Ligigí a ceann leis an Ghaeltacht - mura bhfuil sé rómhall
SEOSAMH MAC Grianna, údar, a scríobh sa bhliain 1926: “Ní maith an focal “Gaeltacht” le bheith ag ceann scríbhinne. Táthar ag scríobh ar an Ghaeltacht le deich mbliana fichead, agus go minic ag scríobh go maol uirthi.
“Ar an ábhar sin, an scríbhneoir a rachas a sheanchas fán Ghaeltacht fán am seo de lá, ní iontas eagla a bheith air go dtiontóidh an léitheoir an duilleog i ndiaidh an t-ainm a fheiceáil, agus nach bhfanann sé go lé sé an chaint atá ag teacht ina dhiaidh.”
Seans mór go bhfuil tú ag teacht leis an Ghriannach agus an oiread sin cainte, agus, leoga, histéire faoi Bhille na Gaeltachta “fán am seo de lá” agat.
Tá an daonlathas i ndiaidh bás a fháil sa Ghaeltacht, is cosúil.
Ní hea. Tá Dinny “The Destroyer” McGinley i ndiaidh é a mharú as athrú a mholadh ar bhord Údarás na Gaeltachta agus 12 comhalta a chur in áit 20 duine, más fíor d’Fianna Fáil agus do Shinn Féin. (Cad é eile a mbeifeá ag súil leis ó fhionnlaoch ach bás agus míle murdar?)
Ach is aisteach an neach é an daonlathas agus ionadaíocht. Tá 16 comhalta ar bhord Fhoras na Gaeilge, mar shampla, eagras thuaidh/theas atá in ainm is a bheith freagrach as forbairt na teanga sna 32 contae.
Agus 20 atá ar bhord an údaráis agus iad freagrach as an teanga i seacht gcontae.
Bhronn Fianna Fáil Foras na Gaeilge ar lucht na Gaeilge sa Stát seo mar chuid de phróiseas na síochána gan mórán airde a thabhairt ar dhaonlathas agus bhí na páirtithe polaitíochta ar fad – Fianna Fáil, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na PDanna agus, leoga, aontachtaithe an Tuaiscirt – sásta comhaltaí a cheapadh faoin chóras nua: ochtar do na sé chontae i dTuaisceart Éireann agus ochtar do 26 contae an Stáit seo. Daonlathach?
Ba é an foras a bhronn, lena sheal féin, an tSamhail Nua Mhaoinithe ar na heagrais dheonacha chéanna, samhail a chothaigh iaróg ar feadh i bhfad agus is beag aird a tugadh ar dhaonlathas lena linn sin.
Tuigeann tú do Shinn Féin agus an imní mhór atá orthu faoin daonlathas. Coincheap measartha nua acu é an daonlathas agus ní mór súil ghéar a choinneáil ar Fhine Glic agus a gcuid seifteanna. Aire na Gaeltachta ag ceapadh daoine ar bhord! Náireach!
(Agus b’fhéidir nár mhiste sliocht beag eile as saothar Mhic Grianna a chur anseo fosta: “Is é an difear mór atá idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, gur throid Éire ar son a saoirse agus gur chaill sí a teanga, bunús; agus gur choinnigh an Bhreatain Bheag a teanga ach nár thóg sí arm le troid ar a son féin le 500 bliain.”)
