí nó focail a bhfuil amhras air fúthu agus déanann sé cur síos gairid ar an fhadhb. Dúirt Mac Mathúna go ndéanfadh Ceart seiceáil ghramadaí ar shéimhiú, úrú agus ar chuid mhaith rialacha eile. D’fhorbair sé an pacáiste i gcomhar le Kevin Scannell, ríomheolaí agus saineolaí teanga sna Stáit Aontaithe. Scannell a bhí freagrach as na rialacha gramadaí a ullmhú do Ceart.

Mar sin féin, thug Mac Mathúna rabhadh nach mbíonn aon ghramadóir foirfe de bharr go mbíonn teangacha daonna róchasta. Caithfidh tú profaí do chuid scríbhneoireachta a léamh go fóill. Le cois an phacáiste féin, tugann Mac Mathúna cabhair theicniúil ar líne agus tá leagan de Ceart le fáil do ríomhairí PC agus Mac.

Tá taithí mhór ag Mathúna ar chúrsaí aistriúcháin. Is colúnaí ar chúrsaí teicneolaíochta é leis an iris Idirlín Beo! agus is léiritheoir teilifíse é a bhfuil aistriúchán déanta aige ar ábhar teicniúil agus ar chúrsaí reatha.

Tá Ceart le fáil ar líne ag www.cruinneog.com: €29.99 le híoslódáil agus €49.99 leis an dlúthdhiosca a cheannach. Tá sé le fáil fosta i Siopa an Chonartha, Sráid Fhearchair, BÁC; sa siopa Cúpla Focal, Bré, Co Chill Mhantáin agus sa Cheathrú Póilí, Bóthar na bhFál, Béal Feirste.