'Póilíneacht pholaitiúil' an Tuaiscirt

Tá an claochlú ar phóilíneacht iar-RUC róthábhachtach chun é a ligean le sruth de bharr éiginnteachta nó easpa cinnireachta…

Tá an claochlú ar phóilíneacht iar-RUC róthábhachtach chun é a ligean le sruth de bharr éiginnteachta nó easpa cinnireachta.

Ní tubaiste é dílseoirí agus poblachtánaithe ar aon a bheith ag cur “póilíneacht pholaitiúil” i leith Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, an PSNI, ach is údar imní é macalla na seanaimsire.

Gaisce ab ea buanú na nuaphóilíneachta i dtús an chéid seo ach cúis bhuartha is ea an gábh ina bhfuil an PSNI tar éis trí mhí de léirsithe faoi bhratach na Ríochta Aontaithe.

Seanphort ab ea “póilíneacht pholaitiúil” i dTuaisceart Éireann. Bhíodh “SS-RUC” i measc na n-achasán ba mhíne a chaitheadh lucht léirsithe na bpoblachtánach leis an RUC.

READ MORE

Bhí tréimhse sna 1980í le linn an fheachtais ag aontachtaithe agus dílseoirí in aghaidh Chomhaontú Hillsborough nuair a thugadh lucht círéibe fogha faoin RUC.

Ar an mórchóir, áfach, b’fhacthas d’aontachtaithe gurbh iad an RUC a bpóilíní féin, fórsa cosanta an aontais. Chreid náisiúnaithe an rud céanna agus bhí mímhuinín dá réir sin acu as na póilíní.

Bhí deargnaimhdeas idir poblachtánaithe agus an RUC. Níorbh iontas mar sin gurbh údar gairdeachais é nuair a ghlac gach taobh leis an PSNI; an chéad uair ó bunaíodh Tuaisceart Éireann go raibh iontaoibh ag an bpobal fré chéile as na póilíní.

Tugadh an tseanré chun cuimhne go minic sna míonna ó thosaigh an raic faoi bhratach na Ríochta Aontaithe a chrochadh ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar laethanta áirithe, murab ionann agus gach lá.

Cheistigh na páirtithe neamhaontachtacha ar fad iompar an PSNI i leith na léirsithe; ligeadh do dhaoine bac a chur ar thrácht agus a dhul ar mhórshiúlta nó paráidí chuig léirsithe gan cead a iarraidh.

Ar an láimh eile, d’iompair cuid den lucht agóide fógraí ag gearán faoin PSNI a bheith á stopadh, leithéidí “Ní hí seo an tSín”. Ba í an fhírinne gurbh annamh a stopadh na póilíní iad cés moite de cheannsú chíréibeacha.

Nuair a bhí Jamie Bryson, cathaoirleach agus urlabhraí an lucht agóide faoin mbratach, á thóraíocht ag póilíní an tseachtain seo caite chuir Bryson teachtaireacht ar mheán sóisialta ag insint don bpríomhchonstábla nárbh ionann Tuaisceart Éireann agus an Ghearmáin sna 1930í. Cúisíodh sa chúirt é ó shin maidir le mórshiúlta agus cuireadh siar ar a choinneáil é.

Ceithre huaire fichead roimhe, cúisíodh an fear agóide iomráiteach, Willie Frazer, maidir leis na léirsithe agus cuireadh eisean ar a choinneáil go príosún Mhaigh gCabraí freisin. Tá na cúiseanna séanta ag Frazer agus Bryson.

Ardaíodh ceisteanna sa chúirt faoi bhailíocht na gcúiseamh mar go raibh aimhreas faoi stádas dleathach nó mídhleathach na léirsithe.

Dúirt bean chéile Willie Frazer gur phóilíneacht pholaitiúil ab ea gabháil a fir. Bhí sí míshásta nach raibh polaiteoirí ón DUP ná an UUP sa chúirt chun tacaíocht a thabhairt do Willie.

D’fhreagair an teachta sinsearach ón UUP, an tAire i Stormont, Danny Kennedy, gur theastaigh uaidh labhairt leis an bpríomhchonstábla faoin gcás. Thagair teachta tionóil an DUP, William Irwin, don chodarsnacht idir cás Frazer, ar diúltaíodh bannaí dó agus cás poblachtánaigh a ligeadh amach ar bannaí an lá céanna.

Ba é sin Seán Hughes ar cuireadh ballraíocht den IRA agus freastal ar chruinniú tar éis mharú Robert McCartney ina leith.

Dúirt ceannaire an TUV, Jim Allister, gur tharraing an difríocht sin droch-cháil ar riar na córa. Mhaígh ionadaí eile gur léirigh an difear go raibh an córas claonta i bhfábhar na bpoblachtánach.

Ar an láimh eile, bhí Sinn Féin ar deargbhuile mar gur tugadh Hughes chun cúirte. Bhí an feisire parlaiminte, Conor Murphy agus ionadaithe eile ó SF i láthair sa chúirt. Agus cén port a bhí ag Murphy? Lánmharcanna. Póilíneacht Pholaitiúil.

Thagair ionadaithe Shinn Féin i Lár Uladh do na cruinnithe a bhí ag na húdaráis – idir phóilíní agus pholaiteoirí – le lucht agóide agus grúpaí pobail in oirthear Bhéal Feirste a raibh baill den UVF ina measc. Ba mhór idir sin agus cúiseamh Hughes faoi chruinniú a tharla blianta ó shin, a dúradh. Bhí an port céanna acu faoi chúiseamh baill eile, Padraic Wilson, i mí na Samhna seo caite; chuir siad picéad ar cheannáras an PSNI an t-am sin. Ar ndóigh, shéan an príomhchonstábla, Matt Baggott, na líomhaintí faoi phóilíneacht pholaitiúil.

D’fhéadfadh an príomhchonstábla aird a tharraingt ar éagumas na bpolaiteoirí; tá an PSNI sa ghaiste seo de cheal gnímh ó pholaiteoirí chun conspóidí a fhuascailt.

Ní hionann sin is a rá nach bhfuil ceisteanna le freagairt ag an PSNI, ag ceannairí na seirbhíse ach go háirithe. Tá a gcur chuige i leith na léirsithe athraithe go hiomlán le seachtain anuas.

Is iomaí duine a deir go raibh sé thar am acu. Bhí a straitéis easnamhach, lochtach go dtí sin agus ba mhór idir é agus an chaoi ar láimhseáil siad agóid náisiúnach in Ard Eoin, Béal Feirste – cor a mbaineann easaontóirí poblachtánacha leas bolscaireachta as.

Tharraing sé droch-cháil ar an PSNI agus chothaigh sé faitíos faoi shéasúr na máirseála. Tá cóireáil feabhais de dhíth, faoi phrainn.