Rófhada ag fanacht le reachtaíocht

Wed, Nov 21, 2012, 00:00

Tá bean óg marbh, a muintir cráite, foireann chnáimhseachais suaite, faoi néal agus tá mná eile scanraithe. An anachain seo ar fad de cheal soiléire. Fiche bliain ar an méar fhada ag rialtas i ndiaidh rialtais. Caithfear stop a chur leis an tsiléig.

Tharraing bás truamhéalach Savita Halappanavar aird ar an lúb ar lár sa dlí agus sna treoirlínte do dhochtúirí. Ní hé sin an t-aon chúis go bhfuil géarghá le cosaint reachtúil do mhná agus do lucht leighis i dtaca le toircheas contúirteach.

Dúshlán mór é don chomhrialtas ach d’aithin an dá pháirtí ina gclár rialtais go gcaithfí a dhul i ngleic leis. Bhí sé riachtanach ó thaobh dlí gníomhú agus tá tuairisc an ghrúpa saineolaithe ag an Rialtas le seachtain chun cuidiú leo é sin a dhéanamh. Sa mullach air sin chothaigh bás Savita riachtanas polaitiúil; dá ndéanfaí neamhaird de bheadh an rialtas náirithe sa bhaile agus i gcéin.

Níl na fíorais ar eolas fós faoin gcóir leighis a fuair Savita in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Níl a fhios cén fáth nár deineadh idirghabháil chun an bhreith anabaí a spreagadh, mar a d’iarr sí nuair ba léir nach mairfeadh an ghin.

Níl a fhios cén uair a thuig an fhoireann go raibh sí i mbaol báis. Níl a fhios ach an oiread cén uair a bhuail an tseipsis í nó an bhfuair sí cógaisí antaibheathacha in am tráth. Beidh an fiosrú neamhspleách ag scrúdú na gceisteanna sin agus go leor eile.

Tá a fhios againn, áfach, go bhféadfadh tubaist den tsórt seo tarlú do bhean torrach ar bith. Tá a fhios againn chomh maith go bhfuil lucht leighis éiginnte faoi na cúinsí ina dtig leo idirghabháil a dhéanamh.

Is fada cnáimhseoirí ag tabhairt rabhaidh faoin éiginnteacht sin; tá sé ráite acu go minic le seachtain anuas ach dúradar é le lucht athbhreithnithe an Bhunreachta i bhfad roimhe seo.

Liosta le háireamh iad na daoine eile a dúirt nár mhór do Rialtas na hÉireann a dhul i ngleic leis an doiléire, ina measc an Chúirt Uachtarach agus an Chúirt Eorpach.

Dúirt urlabhraithe ó ghrúpaí ar son na mbeo gan bhreith gur thubaiste a bhain le cúram leighis é bás Savita.

Dúirt siad go raibh treoirlínte Chomhairle na nDochtúirí soiléir agus leordhóthanach agus go ndéantar idirghabháil go minic in ospidéil na tíre chun beatha na mná a shábháil má bhíonn sí i mbaol ó bhreith anabaí. (Ní ghlaoitear foirceannadh toirchis nó ginmhilleadh míochaine air sin in Éirinn murab ionann agus tíortha eile.)

Ag tochras ar a gceirtlín féin a bhí na hurlabhraithe; iad ag géarú ar a bhfeachtas in aghaidh an ghinmhillte i gcás ar bith. Níl a fhios acusan, ach an oiread liomsa, cad iad na fíorais.

Bhíodar ar a ndícheall arís ag iarraidh a chur ina luí ar an Rialtas go raibh gluaiseacht na rogha á mbrú chun ginmhilleadh a cheadú go forleathan – beart nár chualas-sa aon eagraíocht ag éileamh.

I dTuaisceart Éireann léiríonn staidreamh oifigiúil go ndéantar thart ar thrí scór go leith ginmhilleadh míochaine in aghaidh na bliana.

Tá athrangú á dhéanamh ar na figiúirí faoi láthair ach is é 70+ an bunlíon. Ach an oiread leis an Deisceart tá doiléire chonspóideach maidir leis an dlí sa Tuaisceart.

Ní reachtaíocht ach cásdlí atá i bhfeidhm. Ceadaíonn sin foirceannadh toirchis má bhíonn beatha nó sláinte na máthar i mbaol agus bíonn imní ar fhoirne leighis go gcuirfeadh an stát nó díograiseoir an dlí orthu.

Tá an eagraíocht Pleanáil Clainne le fada ag iarraidh iachall a chur ar airí treoirlínte a fhoilsiú chun cnáimhseoirí agus mná a chosaint. Dúirt ionadaí Choláiste Ríoga na mBan Cabhrach go raibh siadsan ag éileamh treoirlínte ó 2004 i leith.

Deirtear gur theip ar na páirtithe sa bhfeidhmeannas i Stormont a theacht ar réiteach faoi threoirlínte. Ag deireadh na seachtaine seo thart dúirt an t-aire sláinte, Edwin Poots (DUP), go raibh sé meáite go bhfoilseodh sé treoirlínte. Ach cathain?

Nuair a bheidh siad sáthach láidir nach féidir a ndúshlán a thabhairt sna cúirteanna, arsa an roinn.

Lá éigin, mar sin.

Is furast a thuiscint go bhfuil deacrachtaí polaitiúla ag baint leis an gceist achrannach seo ar dhá thaobh na Teorann.

Tá gach páirtí in éadan ginmhilleadh “ar éileamh” agus aontaíonn formhór an phobail ar dhá thaobh na Teorann leo. Tá daoine sa Rialtas i mBaile Átha Cliath agus sa bhfeidhmeannas i mBéal Feirste a thugann diúltú coinsiasach do ghinmhilleadh i ngach cás, nach mór.

Sin é a gceart agus sin rogha phearsanta dá saol féin.

Ní bhíonn siad chomh lomtheagascach sin nuair a cheistíonn tú iad faoi choinníollacha a bhaineann le bás nó sláinte na máthar. Is chuige sin atá reachtaíocht, nó treoirlínte dochta, riachtanach.

Tá alltacht ar dhaoine faoin tsiléig.

Tá gníomh dlite do shaoránaigh.

Is mall agus is mithid.