Tithe sócúlacha agus iaróg faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht

Wed, Jan 4, 2012, 00:00

LÉIRÍONN CÁIPÉISÍ de chuid Roinn na Gaeltachta a scaoileadh saor faoin riail 30 bliain gur dhiúltaigh beirt airí comhshaoil d’achainí ó chomhleacaithe rialtais leo reachtaíocht pleanála a leasú chun srian a chur ar fhorbairtí sa Ghaeltacht a bheadh chun aimhleas na teanga.

Achrann pleanála sa Spidéal, Co na Gaillimhe, a spreag Aire na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchobhair, an moladh a dhéanamh i dtús ama. Ar 31ú Deireadh Fómhair 1974, thug Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála don chomhlacht Luxury Homes Teo, 20 teach a thógáil sa Spidéal.

Reachtáileadh éisteacht bhéil faoin cheist ach ainneoin gur chuir Coiste Paróiste an Spidéil, Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Bord na Gaeilge agus go deimhin Roinn na Gaeltachta ina choinne, bhronn an Bord Pleanála cead tógála ar an fhorbairt ar 12ú Iúil, 1977.

Mheas an coiste paróiste gur chóilíneacht de Bhéarlóirí saibhre a bheadh san fhorbairt, a scriosfadh an Spidéal mar shráidbhaile Gaeltachta agus a leathnódh teorainneacha chathair na Gaillimhe siar.

Ar 4ú Lúnasa 1977, scríobh an tAire Ó Gallchobhair chuig a chomhleacaí, an tAire Comhshaoil Sylvester Barrett, ag moladh dó an tAcht Rialtas Áitiúil 1976 a leasú chun treoir a thabhairt don Bhord Pleanála iarratais ar chead pleanála i gceantair Ghaeltachta a scrúdú i dtaca lena n-impleachtaí don theanga.

Dúirt Barrett go raibh a leithéid san áireamh nuair a bhí an reachtaíocht á hullmhú ach gur measadh go mbeadh sé “virtually impossible to implement fairly and could prove highly contentious”.

Dúirt sé go mbeadh pleanálaithe nua de dhíth le meastóireacht a dhéanamh agus an chóimheá cheart a aimsiú idir impleachtaí forbartha agus teanga.

Thug Barrett fainic fosta maidir le cás an Spidéil: “What they really require is that there should be some mechanism to veto or prevent the sale of land or premises except for purposes compatible with the preservation of the language.

“In this connection, you may well be aware that it is a common experience that premises built for one purpose come to be used shortly afterwards for another. Gaeltacht landowners have not infrequently obtained permission for housing development and subequently sold the land to non-Gaeltacht people to erect the houses.”

Mhol Barrett, áfach, gur cheart iniúchadh a dhéanamh ar na féidireachtaí chun “Teastas Forbairte Gaeltachta” a thabhairt isteach.

D’fhéadfaí a leithéid a eisiúint i gcás aon fhorbairt sa Ghaeltacht seachas teach cónaithe ina mbeadh an t-iarratasóir féin ag tabhairt faoi. “This type of approach might not involve much work for your department as provision could be made for appropriate penalties which would have a deterrent effect,” a mhol Barrett.

Nocht Barrett tuairim bhreise ar 10ú Márta, 1978 go mbeadh sé leatromach diúltú d’fhorbairtí sa Ghaeltacht ar bhonn teangeolaíochta amháin agus go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh daoine ag lorg cúitimh sna cúirteanna dá bharr.

“Would your department be prepared to underwrite what could be a substantial liability?” a d’fhiafraigh sé.

Mar mhalairt air seo mhol an tAire Cosanta, Bobby Molloy, go dtabharfaí feidhmeanna pleanála d’Údarás na Gaeltachta (a bhí ar tí a bhunaithe) agus gur air a thitfeadh an cúram feasta i leith iarratais phleanála a cheadú sa Ghaeltacht.

“It is important that the Údarás play a role in housing, roads, water and sewerage and of course in Planning. The Údarás must be seen to have a vital function in matters affecting the daily lives of the people in the Gaeltacht. Otherwise it will have little relevance and be the cause of much dissatisfaction and disappointment,” a scríobh Molloy ar 20ú Feabhra 1978.

Chuir an tAire Comhshaoil in iúl, áfach, nach raibh sé i bhfách le cúraim phleanála a bhronnadh ar an údarás. Ar an lámh eile, bhí Aire na Gaeltachta ag moladh go mbunófaí coistí Gaeltachta de na comhairlí contae ar bhonn reachtúil le rialú a dhéanamh ar fhorbairtí sa Ghaeltacht.

Níor bronnadh feidhmeanna pleanála ar an údarás ach d’éirigh leis an eagraíocht réiteach a fháil ar an aighneas idir Coiste Paróiste an Spidéil agus Luxury Homes.

