Tíolacthaí ón spéir do mhac siúinéara
Scéal difriúil Nollag nár insíodh go dtí an lá atá inniu ann, writes ALAN TITLEY
Sna laethanta sin ghluais carbad ó íochtar an domhain go huachtar an domhain agus ar ais arís.
Agus ar a thaisteal dó chonaic fear stiúrtha an charbaid gach dá raibh ar siúl thíos faoi.
Chonaic sé na daoine á n-ullmhú féin i gcomhair na hoíche, agus meangadh na bpáistí nuair a d’éirigh siad ar maidin.
Agus, féach, bhí a fhios aige cé acu a raibh siad dána nó deas, mar bhí sé ar a shlí chun a mbailte féin.
Agus chonaic sé, leis, gach athair is máthair is an t-áthas a bhí orthu lena gclann iníon is mhac. Chonaic sé iad, agus bhí go maith.
Agus chonaic sé taistealaithe triallta an róid ar a slí go mall ag lorg bheith istigh ón bhfuacht.
Agus an cnag ar an doras agus an fear is a bhean ag impí go humhal. Agus craitheadh na nguaillí agus an síneadh méire chun an sciobóil laistiar.
Agus, féach, i gceann de na sciobóil sin bhí asal ag gángarach agus bó ag géimneach, ach chiúnaigh siad go mánla nuair a tháinig an cúpla isteach.
Agus d’fhéach sé siar ar na málaí luchtaithe ar chúl an charbaid agus léim a chroí ina chliabh mar thabharfadh siad sásamh agus sólás dá lán.
D’fhair sé na tithe i bhfad laistíos de agus bhí a fhios aige go rabhthas ag súil is ag coinne leis mar bhí stuth agus stuif aige dóibh.
Agus bhí riamh mar mhana aige go ligfí dó an mhuintir bheag óir ba lena leithéid sin ríocht na maitheasa, agus cibé áit a raibh beirt nó triúr cruinnithe le chéile ag ceannach ina ainm go raibh sé ansiúd ina measc.
Aoirí
Agus chonaic sé na haoirí ag buachailleacht ar an gcnoc agus líon a chroí le trua dóibh óir nach mbeadh sé ag teacht chucu ar an oíche áirithe seo, mar nach raibh teach ná simné acu agus nach ea amháin nach bhféadfadh sé teacht seacht n-uaire chucu, ach nach bhféadfadh sé freastal orthu seacht n-uaire faoi sheacht ndeich.
Agus ghrinnigh sé iad agus iad ag dul le fána an chnoic síos, agus chomhairigh sé na caoirigh, agus rinne áireamh ar an luach a bhí ar gach ceann acu.
Agus thuig sé go maithfí do dhaoine gach peaca ach biamhasla.
Mar b’eol dó go raibh luach mór ar gach caora díobh ar mhargadh na daoire, agus gur mhó ná san a d’fhéadfaí a gcuid olanna a chur chun críche leapacha, agus cótaí agus bábóga beaga bréige.
