Ní fada feabhas - Tánaiste
Tá an Tánaiste Eamon Gilmore diongbháilte de go n-athróidh cúrsaí sa bhliain úr agus tá níos mó dóchais aige ná mar a cheapfá go n-éireoidh leis na spriocanna go léir atá leagtha amach aige don bhliain a bhaint amach.
Cheana féin tá sé ag caint faoi ré nua iarchúlaithe agus ag rá lena Theachtaí Dála agus lena Sheanadóirí go gcaithfidh siad a bheith ullamh don fhéidearacht sin.
Chomh maith leis sin, tá sé ag leagan amach clár mór oibre, ní amháin don Rialtas ach don Aontas Eorpach ar a bhfuil Éire ina huachtarán ar feadh sé mhí.
“Beidh Éire ina huachtarán ar an aontas don chéad leath de 2013 agus tá téama againn. Tá muid ag cur béime ar fhostaíocht, ar fhás agus ar réiteach a fháil ar na ceisteanna lárnacha eacnamaíochta atá ag bagairt ní amháin ar Éirinn ach ar an Eoraip chomh maith,” a deir sé le linn agallaimh i nGaeilge le The Irish Times.
“An rud is suntasaí ná go bhfuil príomhaidhmeanna na tíre comhthreomhar le príomhaidhmeanna na hEorpa. An dúshlán is mó roimh an tír seo ná fostaíocht a chur ar fáil agus sin í an chonstaic chéanna san Eoraip chomh maith.
“Tá 26 milliún duine dífhostaithe ar fud na hEorpa; go háirithe daoine óga. Tá 20 faoin gcéad d’aos óg na hEorpa gan post ag an am seo. Tá cás práinneach ann le polasaithe agus socruithe a chur chun cinn, agus go tapa, ar leibhéil éagsúla.”
Ag iompú go gné eile de sceideal na huachtaránachta, deir sé go ndéanfaidh an Rialtas tréaniarracht an tionscnamh chun an margadh comónta agus aonarach a chríochnú i mbliana: “Tá sé soiléir go gcaithfidh muid forbairt mhór a dhéanamh maidir leis an gceist sin.
“Chomh maith leis sin, tá an margadh digiteach an-tábhachtach agus caithfidh muid é sin a chothú. Is ábhar spéise agus tábhachta é sin go háirithe don aos óg atá ar a gcompord le teicneolaíocht de gach cineál.”
Nuair a tháinig an comhrialtas chun oifige, leathnaíodh cúraim Gilmore mar Aire Gnóthaí Eachtracha sa mhéid is go raibh freagracht nua air i dtaobh pholasaithe trádála an Rialtais. Meabhraíonn sé nasc díreach idir a chúraim sa bhaile agus a chúraim Eorpacha: “Beidh béim faoi leith chomh maith ar thrádáil. Tá aontais nua thrádála le socrú le tíortha mór le rá: Ceanada; an tSeapáin; Singapore agus na Stáit Aontaithe.
“Labhair mé féin leis an Rúnaí Stáit Hillary Clinton nuair a bhí sí in Éirinn roimh an Nollaig mar gheall ar an ábhar sin. Tá na Stáit Aontaithe toilteanach dul i mbun cainte linn anseo san Eoraip ar aontas nua trádála a réiteach.”
