'Shocker' ar Ros na Rún - titeann iriseoir i laige

‘LESBIAN KISS shocker in Ros na Rún!” a d’fhógair an preasráiteas agus “Images will be sent to your picture desk…

'LESBIAN KISS shocker in Ros na Rún!" a d'fhógair an preasráiteas agus "Images will be sent to your picture desk".

Phwoar, a dúirt mé liom féin, lesbians! Fan go bhfeice na leaideanna sa CLG na híomhánna sin.

Fan, ní hé sin an rud a dúirt mé liom féin ar chor ar bith ach "so fwhat!" Cuir na focail "lesbian kiss" isteach i nGoogle go bhfeice tú cad é a sceithfidh amach as gob cáidheach an Idirlín. Beidh sé fiche míle uair níos 'dúshlánaí' ná aon rud a cheapfaidh lucht Ros na Rún.

Ach, mar iriseoir dílis, léigh mé an preasráiteas: "Shocking new lesbian love storyline hits Ros na Rúnwhen wild child Róise kisses drug dealer Tina!"

READ MORE

Shocking? I ndáiríre? Seo an cineál ruda a chuireann i gcuimhne dom go bhfuil mé ag éirí sean. Is fada ó bhain rud ar bith den sórt seo preab asam. Leoga, chuala mé scéalta faoi lucht na Gaeilge – idir fir, mná, aerach, leispiach, heitrighnéasach – a bhí i mbun eachtraí a bhí i bhfad ní ba chorraithí ná rud ar bith a chonaic mé ar Ros na Rúnriamh.

Ba bhreá liom bheith ábalta cuid de na scéalta a roinnt leat, a léitheoir, ach níor mhaith liom aird ár gcairde léannta dlí a tharraingt orm féin. Is leor a rá go bhfuil an saol réadúil i bhfad níos iontaí ná mórán a fheiceann tú ar Ros na Rún.

Tá rud éigin truamhéalach faoin iarracht seo aird a tharraingt ar an tsraith agus an chuma air go gceapann lucht a déanta go bhfuil lucht na Gaeilge, soineanta agus seanfhaiseanta, ina suí sa bhaile ag léamh an Bhíobla agus ag rá an Phaidrín.

Seans go bhfuil cuid acu ag léamh an Bhíobla agus cé a bheadh ina dhiaidh sin orthu? Sa chéad dul síos, tá an Ghaeilge sa Bhíobla i bhfad níos saibhre ná Gaeilge Ros na Rún.

Agus sa dara dul síos, tarlaíonn rudaí sa Bhíobla a chuireann “lesbian kiss shocker” in áit an leatheuro. Ní chreidfeá cuid den stuif a tharlaíonn sa Sean-Tiomna – stuif nach bhféadfaí a chraoladh ar teilifís!

Cibé, tá mé ag éirí tuirseach den phreab bhréige seo a bhaineann leis an chlár, ní ar an ábhar go bhfuil Ros na Rúnradacach ach ar an ábhar go bhfuil sé chomh coimeádach sin. Orgy atá de dhíth faoin am seo le m'aird a tharraingt air: lesbians, gays, straights, an t-iomlán léir in aon iarraidh amháin, cosa akimbo.

Leoga, tá an t-am ag banaisteoirí na Gaeilge dea-shampla Sharon Stone a leanúint. Sea, bíodh deireadh leis an leispiachas bréige, bainigí díobh, an t-iomlán léir, gach ball éadaigh. Níl de phreasráiteas uaim feasta ach: “Banaisteoirí bare all!”

Anois ó smaoiním air, ní dóigh liom go bhfaca mé bean dheas Ghaelach nocht ar TG4 go fóill. Ná bí ag caint liom faoi shúil eile. Cad é faoi chíoch amháin? Scannal déanta atá ann! Nach dtuigeann TG4 gur sa 21ú haois atá muid, gur sochaí nua muid agus droim láimhe tugtha againn leis na seanluachanna? Molaim sraith nua do TG4 – Carnafornication. Baineann sé leis an scríbhneoir seo, Pole Murray. Tomhas cad é a dhéanann sé? Shocker atá ann!