Rithim na gnáthchainte;ceol na beatha

Tue, Jul 3, 2012, 01:00

BEOCHEIST:CHUIR RÍOMHPHOST in iúl go raibh an scríbhneoir Joyce Carol Oates ag teacht go Coláiste Ollscoile Átha Cliath le cuid dá saothar a léamh fara plé agus ceisteanna.

Tráthnóna breá grianmhar trí lá d’éis Lá Blúm bhíos i bhfochair cúpla céad duine a líon an Clinton Auditorium ar 6pm.

Le bog-ghuth amhail is dá mbuailfeá léi ar an tsráid, thosaigh Joyce Carol Oates leis an gceangal gaoil a bhí aici le hÉirinn. Luaigh sí James Joyce agus 16ú Meitheamh an lá a saolaíodh í i bpobal feirmeoireachta Lockport, Nua-Eabhrach.

Ní bhaineann a hainm le James Joyce óir “níorbh é sin an sórt teaghlaigh inar tógadh mé”. Le sinn a sheoladh isteach ina saol scríbhneoireachta luaigh sí tionchar Dubliners agus Ulysses, go háirithe.

Rinne sí idirdhealú idir scéal a insint, cuir i gcás, “Giúdach ab ea Leopold Bloom a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath” agus fáil laistigh dá mheon, dá mhothúcháin, dá fheithisí agus a leithéid.

Tugann seo tuiscint Sheáin Uí Ríordáin ar an gcapall ag dul thar bráid chun cuimhne, tagairt an athar lasmuigh de agus saol an linbh á líonadh de “chapall-alltacht agus de shodardhraíocht”.

Roghnaigh sí an gearrscéal Heat agus léirigh a raibh á rá aici. A méireanna slimfhada agus lámha mar ghléasanna tionlacain i dtiúin lena guth.

Thóg sí sinn isteach sna carachtair, cúpla ionann lena chéile, deirfiúracha 11 bliain d’aois, Rhea agus Rhoda Kunkel, a mbaile beag agus a scéal tragóideach.

Imríonn Roger Whipple, déagóir 19 bliain d’aois, leatrom ar an gcúpla. Is é croí an scéil gníomhú tola, cumhachta agus smachta agus ardaítear an cheist an bhfuil sé iomlán freagrach as a ghníomhartha.

Sa phlé cuireadh ceist ar Joyce Carol Oates i dtaobh nua-úrscéil ina bhfuil bean ceaptha ina huachtarán ollscoile. Tá an t-úrscéal suite i ndreapa chinneadh G.W. Bush i dtaca le todhchaí na hIaráice.

Dhearbhaigh sí nach raibh éinne ar a campas féin, Princeton, a bhí den tuairim go rachadh Bush chun cogaidh: “Bhí ár scoileanna ag brath ar infheistíocht, ár gcóras sláinte ag súil le beartais chun feabhais, agus ár mbóithre i ndíth a ndeisithe.”

Luaigh sí firic scanrúil i dtaobh na saighdiúirí iarchogaidh Meiriceánacha, a bhfuil níos mó díobh tar éis lámh a chur ina mbás féin ná líon a gcomhshaighdiúirí a fuair bás i log an chatha: “Mar Mheiriceánach táim náirithe ag an gcogadh.”

Chuir fear ceist uirthi i dtaobh í a bheith ina Caitliceach le linn a hóige agus ina haindiachaí anois: “Cé dúirt gur aindiachaí mé? Cé a ghlaoigh sin orm?”

Thuirling lántost ar an auditorium. Bhí daoine ag stánadh air, agus tar éis tamaill d’admhaigh an ceistitheoir gur léigh sé faoi i Wikipedia.

Gan puinn míchompoird lean sí uirthi ag plé Caitliceachais agus daoine a raibh tuairimí éagsúla i dtaobh creidimh acu.

Ag labhairt di ar chlár PBS anuraidh léirigh sí a móraidhm i leith a scríbhneoireachta: “The sort of thing I want to do is to strike a resonant chord of universality, which is best done by fiction.”

Bhí de sheans agam labhairt lena fear céile. Chuir sé ceist orm i dtaobh a mbíonn ar siúl agam agus nuair a luaigh mé go mbím ag plé leis an nGaeilge bheoigh sin a chuid fiosrachta: an raibh Gaelige ceangailte le náisiúnachas fós? Cá raibh an teanga á labhairt in Éirinn? Cén céatadán den daonra a labhair Gaeilge?

Rug mé ar an an bhfaill a cheisteanna a fhreagairt agus comhrá a bheith againn ar an nGaeloideachas agus ar thábhacht na Gaeilge agus an cultúr a ghineann, a shealbhaíonn agus a shaibhríonn sí.

Ag tagairt do scríbhneoireacht dúinn, chuir Joyce Carol béim láidir ar scríbhneoirí réigiúnacha: “Is mithid a nguthanna a chlos. Is ionann rithim na gnáthchainte agus ceol na beatha.”

Is mór an líon leabhar atá scríofa aici idir ghearrscéalta, úrscéalta is fhilíocht, breis is 70 saothar go dtí seo agus leanann sí uirthi ag saothrú dhá úrleabhar in aghaidh na bliana ar meán.

Ní nach ionadh go bhfuil oiread gradam liteartha agus ardoideachais bronnta uirthi.

Áirítear Joyce Carol Oates, Ollamh le Roinn na nDaonnachtaí agus na nEalaíon, Princeton i gcomhluadar na scríbhneoirí is bisiúla agus is ildánaí lenár ré.

Cuireadh fáilte mhórchríoch roimpi agus ghabh an lucht éisteachta breis a a chomhionann de bhuíochas léi.

Duine lách flaithiúil ealaíonta, tráthnóna suntasach, agus cuimhne a mairfidh le blianta.