Orna ag taisteal idir Cloich na Coillte agus Canary Wharf

Wed, Jan 14, 2009, 00:00

BLIAIN ÚR; SCRÍBHNEOIR nua. Tá ábhar ceiliúrtha ag Orna Ní Choileáin – tá a chéad cnuasach gearrscéalta, Canary Wharf(Cois Life, €15), i gcló anois agus le seoladh go hoifigiúil ag deireadh na míosa.

De bhunadh Chorcaí í Ní Choileáin ach tá cónaí uirthi anois i mBaile Átha Cliath. Bhí sí ag obair in earnáil an airgeadais san ardchathair ach thug sé droim láimhe le cúrsaí airgid agus árachais le dul i mbun pinn. “Is fearr liom bheith ag scríobh agus bheith i bhfeighil an tí,” a dúirt sí an lá a ndearna an colún seo teagmháil léi agus í sa bhaile.

Éacht suntasach di féin ar bhonn pearsanta agus dá muintir atá ann mar Canary Wharf. Insíonn sí scéal go ndeachaigh a sin-seanathair ar scoil náisiúnta i gCloich na Coillte, Co Chorcaí, agus gur dhúirt an múinteoir leis dul abhaile agus teacht ar ais nuair a bheadh Béarla aige. Is beag duine againn a bheadh ábalta scaradh na teanga sin a aimsiú go sonraíoch i stair ár muintire féin. “Rud pearsanta,” a bhí ann scríobh i nGaeilge, a dúirt sí, bhí sí ag iarraidh go mbeadh an chéad leabhar ina teanga dhúchais.

Agus í óg, bhíodh sí ag scríobh i mBéarla agus chuir sí iarrachtaí isteach ar chomórtais liteartha an Oireachtais fosta. (Ní hé, dála an scéil, go bhfuil sí chomh sean sin ar fad. “Sna 20í,” a deir sí nuair a fhiafraím a haois di.)

“Thaitin an chuid sin de mo shaol liom agus ba mhaith liom béim a chur air arís,” a dúirt sí. Fuair sí cuidiú gairmiúil fosta. Ghlac Ní Choileáin páirt i scéim de chuid Bhord na Leabhar Gaeilge agus cheap an bord an scríbhneoir aitheanta, Eilís Ní Dhuibhne, mar oide aici. “Mhol sí mé agus d’éirigh go maith liom,” a dúirt Ní Choileáin.

Tá toradh an mholta sin anois i gcló agus níl ann ach tús. “Tá gearrscéalta eile agam agus tá mé le m’intinn a dhíriú ar úrscéal,” a dúirt Ní Choileáin, “tá an oiread sin smaointe i mo chloigeann agam.”

Tugann sí saothar “nua-aimseartha” ar a cuid scéalta; díríonn sí ar chúrsaí teilifíse, teicneolaíochta agus airgid sa lá atá inniu ann: “Measaim nach bhfuil go leor de sin sa Ghaeilge.” Chomh maith leis sin, féachann sí le casadh a bhaint as deireadh an scéil agus tugann sí aitheantas don scríbhneoir Roald Dahl as an tionchar sin a imirt uirthi.

Agus an mbeadh iontas ar an mhúinteoir a chuir ruaig ar a sin-seanathair a fháil amach go raibh Béarla, Gaeilge, Fraincis agus cúpla teanga eile ar eolas ag Ní Choileáin? “Buntáiste breise,” a thugann sí ar theangacha agus léann sí iontu oiread agus is féidir.

Tá deis ag lucht na Gaeilge an buntáiste sin a léamh dóibh féin anois.