Lydia a leigheas a lán

Tue, Oct 23, 2012, 01:00

BEOCHEIST:Have you heard of Lydia Pinkum,

And her love for the human race?

How she sells (she sells, she sells) her wonderful compound,

And the papers publish her face? – Lily the Pink

TÁ ÁR gcuimhní ar Italia ’90 ag dul in éag de réir a chéile. Glúin Éireannach amháin, (glúin na bhfear ach go háirithe), déarfaidís fós gurbh iad na “laethanta ab fhearr dár saol iad”.

Tá tuiscint anois againn ar an mothú aisteach ceiliúrtha a ghlac seilbh orainn ag an tréimhse sin. Bhí na bratacha ar foluain ar fud na tíre agus i measc na nÉireannach thar lear.

Ceiliúradh náisiúnta fiáin a tharla chuile sheachtain roimh agus i ndiaidh na gcluichí sacair. Bhí an cine Gael ar mire. Cuimhnigh arís ar na ciceanna pionóis i gcoinne na Rómáine.

Tharraingíomar anáil mhór náisiúnta araon sular thóg fear Ailt an Chorráin, Packie Bonner, an léim eacstaiseach sin san aer. Chuireamar eolas ceart ar thallann uafar Phavarotti agus Nessun Dorma á rá aige. Agus bhí an t-amhrán Put them under Pressure ina amhrán náisiúnta nua againn.

Duine de laochra Italia ’90 ab ea an Learphollach John Aldridge. Bhí sé i Luimneach le déanaí ag múineadh chleasa an tsacair do leanaí na cathrach agus bhí sé de phribhléid agam lámh a chroitheadh leis. Fear níos deise ní bhuailfeá leis go deo.

Níor chualamar mórán faoin méid a thit amach tar éis do na himreoirí sin éirí as agus an spotsolas a thréigean. Inniu, oibríonn Aldo mar thráchtaire sacair le Sky ó am go a chéile. An uair dheireanach a raibh Aldo i mbéal an phobail Éireannaigh ná nuair a ghlac sé páirt sa chomórtas stáitse You’re a Star ar RTÉ.

Cé gur admhaigh sé gurbh ar éigean a raibh nóta ina cheann aige, bhuaigh Aldo an comórtas céanna. Chan Aldo dhá amhrán ar an gclár deireanach sin, Ring of Fire le Johnny Cash agus an bailéad bríomhar Lily the Pink, amhrán a bhfuil curfá mealltach aige agus dlúthbhaint aige le cathair Learphoill.

An t-amhrán mar a chantar inniu é, is nuachóiriú ar sheanbhailéad i bhfad níos sine é, amhrán Meiriceánach dar teideal The Ballad of Lydia Pinkham.

Ceiliúradh greannmhar raibiléiseach atá i liricí an amhráin seo ar leigheas a bhí ag Lily ar mhíchompord míosúil na mban. Bhí an t-amhrán ina chnag ag an ngrúpa Sasanach The Scaffold um Nollaig 1968, grúpa a raibh baint ag an bhfile clúiteach Learphollach Roger McGough leis ar feadh tréimhse.

Leagan eile den amhrán céanna d’éirigh go han-mhaith leis sna cairteacha cúpla mí ina dhiaidh sin arís, sna Stát Aontaithe ach go háirithe. Ag an mbanna tíre The Irish Rovers a bhí an tsingil sin.

Rinne Aldo rogha chliste nuair a shocraigh sé an t-amhrán Lily the Pink a chasadh an t-am sin.

Ach cérbh í an Lydia seo atá faoi chaibidil sna liricí agus a thairg an cógas leighis neamhghnách sin an chéad lá riamh?

Bean Mheiriceánach darbh ainm Lydia Pinkham (1819-1883) a chruthaigh an leigheas luibhe seo an chéad lá riamh agus a spreag an t-amhrán céanna. I gcathair thionsclaíoch Lynn, Massachusetts, a rugadh Lydia, an deichiú leanbh le William agus Rebecca Estes, teaghlach ar bhaill de Chumann na gCairde iad.

Ba ghníomhairí láidre frithsclábhaíochta iad na Estes, bhí an t-iar-sclábhaí agus feachtasóir frithsclábhaíochta ina chomharsa agus ina chara teaghlaigh acu, William Lloyd Garrison.

Phós Isaac Pinkham, díoltóir bróg, Lydia sa bhliain 1843 agus rugadh ceathrar páistí dóibh – (páiste eile fuair sé bás go hóg).

Cosúil le go leor ban eile ag an tréimhse sin, bhí glaoch ar Lydia i ngeall ar na leigheasanna baile a ghrúdaigh sí, leigheasanna luibhe a bhformhór. San am sin, ba riachtanach an rud é freastal ar luibheolaí nó “olltach” mná toisc ag lucht rachmais amháin a bhí an t-airgead chun freastal ar dhochtúirí cáilithe.

Ní raibh aon rath ar ghnólachtaí Isaac agus bhí an bochtanas ag drannadh ar Lydia agus na páistí. Lá amháin, rith an smaoineamh léi go mba cheart di an cógas a bhí aici do “ghearáin na mban”, cógas a raibh an-tóir air, go mba cheart di é a sholáthar ar bhonn tráchtála agus chuaigh sí i mbun margaíochta.

Ní fada go raibh gnó ollmhór tógtha ag Lydia, gnó a raibh a scileanna margaíochta iontacha mar thaca leis.

Is follas go raibh an t-amhrán Lydia the Pink seo aitheanta san Eoraip faoi thús an chéid seo caite mar léiríonn cuimhní cinn éagsúla ón dtréimhse sin go raibh an t-amhrán (agus leaganacha níos tíriúla agus níos greannmhaire de ná mar atá le fáil inniu) á chanadh ag saighdiúirí na Breataine i dtrinsí an Chéad Chogaidh Dhomhanda.