Tostal na Gaeilge

Is é "An Chéad Ghlúin Eile" téama Thóstal na Gaeilge i mbliana

Is é "An Chéad Ghlúin Eile" téama Thóstal na Gaeilge i mbliana. Le labhairt ar an téama sin, beidh: an craoltóir agus tráchtaire sóisialta David McWilliams; Stiúrthóir RTÉ Cathal Goan; Eagarthóir Polaitíochta an Irish Examiner Harry McGee; stiúrthóir Oideas Gael agus cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Liam Ó Cuinneagáin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta Muireann Ní Mhóráin agus an t-amhránaí, Lasairfhíona Ní Chonaola.

Díreoidh an Tóstal go sonrach ar réimsí ábhair a bhfuil spéis ag daoine óga iontu: cúrsaí fiontraíochta a úsáideann an Ghaeilge mar acmhainn eacnamaíochta; Gaeilge sa chóras craolacháin; úsáid na teicneolaíochta agus cúrsaí oideachais.

Beidh an Tóstal ar siúl Dé hAoine 24ú agus Dé Sathairn 25ú Márta i nGaillimh.

Eolas: 01-6794780 nó www.tostal.ie

  • Seolfaidh Theo Dorgan leabhar nua de chuid Alan Titley, Parabolas: stories and fables (Lagan Press) oíche Mháirt ag 6.30pm sa Irish Writers' Centre, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath.