Tarkovsky agus feidhm na healaíne

Tue, Jan 3, 2012, 00:00

BEOCHEIST:Tarkovsky for me is the greatest, the one who invented a new language, true to the nature of film, as it captures life as a reflection, life as a dream.” – Ingmar Bergman

BÍONN A lán cainte faoin oscailteacht agus faoin macántacht sa lá atá inniu ann.

Ag éisteacht leis na polaiteoirí agus leis na tráchtairí sóisialta ar na mallaibh, bheifeá den tuairim gur smaoineamh radacach úrnua é coincheap seo na “trédhearcachta”, na tréithe sin a dtugaimid ionracas pearsanta agus poiblí orthu.

Scrúdaigh téascanna spioradálta na cruinne, is cuma cén córas fealsúnachta atá i gceist, agus is soiléir go bhfuil an fhreagracht phearsanta mar bhunchloch leo go léir.

Agus cad faoin bhfreagracht phearsanta i réimse na n-ealaíon – an scannánaíocht san áireamh?

Is minic a chloistear seandaoine ag gearán nach bhfuil i gcuid mhór de scannáin an lae inniu, go mór mór iad siúd a dhéantar san Iarthar, ach scannáin amaideacha gan bhrí.

Agus an ceart acu go minic. Ach ní mar sin do gach déantóir scannán nua-aoiseach, áfach.

Ealaín thar a bheith cumhachtach is ea an scannánaíocht. B’in tuairim an déantóra scannán Rúiseach Andrei Tarkovsky (1932-1986) ar aon chuma. Réimse thar a bheith tábhachtach a bhí ann dar leis.

Ba ghnó thar a bheith dáiríre é agus bhí dualgais chomh maith le deiseanna féiniúlachta agus déanamh airgid fite fuaite leis. Chaith sé a shaol ar fad leis an scannánaíocht agus ba shainmhíniú é an metiér sin ar a shaol féin. Ba dhlúthchuid dá dhaonnacht é.

Bhí Tarkovsky go diongbháilte maidir le brí agus feidhm na healaíne. Bhí an dá rud ar comhchéim, feidhm na beatha daonna agus feidhm na scannánaíochta, dar leis.

Ní hé gur thug Tarkovsky an t-uafás mór-ráiteas uaidh. Nuair a labhair sé b’fhiú éisteacht leis, áfach. B’eisean a dúirt faoina chuid scannán féin: “Féadann duine ar bith, más mian leis, féachaint ar mo chuid scannán faoi mar d’fhéachfadh sé isteach i scáthán, ina bhfeicfeadh sé é féin.”

B’eisean a dúirt é seo a leanas, leis, ráiteas atá níos tromchúisí fós: “Ealaíontóir gan chreideamh is geall le péintéir a rugadh dall é.” Beitheanna spioradálta muid, a dúirt an Rúiseach agus cuspóirí faoi leith le cur i gcrích againn sa tréimhse ghearr atá againn ar an saol seo.

Dúirt sé go raibh dualgais mhóra ar ealaíontóirí, is cuma an scríbhneoirí, péintéirí, dealbhóirí, cumadóirí ceoil nó déantóirí scannán iad. Bhí dualgais orthu mar d’fhéadfadh a gcuid saothar tionchar láidir a bheith acu ar a lucht féachana, a lucht éisteachta, a lucht léite. Chreid sé nach bhféadfaí an domhan briste seo a athnuachan mura dtógfadh ealaíontóirí na cruinne freagrachtaí pearsanta orthu féin arís, mura gcloífí go dlúth le feidhm na healaíne.

Bhí cúiseanna pearsanta ag Tarkovksy chun a shaol ar fad a chaitheamh ag plé na mórcheisteanna pearsanta agus fealsúnachta seo – feidhm na beatha, feidhm na healaíne, feidhm na freagrachta pearsanta, feidhm na fulaingthe fiú amháin. Bhí saol sách crua ag Tarkovsky agus d’fhulaing sé cuid mhaith lena linn.

Rugadh sa Rúis é sa bhliain 1932 ach cuireadh cinsireacht i bhfeidhm ar a chuid scannán. Is i ndeireadh a shaoil – fuair sé bás go hóg sa bhliain 1986 – a taispeánadh a chuid scannán – leithéidí Andrei Rublev, Solaris, The Mirror, Stalker, Nostalghiaagus The Sacrificeden chéad uair ina thír dhúchais.

Chuaigh sé ar deoraíocht in iarthar na hEorpa agus é fós ina fhear óg toisc gur caitheadh chomh dona sin leis agus chaith formhór a shaoil ar deoraíocht ón Rúis.

Tá an t-uaigneas agus an chumha sin a ghoill go mór air le haireachtáil i ngach scannán a rinne sé. Bhraith sé uaidh an Rúis. Go deimhin thug sé Nostalghia(1983) mar theideal ar cheann de na scannáin is cumhachtaí a rinne sé.

Is féidir linne in Éirinn an chumha agus an grá tíre sin a thuiscint níos fearr ná mórán daoine eile. Tá sráideanna na hÉireann breac le muintir Oirthear na hEorpa na laethanta seo. Ach seans nach dtuigimid mórán i dtaobh stair na “nÉireannach nua” seo.

I dtreo dheireadh a shaoil scríobh an Rúiseach Tarkovsky leabhar gearr, Sculpting in Time(1985).

Bhreac sé sios na smaointe agus na coincheapa fealsúnachta a theoraigh a shaol féin sa leabhar seo. B’fhiú é a léamh, b’fhiú é a aistriú go Gaeilge. Go deimhin, b’fhiú cuid dá mhórscannáin a bheith againn i nGaeilge.