TG4 sásta lena gcaidreamh craoltóireachta leis an lucht féachana
TÁ POBAL na Gaeilge níos dílse do chláracha áirithe ar TG4, ar nós Ros na Rún agus GAA Beo, ná mar atá siad do chuid de na cláracha is mó éilimh sa tír ar nós The Late Late Show agus Fair City.
De réir suirbhé nua a rinne IPSOS MRBI do TG4 ar “chroí-lucht féachana” an stáisiúin, tá Ros na Rún, GAA Beo agus Nuacht TG4 i measc na gcláracha is mó go mbíonn pobal na Gaeilge ag féachaint orthu.
Thug 51 faoin gcéad den 550 duine le Gaeilge a ceistíodh mar chuid den suirbhé le fios go ndearna siad iarracht i gcónaí gan Ros na Rún agus GAA Beo a chailliúint.
45 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh a dúirt go ndearna siad iarracht gan The Late Late Show a chailliúint.
Bhí tóir i bhfad níos mó ag pobal na Gaeilge ar an sobaldráma Gaeilge Ros na Rún ná mar a bhí acu ar a mhacasamhail i mBéarla.
36 faoin gcéad a dúirt go ndearna siad iarracht gan Coronation Street a chailliúint agus dúirt 24 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh an rud céanna mar gheall ar Fair City.
De réir an tsuirbhé déanann 36 faoin gcéad de phobal na Gaeilge iarracht gan Nuacht TG4 a chailliúint.
Is cosúil go bhfuil pobal na Gaeilge deighilte mar gheall ar chur chuige dátheangach TG4.
Dúirt 43 faoin gcéad díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé gur chóir go mbeadh gach clár ar TG4 i nGaeilge agus 40 faoin gcéad a dúirt a mhalairt.
Bhí difríochtaí sa suirbhé idir nósanna féachana mhuintir na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh di.
Dúirt 57 faoin gcéad de rannpháirtithe an tsuirbhé ón nGaeltacht gur fhéach siad go rialta ar Ros na Rún i gcomparáid le 30 faoin gcéad lasmuigh den Ghaeltacht.
Bhí tóir níos mó chomh maith ag muintir na Gaeltachta ar Nuacht TG4 ná mar a bhí ag lucht na teanga sa Ghalltacht.
A mhalairt a bhí fíor i gcás an chláir Rugbaí Beo le 28 faoin gcéad de phobal na Gaeltachta ag féachaint go rialta air le hais 44 faoin gcéad lasmuigh den Ghaeltacht.
Bhí Nuacht TG4 ar an dara clár nuachta is minice go mbíonn pobal na Gaeilge ag féachaint air, taobh thiar den RTÉ Nine O’Clock News.
43 faoin gcéad de na rannpháirtithe a dúirt gurbh é an RTÉ Nine O’Clock News an clár nuachta is minice go mbíonn siad ag féachaint air.
Dúirt 23 faoin gcéad gurbh é Nuacht TG4 an clár nuachta is minice go mbíonn siad ag féachaint air agus dúirt an céatadán céanna daoine amhlaidh faoin Six One News ar RTÉ.
