Teic ard; teagmháil íseal

Tue, Jan 31, 2012, 00:00

BEOCHEIST:“MÁS MIAN leat alt nuachta, brúigh cnaipe a haon. Más colún atá uait, brúigh cnaipe a dó. Más eagarfhocal atá uait brúigh a trí. Muna mian leat aon cheann de na roghanna thuas, fan ar an líne go dtí go labhraíonn duine dár lucht cabhrach leat ar Lá an Luain. É sin nó téigh ar an idirlíon agus scríobh alt tú féin.”

Is sampla magúil é sin den gcineál amaidí a gcaithfidh muid go léir cur suas leis ar na saolta deireanacha seo agus muid ag iarraidh duine daonna a aimsiú ar an bhfón chun ceist shimplí a fhreagairt. Is saintréith a leithéid den díphearsanú atá á dhéanamh go forleathan ar sheirbhís tar éis seirbhíse sa tír seo agus leoga go domhanda.

San aois seo nuair a mhaítear nach raibh riamh an oiread áiseanna nua-aimseartha chun freastal ar an bpobal, tá sé beagnach dodhéanta teagmháil a dhéanamh le duine seachas meaisín i gcomhlachtaí agus i gcorparáidí móra.

Le teacht an idirlín, tá sé seo imithe go dtí leibhéal na cruálachta. Bain triail as aon cheann de na comhlachtaí móra, go háirithe na comhlachtaí stáit nó leathstáit. Is le meaisín amháin a bheidh tú ag caint sa gcuid is mó acu agus ní fada go n-éireoidh tú cleachtaithe le ceol Greensleeves.

Mhaíodh na comhlachtaí seo gur “ar mhaithe le héifeacht” atá na córais seo in úsáid. Ach go bunúsach níl siad sásta an t-airgead a chaitheamh ar dhaoine a fhostú chun freastal ar a gcuid custaiméirí.

Tá siad ag taispeáint easpa measa ar a gcuid custaiméirí agus léiríonn na chéad fhocail a bhíonn go hiondúil leis na teachtaireachtaí taifeadta seo go n-aithníonn siad an gá leis an líomhain sin a shéanadh: “We value your call and so...”

Ar ndóigh, aithníonn tromlach an phobail nach bhfuil sa gcluiche suarach seo ach iarracht ar bhearna chomh mór agus is féidir a chur idir an comhlacht agus aon ghearán faoina sheirbhís.

Is dócha gurb é an sampla is fearr den meon sin a tháinig chun tosaigh i ré an rachmais, an t-éirí in airde sin a d’fhás as aoileach na sainte agus na soinicúlachta.

Is cuid é an díphearsanú seo de phatrún atá leagtha síos ag an tsíorchuardach le haghaidh brabaigh bhreise. Is é an meon seo a dhún síos brainsí beaga na mbanc i mbailte ar fud na tíre beag beann ar na fadhbanna a d’fhág sé le daoine nach raibh aon mhodh taistil acu.

Is é a chuir deireadh fosta leis na hoifigí beaga poist ar fud na tíre a chuir deireadh, ní amháin le seirbhís thábhachtach áitiúil, ach deireadh leis an aon phointe teagmhála sóisialta sa tseachtain do go leor seandaoine in áiteanna iargúlta.

Fuair muintir Bhaile Átha Cliath blaiseadh breá den meon seo go luath sa mbliain nua nuair a fuair 140,000 acu litir á rá leo go raibh an córas bailiúcháin bruscair díolta ag comhairle na cathrach le Greyhound Recycling. Dúradh sa litir go gcaithfeadh siad €100 a chur i gcuntas taobh istigh de sheachtain nó ní bhaileofaí a gcuid boscaí bruscair.

Baineadh siar as go leor, go háirithe as seandaoine nár thuig an fhoclaíocht sa litir. Ach tugadh uimhir shaor éigeandála chun déileáil le daoine a bhí ar lorg a thuilleadh eolais. Nuair a glaoigh daoine áfach, ní raibh duine ar bith ann chun a gcuid ceisteanna a fhreagairt.

Meaisín a d’fhreagair a thug roghanna (“brúigh cnaipe a haon”) agus go bunúsach an méid eolais a bhí sa litir.

Nuair a ghlaoigh siad ar an gcomhairle, dúradh leo nach raibh aon bhaint ag an gcomhairle leis an ngnó seo a thuilleadh agus gur chóir dul i dteagmháil le Greyhound.

Is é a dúirt comhairleoirí a ndeachthas i dteagmháil leo ná nár bhain an scéal leosan mar gur ag bainisteoir na comhairle amháin a bhí an chumhacht an córas bailiúcháin bruscair a cheapadh.

Chuaigh mé féin go hoifig an phoist gar dom. Bhí slua pinsinéirí ansin romham, an litir mhallaithe ina lámha acu. Ag an gcuntar bhí seanbhean tanaí liath ag iarraidh a fháil amach an gclúdódh an €100 bailiúchán an bhruscair don mbliain.

Nuair a dúradh léi nach gclúdódh, go gcaithfeadh sí airgead eile a chur sa gcuntas, bhris a gol uirthi. Cé leis a labhródh sí? Cé a thiocfadh i gcabhair?

Nuair a dhéantar príobháidiú ar sheirbhís phoiblí, ní bhíonn éinne freagrach. Bíonn an pobal gan chumhacht gan chearta. Tá an Rialtas ag ullmhú chun roinnt de sheoda tionsclaíocha an Stáit a phríobháidiú.

Bíodh reifreann againn air: “Más mian leat Bord Gáis a phríobháidiú, brúigh cnaipe a haon, más mian leat Coillte a phríobháidiú, brúigh a dó, más fear leat Caladhphort Átha Cliath a dhíol, brúigh a trí...”

Sea, go deimhin.