I mBealtaine na bliana 1980 cheannaigh an t-údarás an talamh a bhí beartaithe don eastát tithíochta. Is ann atá An Cheardlann anois, mar a bhfuil siopaí beaga ceardaíochta agus ealaíne.

Lean an t-údarás i mbun stocaireachta. Scríobh Micheál Ó Máille, an chéad chathaoirleach a bhí ar an údarás, chuig an Aire nua Gaeltachta, Máire Geoghegan-Quinn ar 25ú Iúil, 1980 ag clamhsán “nach dtugtar cothrom na Féinne don Ghaeltacht i gcúrsaí pleanála agus gur chóir go mbeadh forálacha sa dlí a bhaineann leis na cúrsaí sin lena chinntiú go dtabharfar aird chuí ar leas na Gaeltachta agus na Gaeilge”.

Scríobh sise chuig Barrett agus chuig a chomharba, Ray Burke, ag tacú le seasamh an údaráis. Thug an Búrcach le fios nach raibh sé i gceist an reachtaíocht a athrú.

Scríobh Micheál de Hál, rúnaí an údaráis, chuig bainisteoirí Chomhairle Chontae Chiarraí agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh orthu rún a rith chun na hachtanna pleanála a leasú le tábhacht na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur san áireamh i gcinnidh phleanála.

Ghlac Comhairle Chontae na Gaillimhe le rún den chineál sin a tháinig ón Chomhairleoir Pól Ó Foighil ach chuir Comhairle Chontae Chiarraí go mór ina éadan. Dhiúltaigh siad d’aon ghuth don rún.

“Is é an bhrí a bhain an chomhairle as an achaine ón údarás go gcuirfí iarrataisí pleanála os comhair an údaráis roimhré, ná gur iarracht é seo ón údarás cur isteach ar dhualgaisí dleathacha na comhairle agus do dhiúltaíodar dó seo, chomh maith, d’aon ghuth ...

“Dúirt cuid des na baill gurb é seo an chéad chéim ar fheidhmeanna pleanála a aistriú ar fad go dtí an t-údarás agus d’iarradar orm a chur in iúl duit gur cúis buartha dóibh é sin,” a scríobh Bainisteoir Chontae Chiarraí, Tomás Ó Coileáin, chuig a chomhleacaí i nGaillimh.

Ag eascairt as an litir seo, shoiléirigh Rúnaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe don Roinn “nach raibh sé i gceist ag an gcomhairle riamh go mbeadh aon bhaint ag an údarás le hullmhú pleananna forbartha nó le aon chur isteach ag an údarás ar fheidhmeanna reachtúla pleanála na comhairle”.

Chuir sé sin deireadh le feachtas an údaráis i measc na gcomhairlí contae.

Ba léir go raibh bunús le buairt na gcomhairleoirí maidir le haistriú feidhmeanna.

Ar 30ú Meitheamh, 1981, chuir an t-údarás moltaí cuimsitheacha faoi bhráid an Aire Gaeltachta nua, Pádraig Ó Tuathail (FG) maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Bhí trí rogha ann: (a) go leanfadh na húdaráis phleanála ar aghaidh mar a bhí (b) go n-ullmhódh an t-údarás plean forbartha do na ceantair Ghaeltachta agus go mbeadh sé sin mar chuid den phlean forbartha contae a bheadh á ullmhú ag na comhairlí contae agus (c) go dtabharfaí aitheantas don údarás mar údarás pleanála agus go mbeadh sé “go huile agus go hiomlán i bhfeighil cumhachtaí pleanála ins na Gaeltachtaí”.

Ba léir gurb é an tríú rogha a bhí an t-údarás ag moladh agus dúradh sa cháipéis nach athrú mór a bheadh ann ó tharla go raibh a leithéid de chumhachtaí ag gach údarás áitiúil eile sa tír.

Ach dhiúltaigh Ó Tuathail do na moltaí seo. Cuireadh in iúl don údarás gurbh ionadh leis go n-iarrfaí air a thuairimí a chur ar fáil faoin doiciméad a cuireadh faoina bhráid.

“Is amhlaidh a bheadh an t-aire ag súil le sonraí iomlána agus moltaí meáite ón údarás,” a scríobh rúnaí an aire, mar fhreagra ar 7ú Iúil, 1981.

“Ba mhaith leis an aire go mbeadh an gnáthchóras pleanála ag feidhmiú chun leasa don Ghaeltacht agus go mbeadh an t-údarás agus na comhairlí contae ag comhoibriú le chéile chun na críche sin.”

Ba sa bhliain 2000 a tugadh isteach acht a thug aitheantas den chéad uair do chás sainiúil na Gaeltachta i gcúrsaí pleanála.


Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap