Níor luaithe Údarás na Gaeltachta bunaithe gur thosaigh iaróg faoi airgead

Wed, Jan 2, 2013, 00:00

TUARASCáIL:Tá sonraí nua tagtha chun solais faoi fhiosrúchán de chuid an Gharda Síochána maidir le líomhaintí faoi chaimiléireacht in Údarás na Gaeltachta agus i gcomhlachtaí dá chuid 30 bliain ó shin.

Agus is cosúil go raibh láimhsheáil an Rialtais ar an chás ina ábhar aighnis idir iad agus an tArd-Reachtaire Cuntais agus Ciste ag an am.

As comhaid de chuid Roinn an Taoisigh ón bhliain 1982 atá curtha ar fáil go poiblí anois den chéad uair sa Chartlann Náisiúnta faoin “Riail 30 bliain” a thagann an léargas is deireanaí seo ar fheidhmiú an údaráis ina mblianta tosaithe.

Léiríonn meamram ó Rúnaí an Rialtais ar 8ú Nollaig, 1981 gur chinn an chomhaireacht go mbunófaí “an enquiry into the constitution and operation of Údarás na Gaeltachta and submit a report thereon to the Government”.

D’eascair an fiosrúchán ó iarratas rinne an tAire Stáit Michael Begley (FG) chuig Aire na Gaeltachta Paddy O’Toole. Dhá phaiste talún a cheannaigh an t-údarás i nGaeltachtaí Chorcaí agus Chiarraí a bhí ag déanamh imní do Begley agus do T.P. Ó Conchúir ó Bhaile na nGall: £150,000 a íocadh le Gerry Twomey, fear a bhí gníomhach i bhFianna Fáil, as deich n-acra talún i mBaile Bhuirne agus £60,000 a íocadh le Comharchumann Baile an Fheirtéaraigh as 30 acra sa cheantar sin.

Ba mar fhreagra ar cheist ó na meáin a fógraíodh an fiosrúchán faoi mhionn go hoifigiúil ar 22ú Eanáir 1982. Mhaígh príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Frank Flynn, nach raibh rud ar bith as bealach déanta ag an údarás sna beartais ghnó úd siocair go raibh sé mar pholasaí ag an eagraíocht bunachar talún a thógáil sna ceantair Ghaeltachta chun tionscail a mhealladh chucu. Lena chois sin, bhí an talamh i mBaile Bhuirne buailte ar eastát tionsclaíochta de chuid an údaráis.

Dúirt urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, Máire Geoghegan-Quinn, gur chinneadh polaitiúil ab ea an fiosrúchán agus go raibh an nimh san fheoil ag an Bheaglaíoch don údarás ó am a bhunaithe i 1980, tráth a bhí seisean ina urlabhraí Gaeltachta ag Fine Gael.

D’amharctaí ar an údarás mar eagraíocht chlaonta ó tharla gur baill d’Fhianna Fáil ab ea ceathrar den seachtar comhalta tofa agus gurbh é an páirtí a d’ainmnigh an seisear eile nuair a bhí siad i mbun rialtais.

Tháinig cor úr sa scéal nuair a phléigh an chomhaireacht litir a cuireadh faoina mbráid ag cruinniú ar 23ú Feabhra, 1982. Cinneadh gur gnó do Scuad Calaoise an Gharda Síochána a bhí ann anois.

Níl aon chóip den litir úd i gcomhad an Taoisigh ach tuigtear dom gur bhain na líomhaintí le sé chomhlacht a bhunaigh Gaeltarra Éireann, réamhtheachta an údaráis.

Ní mó ná sásta a bhí an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, faoin chor úr seo nuair a léigh sé faoi sna nuachtáin ar 11ú Márta. “If such a decision has been taken, suggesting as it would the possibility of financial irregularities having taken place, it could carry serious implications for the Comptroller and Auditor General who is the statutory auditor to the Authority and he would have to express his grave concern at not receiving notification of the decision officially rather than by newspaper report,” a scríobh Rúnaí agus Stiúrthóir Iniúchadh na hOifige chuig Rúnaí an Rialtais.

D’éiligh sé go gcuirfí an tArd-Reachtaire ar an eolas láithreach faoi bhunús na líomhaintí. Nóta gonta a tugadh mar fhreagra air seo a dheimhnigh go raibh fiosrúchán ar bun ag na Gardaí.

Fán am seo, bhí Fianna Fáil ar ais i gcumhacht i bhfoirm rialtais mhionlaigh. Ar 5ú Aibreán 1982, sheol an tArd-Reachtaire é féin litir “faoi rún” chuig an Taoiseach nuathofa, Cathal Ó hEochaidh.

D’admhaigh sé gur “céim neamhghnách” a bhí anseo ach go bhféadfadh go mbeadh “sinister implications” ag fiosrúchán an Scuad Calaoise dó: “I would have thought that the then Government in making such a decision would have averted to the implications of a fraud investigation for me as auditor of An t-Údarás,” a scríobh P.L. McDonnell.

Bhí iontas ar an Taoiseach nár cuireadh an tArd-Reachtaire ar an eolas faoin fhiosrúchán agus gheall sé go gcasfadh Rúnaí Roinn na Gaeltachta leis le míniú iomlán a thabhairt dó ar an chás.

Ligeadh don chéad fhiosrúchán a d’fhógair Paddy O’Toole dul i ndearmad nuair a d’athraigh an rialtas. Lena chois sin, tuairiscíodh sa nuachtán seo ar 26ú Aibreán 1982 go raibh deireadh tagtha le fiosrúchán an Scuad Calaoise ar chúig cinn de na gnónna a bhí á bhfiosrú acu agus go raibh siad sásta nach raibh aon chaimiléireacht i gceist. Ní raibh an séú comhlacht i mbun gnó a thuilleadh.

Ach ní raibh sáraíocht na bpolaiteoirí thart, ná baol air. Mhol Enda Kenny agus Paddy O’Toole rún os comhair na Dála i mí Iúil ag lorg “fiosrúchán breithiúnach mar ábhar práinne” ar mhodhanna oibre an údaráis.

Rinne an Rialtas leasuithe ar an rún seo, áfach, ag moladh go ndéanfadh an Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú ar an údarás agus go ndéanfaí moltaí chun feabhas a chur ar an eagraíocht. Glacadh leis an rún sin ar 7ú Iúil, 1982.

Níl a thuilleadh sa chomhad faoi seo ach ba léir go raibh tús curtha le próiseas iniúchta ar an údarás, próiseas a bheadh mar thoradh air go mbrisfí baill den bhord lá níos faide anonn.

* Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap.