Níl an dara rogha ann - beidh orm aghaidh a thabhairt ar an aclaíocht

Tá go leor daoine amuigh ansin nach dtaitníonn liom

Tá go leor daoine amuigh ansin nach dtaitníonn liom. Ach ar bharr an liosta, bheadh na pleidhcí sin a chuireann teachtaireachtaí inspioráideacha ar Facebook – “níl aon srianta ort ach na srianta a chuireann tú ort féin,” agus a leithéid de sheafóid.

Nílim ag iarraidh a léamh faoin dian-aclaíocht atá díreach déanta acu agus póit orm. Nílim ag iarraidh breathnú ar ghrianghraf den uibheagán ardphróitéin atá ite acu agus mise ag alpadh siar sceallóg in Abrakebabra.

Tugadh inspioráid mhór dom ar bhealaí eile ar na mallaibh, áfach: eagla agus éad.

I mí Eanáir a thosaigh sé. Bhí seanbhean sa seomra folctha liom. Is cuma cé mhéad achainí a rinne mé uirthi, dhiúltaigh sí fágáil. D’iarr mé uirthi go béasach dul suas agus fanacht san áiléar agus ligint dom leanúint ar aghaidh le mo chuid ragaireachta. Ach ba léir dom nach mbeadh sé chomh héasca sin fáil réidh léi.

READ MORE

Tá na foláirimh faoin saol ar an drabhlás cloiste ag gach duine – an scáth ar an scamhóg, an aicíd ar an ae, an crá ar an gcroí – ach ní go dtí go bhfaca mé an tseanbhean sa scáthán a thuig mé go raibh gá le hathrú. Cás de “Scáthán i mí Eanáir” a bhí ann, go cinnte.

Tháinig an t-éad ina dhiaidh sin. Beidh mo dhlúthchara ag pósadh san Iodáil i mí an Mheithimh agus beidh mise mar chailín coimhdeachta aici.

Chuaigh mé in éindí léi le déanaí le breathnú ar a gúna arís. Bhíomar beirt istigh sa seomra gléasta agus bhain sí a cuid éadaí di féin. Baineadh siar asam. Bhí a corp inchurtha le corp Jessica Ennis. “Bitseach,” a dúirt mé liom féin. “Tá tú go haoibhinn ar fad,” a dúirt mé léise.

Ní bhfuair sí an corp sin ag dul ar shiúlóidí liom ceithre oíche sa tseachtain. Bhí sí ag déanamh aclaíochta sa mbreis i ngan a fhios dom. Ní raibh aon mhíniú eile air.

Géarchéim a bhí ann. Nílim ag iarraidh go mbeidh gach uile dhuine ag breathnú uirthise seachas ormsa lá a bainise.

D’imigh na toitíní ar dtús. Tá siad amaideach ar aon nós. Céard a fhaigheann duine astu? Seachas ailse, ní fhaigheann tú rud ar bith ó thoitíní.

Is cuimhin liom go maith agus mé i mo pháiste ag cur snaidhme i dtoitíní m’athar, mar a bhí le feiceáil i bhfógraí teilifíse an lae. Agus bhí an ceart ar fad agam. Tagann ciall roimh aois.

Gluaiseacht rúnda

Ach bhí sé ní ba dheacra an chéad dúshlán eile a shárú: aclaíocht.

Ó tharla an eachtra sa seomra gléasta le mo chara, táim go mór in amhras faoi mo chuid cairde uilig. Bím ag breathnú ar a gcorp agus táim go láidir den bharúil go mbíonn siad uilig ag dul amach faoi choim na hoíche ag rith.

Is gluaiseacht rúnda í. Ní admhaíonn aon duine é. “Ní dhéanaimse aon aclaíocht,” a deir siad. “Siúlaim ar obair. Sin an méid.”

Shocraigh mé dul isteach i mo bhall den ghluaiseacht rúnda seo le cara eile de mo chuid atá go hiomlán frith-aclaíocht.

“An dóigh leat gur chóir dúinn ár bhfóin a thabhairt linn?” a d’fhiafraigh mé di agus muid ag fágáil an tí le dul amach “ag rith” den chéad uair.

“B’fhearr dúinn ceann amháin a thabhairt linn ar a laghad,” arsa sise “ar eagla go mbeidh orainn glaoch ar otharcharr.”

I ndiaidh trí nóiméad shíl mé go mbeadh orm an glaoch sin a dhéanamh.

“An bhfuil tú ceart go leor?” arsa mo chara.

“Iontach!” arsa mise, ag insint bréag lom. Ba chuma liom go raibh mé ar tí dul trí thine ar an toirt, bhíos meáite ar an lámh in uachtar a fháil uirthi.

Tháinig an céasadh chun críche tar éis dhá mhíle. Agus thug mé rud éigin aisteach faoi ndeara. Na drochnósanna uilig atá agam, is nósanna iad a mbraithim go hiontach fúthu lena linn – ag ól fíona, ag ithe ceibeabanna, ag breathnú ar Tallifornia – ach braithim go holc ina ndiaidh. A mhalairt ar fad atá i gceist le reathaíocht, áfach: braithim uafásach lena linn ach iontach ina diaidh.

Tá an “Scáthán i mí Feabhra” níos tarraingtí, gan amhras. Níl an tseanbhean imithe léi go hiomlán go dtí an t-áiléar go fóill.

Táim fós ag obair air sin. Tá ceithre mhí fágtha sula mbeidh bainis mo charad ann agus má leanaim ar aghaidh mar atáim, beidh mé ar an duine is aclaí agus is sláintiúla ann.

Coimeádfaidh mé ar an eolas thú...