Ní mór don Rialtas gníomhú

Wed, Dec 5, 2012, 00:00

   

Ní fada ó bhí an Rialtas ag gríosú an phobail chun vótála ach níl deifir orthu féin gníomhú anois, writes ÁINE NÍ CHIARÁIN

Mí ó shin b’iad cearta páistí an t-ábhar mór práinne. Bhí gach Teachta Dála agus Seanadóir seachas duine ag áiteamh orainn teacht amach agus vóta a chaitheamh don 31ú leasú ar an mBunreacht chun páistí agus a gcearta a chinntiú.

Ó d’éirigh leis an Rialtas sa reifreann ar 10ú Samhain is beag atá cloiste againn faoin ábhar. Ó shin i leith is mó aird atá tugtha ar ghinmhilleadh agus ar an leanbh gan bhreith ná orthu siúd atá ar an saol seo.

Ní hionadh sin, ar ndóigh, i bhfianaise ar tharla do Savita Halappanavar agus an chaoi ar láimhseáil an Rialtas agus an tAire Sláinte James Reilly a cás.

Le barr a chur ar an donas bhí an scéala sin díreach ag briseadh nuair a fuair an tAire Sláinte tuarascáil Uí Riain maidir le moltaí i dtaca le cás X agus, ó shin i leith, tá an dá scéal go mór sa nuacht. Ní cúis ar bith é sin le suí siar anois agus dearmad a dhéanamh ar na geallúintí a rinneadh aimsir reifrinn.

Inniu lá na cáinaisnéise, an chéad teist ar gheallúintí an Rialtais. B’ábhar mór gaisce acu leas agus cearta páistí le linn an fheachtais reifrinn, mhaíodar go raibh siad i gcroílár a gcuid polasaithe.

Más fíor atá tuartha le seachtain faoi chiorrú de €10 ar shochair leanaí beidh sé deacair acu leanacht leis an maíomh.

Cé go bhfuil daoine ann nach ndéanfadh laghdú mar sin aon difríocht dóibh d’fhágfadh sé tuismitheoirí eile, go háirithe tuismitheoirí aonair, ar an ngannchuid.

Beidh tuismitheoirí agus lucht abhcóidíochta ag faire go géar inniu ar chiorraithe oideachais agus laghdú ar liúntais dóibh siúd le míchumas gur páistí a lán acu.

Beifear san airdeall freisin faoi na scéimeanna pobail a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta do theaghlaigh agus do pháistí.

An chéad reachtaíocht ar na bacáin – agus an ceann a raibh an oiread sin béime á leagan air ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald – ná an reachtaíocht uchtála.

Cheadódh sin páistí, ar le lánúin phósta iad agus atá faoi chúram fadtréimhseach an Stáit, a uchtáil.

San am céanna ar foilsíodh an fhoclaíocht don reifreann, foilsíodh scéim don reachtaíocht uchtála ionas go mbeadh a fhios ag an bpobal céard dó a raibh siad ag vótáil, dar leis an Rialtas.

Bundréacht is ea é den Bhille a rachaidh os comhair na Dála ach dheimhnigh urlabhraí an Aire nach dtarlódh sé sin go dtí an bhliain úr am éigin.